ÓMÓS: Diarmuid Ó Doibhlin – fear nárbh ábhar teibí sa seomra ranga aige an Ghaeilge

Ba léachtóir spreagúil agus scoláire a raibh saineolas aige ar chuid mhór de ghnéithe na Gaeilge é Diarmuid Ó Doibhlin

ÓMÓS: Diarmuid Ó Doibhlin – fear nárbh ábhar teibí sa seomra ranga aige an Ghaeilge

B’fhear ildánach é Diarmaid Ó Doibhlin, a fuair bás in aois a 75 bliain sa teach s’aige i Machaire Fíolta, Co Dhoire. Ba léachtóir spreagúil le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, é. Ba scoláire é a raibh saineolas aige ar chuid mhór de ghnéithe na Gaeilge. B’fhear é a bhí i gcroílár imeachtaí Gaeilge ina cheantar féin é, ba staraí é, b’fhile é a mhairfidh a shaothar agus ba pheileadóir maith Gaelach é freisin.

Rinne sé na glúnta mac léinn a theagasc ar an Ollscoil le linn a thréimhse 30 bliain mar léachtóir. Thar aon rud eile, bhí sé ar thaobh na mac léinn i gcónaí. Thuig sé gur daoine óga iad a mbeadh fadhbanna acu agus rinne a dhícheall cuidiú leo.

Ní ábhar teibí sa seomra ranga aige an Ghaeilge. Rang a bhí i mbun staidéir ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, thug sé go Múscraí iad go bhfeicfidís na háiteanna mar ar tharla na heachtraí.

Thug sé saoirse do mhic léinn chomh maith. Bhíodh dualgas orthu miontráchtas a dhéanamh sa bhliain deireanach don chéim ach lig sé do Shéamas Mac Annaidh dul i mbun na scríbhneoireachta cruthaithí. Chuir Séamas cuid den ábhar a chum sé don chéim isteach ina úrscéal Cuaifeach Mo Londubh Buí.

Mar scoláire, bhí cur amach leitheadach aige ar chuid mhór de léann na Gaeilge, ó ré na luath-Chríostaíochta go dtí ré na nualitríochta agus beagnach chuile rud eatarthu. Thuig sé go háirithe an tábhacht atá leis an Ghaeltacht, agus le hoidhreacht bheo na Gaeltachta.

Thug sé leis an chuid is fearr den oiliúint acadúil ón seanghlúin scoláirí a chuaigh roimhe. Bhí cur amach aige ar an Laidin, a d’fhág ceangal aige le léann na hEorpa. Bhí an sean agus an nua araon sa dearcadh agus sa chur chuige teagaisc agus taighde a bhí aige.

Níor rud acadúil aige an Ghaeilge, ach cuid dá shaol. Minic go maith, ba obair chiúin a rinne sé ar son na teanga ina cheantar féin, obair a leag síos bunsraith don bhorradh atá anois faoin teanga ann.

Siar i 70í an chéid seo caite, bhí sé ar bhunaitheoirí an South Derry Gaelic Centre. D’eagraigh siad ranganna agus cainteanna sa cheantar. Ainneoin gur cheantar an-chorraithe ag na Trioblóidí é rinne an Centre dul chun cinn i measc an phobail ar fad nó gur tháinig deireadh leis le linn na mblianta ba chorraithí.

Ba staraí áitiúil é, a rinne taighde agus a bhí ar bhunaitheoirí an South Derry Historical Society.

Scríobh sé go leor faoi stair Chontae Dhoire, faoi Ghlinnte Aontroma agus faoi oidhreacht na Plandála in Ulaidh. Bhí sé ina bhall gníomhach de Chumainn Staire Ard Mhacha agus Dhomhnach Mór i dTír Eoghain freisin.

Ar na leabhair a scríobh sé bhí Briseadh na Cora, Ón Chreagán go Ceann Dubhrann, Duanaire Gaedhilge, Drumaí Móra agus beathaisnéis Niocláis Uí Chearnaigh.

B’fhile cumasach é, a chuir dhá chnuasach amach. Mairfidh a shaothar, go háirithe b’fhéidir ‘Loch na Craoibhe’, a bhaineann leis an dúchas aige: “Amuigh ar an oileán chraobhach sin/ Ionad foscaidh ag Gaeil, port aireachais na muintire.”

Ba pheileadóir maith é agus bhí sé ina chaptaen ar mhionúir Dhoire agus ar fhoireann Choláiste Phádraig, Ard Mhacha. D’imir sé tamall dá chlub féin, An Lúb. I ndiaidh dó éirí as an imirt, bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord an Chontae.

Rugadh ar an Lúb i ndeisceart Dhoire é, ceantar atá i nDeoise Ard Mhacha agus fuair sé a chuid meánscolaíochta dá bharr i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha. Bhí an Ghaeilge láidir sa scoil ag an am.

Chuaigh sé ansin go Má Nuad, mar ábhar sagairt, mar a ndearna sé céim sa Léann Ceilteach. Shocraigh sé gan dul leis an sagartóireacht agus rinne MA i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Chaith sé sealanna ag teagasc i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha agus i gColáiste Oiliúna Naomh Muire i mBéal Feirste, sula ndeachaigh sé go hOllscoil Uladh.

Fágann a imeacht folús mór i saol na Gaeilge, ach cronóidh a mhuintir go háirithe é. Maireann a bhean Theresa, a chlann Crónán, Medb, Sinéad, Éamonn, Cáitlín agus Donncha, a gharchlann agus cairde leis.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Diarmuid Ó Doibhlin – fear nárbh ábhar teibí sa seomra ranga aige an Ghaeilge'

  • Mánus

    Ní “cur amach” ar an Laidin a bheadh ag duine den ghlúin sin bheadh dianstaidéar déanta acu ar saothair le hOvid, Caesar, Virgil agus Cicero ar an mheánscoil. Leabhair gramadaí den sraith Longman’ Latin ar eolas go maith acu. Féach na haistriúháin go Béarla a rinne Paul Muldoon agus Séamus Heaney ar Virgil. Ní ón ngaoth a thóg an Doibhlínrach an t-eolas ar an Laidin.

  • Póilín

    Fear uasal, fear scéil, comhluadar den scoith mar bharr ar a scoláireacht. Is boichtede sinn go léir a imeacht

  • frainc

    ‘Scoláire’ ina chiall cheart leathan iltréitheach. Ach bhí rud de bhreis ar an scoláireacht aige. Féach gur thug sé a dhaltaí ar an aistear fada ó dheas go Músgraí chun atmasféar an ‘Caoineadh’ a análú. B’in ómós, úrísleacht, meas agus tuiscint i dteannta a chéile agat. Ní dhéanfadh mórán eile a leithéid. Beidh sé deacair a mhacasamhailt a fháil, deirimse leat.

  • Mise Áine

    @ach cronóidh a mhuintir go háirithe é.

    Comhbhrón ó chroí leo uilig.

    @Fágann a imeacht folús mór i saol na Gaeilge

    Aontaím, a chara.

  • Pádraig

    Laoch den scoth ar shlí na fírinne. Fear a spreag is a thacaigh leis na glúnta a bhí ag teacht ina dhiaidh.