Ómós cuí tugtha ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge d’oidhreacht shaibhir Liam Uí Mhuirthile

Fuarthas spléachadh ar fhairsinge shaothar Liam Uí Mhuirthile ag ócáid bhreá in Áras Éigse Éireann le déanaí

Ómós cuí tugtha ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge d’oidhreacht shaibhir Liam Uí Mhuirthile

Bhí Áras Éigse Éireann i gCearnóg Pharnell Bhaile Átha Cliath lán le filí agus lucht litríochta an tseachtain seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Liam Ó Muirthile, an file agus údar a d’imigh uainn róluath breis is bliain ó shin.

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge a d’eagraigh an ócáid.

Idir dhá mhír cheoil le Iarla Ó Muirthile ar na píoba, léigh filí éagsúla a rogha féin de shaothar Liam dúinn agus ba stuama mar a stiúir Sinéad Ní hUallacháin, bean an tí, cúrsaí.

Aithne gheataí na scoile a bhí ag Biddy Jenkinson ar Liam agus dúirt sí gur gheall le hollscoil scairte geataí Scoil Lorcáin agus teaghlaigh éagsúla ag cruinniú ann ag cíoradh an tsaoil. Aithne an oide atá ag Mícheál Ó Ruairc ar fhilíocht Liam agus aithne an léirmheastóra a bhí ag Áine Ní Ghlinn air. Is léir gur mhaith Mícheál Ó hUanacháin do Liam a thagairt do ‘Ó hUanacháin ag méileach’ agus thug léamh Mhichíl a cheart do shaothar a chara. Réimse leathan dánta snoite fuinte, á reic mar is cóir ag buíon chumasach filí.

Ní taobh leis an bhfocal amháin a bhíomar. Thug Aisteoirí Bulfin radharc as Fear an Tae dúinn. Léigh Sinéad Ní hUallacháin dhá dhán a bhain le ceol na píbe agus an píobaire Peter Browne ag seinm in éineacht léi. Rinne beirt de cheannródaithe ‘Na Fíréin’ dhá dhán le Liam a chanadh – ceann a chanadh siad ag seónna an ghrúpa, ‘Amhrán Sóláis’, agus dán eile a tháinig as cuairt a thug Liam ar Ghearóid Ó Murchú agus cónaí airsean i gcoill sa Spidéal.

Léiríodh scannán breá a chuir mac Liam, Rónán, le chéile agus giotaí físe ann ó ré Liam le RTÉ agus ina dhiaidh sin. Filíocht físe agus fuaime a bhí i gceist anseo agus is trua nach raibh trealamh a dhiongbhála ar fáil lena cheart a thabhairt don saothar.

Rinne Louis de Paor, a labhair ag sochraid Liam, píosa cainte freisin faoin saothar a d’fhág Liam le huacht againn – filíocht, iriseoireacht, drámaíocht agus ficsean – saothar ar ionann é agus droichead creathach teanga a tógadh idir an Ghaeilge agus an Cork Demotic as ar fáisceadh Liam. Ceardaí focal a chaith dua lena cheird ab ea é agus a thug aitheantas ina cheird do cheardaithe eile, idir oibrithe láimhe agus intinne. File ab ea Liam a raibh tuiscint aige don dá dhream agus a rinne iad a cheiliúradh ina chuid scríbhneoireachta.

Spléachadh a bhí san ócáid dheas seo ar an saothar fairsing a d’fhág sé againn agus bhí an oíche ann a bhuíochas le hÉigse Éireann agus Aontas na Scríbhneoirí.

Dúirt Liam gur teanga bheag í an Ghaeilge – ach ní raibh aon rud beag ná suarach faoin saothar rinne sé, saothar atá fós mar spreagadh ag daoine eile idir cheoltóirí, scannánóirí, fhilí agus léitheoirí.

Mar sin a bheidh go ceann i bhfad.

Fág freagra ar 'Ómós cuí tugtha ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge d’oidhreacht shaibhir Liam Uí Mhuirthile'