Peadar Ó Cúláin – aisteoir cumasach, craoltóir cruinn agus fear séimh, mánla is macánta

Tugadh scata de chairde agus d’iar-chomhoibrithe Pheadair le chéile ar RnaG le gairid gur thug siad cuntas thar a bheith nádúrtha ar a thréithe agus ar a chuid oibre

Peadar Ó Cúláin – aisteoir cumasach, craoltóir cruinn agus fear séimh, mánla is macánta

Peadar Ó Cúláin

Is mór an chreidiúint atá ag dul do lucht an chláir Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as an ómós a chaith siad le Peadar Ó Cúláin, an t-aisteoir agus an craoltóir a fuair bás le gairid. Thug siad scata dá chairde agus dá iar-chomhoibrithe le chéile gur thug siad cuntas thar a bheith nádúrtha ar a thréithe agus ar a chuid oibre.

Dúirt Mártan Ó Ciardha gur fear séimh, ciúin, mánla, macánta a bhí ann. Ní raibh tóir ar bith aige ar achrann ná ar aighneas. Dá mbeadh aon bhaol ann go gcuirfeadh duine eicínt as dó ba é an chaoi a bhfanadh sé as bealach an duine sin ar fad.

Tugadh faoi deara an-luath ina shaol gur duine meabhrach a bhí ann. Chruthaigh sé sin nuair a fuair sé scoláireacht le linn dó a bheith sa mbunscoil.

An-Ghaeilgeoir a bhí ann, a dúirt Mártan. Bhí suim thar na bearta aige i bhfocla agus i leaganacha Gaeilge. Dá mbeadh leagan eicínt ag dul ó mheabhair ort, a dúirt Mártan, b’fhiú duit glaoch ar Pheadar. Ba bhreá a chuirfeadh sé ar an eolas tú ar an mbealach lách tuisceanach a bhí leis.

Bhí aithne agus eolas mór ag Máirtín Jaimsie air. Chaith Máirtín deich mbliana ag obair sa teach tábhairne An Droighneán Donn sa Spidéal. Bhíodh Peadar isteach ann agus chaith sé seal ag obair ann é féin.

Bhí an-suim go deo ag Máirtín agus ag Peadar sa drámaíocht. Ba léir go raibh meas ag Peadar ar chumas aisteoireachta agus léiritheoireachta Mháirtín.

Is cuimhin liom a bheith ag breathnú orthu i stiúideo Raidió na Gaeltachta lá a raibh mír á léiriú ag Máirtín. B’fhacthas do Mháirtín go raibh Peadar ag labhairt ró-ard.

“Thuas ar an stáitse a cheapann sé atá sé i gcónaí,” a dúirt Máirtín agus chuaigh sé isteach gur mhínigh sé do Pheadar go raibh micreafón cumhachtach amach ar a aghaidh.

Ní chreidfeá ach chomh humhal agus a ghlac Peadar lena threoir.

Rinne Caitlín Uí Chonghaile agus Máire Phíotair Uí Dhroighneáin cur síos ar an am a mbíodh Baile an Droichid á thaifeadadh acu. An gáirí a dhéanaidís is mó a thug siad chun cuimhne.

Bhí líne ghreannmhar le rá ag Peadar lá agus bhuail racht gáirí é. B’éigean dó a dhul amach as an stiúideo ar fad go gcuirfeadh sé an racht thairis.

Tugadh faoi deara chomh paiteanta agus a dhéanadh sé aithris ar Phoncánach sa dráma. Dhéanadh sé chomh maith é gur cheap daoine gur chaith sé seal maith i Meiriceá. Níor chaith.

Ar an scairt bhreá gháirí a bhí aige a chuir Ciarán Ó Fátharta béim, air sin agus ar an gcaoi a bhféadfadh sé brath air i gcónaí. Bhí sé dílis, oibleagáideach a dúirt sé.

Dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go raibh an-mheas aige ar an stáisiún agus ar na daoine a bhí ag obair ann.

Chuimhnigh Máire de Bhailís agus Cáit de Bhailís ar chomh cuiditheach agus a bhí Peadar sa seomra nuachta.

Aríst bhí neart scéalta acu faoi na laethanta a chaith siad ina chuideachta. Chuir siad síos go háirid ar an mbabhta a raibh fuireach calaidh orthu in Inis Mór. Lig siad uathu an bád trí nó ceathair de chuarta i gcaitheamh an tráthnóna. Ba é Gearóid Mháirtín Bán a thug go Ros a’Mhíl sa deireadh iad i mbád pléisiúir.

Mhol Josie Chóilí Óg Peadar go hard. Bhí sé in éineacht leis anuraidh sa dráma deireanach a raibh Peadar páirteach ann.

Ar ndóigh bhí Peadar i ndrámaí teilifíse freisin. Rinne Niall Mac Eachmharcaigh cur síos ar an obair a rinne sé sna drámaí C. U. Burn, Ros na Rún, agus i ndrámaí eile nach iad.

Fág freagra ar 'Peadar Ó Cúláin – aisteoir cumasach, craoltóir cruinn agus fear séimh, mánla is macánta'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leat Peadar