Ollscoil na Gaillimhe fós gan Ollamh le Gaeilge ag tús bliain acadúil nua

Níl an folúntas le comharba a cheapadh ar an Ollamh Gearóid Denvir fógartha fós ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, breis agus bliain tar éis dó éirí as an bpost sin

An t-Ollamh Gearóid Denvir a d'éirigh as a phost in ÓÉG i samhradh 2014
An tOllamh Gearóid Denvir a chuaigh ar scor óna phost in ÓÉG i samhradh 2014

Níl an post mar Ollamh le Nua-Ghaeilge, atá follamh le breis agus bliain, líonta fós in Ollscoil na Gaillimhe agus tús á chur le bliain acadúil nua inniu.

Níor líonadh an folúntas a fágadh nuair a d’éirigh an tOllamh Gearóid Denvir as a phost i samhradh na bliana 2014 agus tá an chuma ar an scéal anois go mbeidh an bhliain 2016 ann ar a luaithe sula líonfar an post anois.

Níl fógra faoin bhfolúntas déanta ag an Ollscoil fós, rud a chiallaíonn nach bhfuil tús curtha leis an bpróiseas earcaíochta.

Ní raibh urlabhraí ar fáil thar ceann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le míniú a thabhairt ar an moill ná eolas a thabhairt faoin uair a líonfar an post. Tá súil le ráiteas ón Ollscoil go luath, áfach.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hábhair a mbíonn éileamh mór orthu ag mic léinn don chúrsa B.A. agus tá an roinn sin de chuid na hOllscoile ag feidhmiú gan ceannasaí buan ó d’éirigh an tOllamh Denvir as a chuid oibre.

Lena chois sin, tá Roinn na Gaeilge ar an roinn is mó i Scoil na dTeangacha san Ollscoil agus is iondúil go mbeadh thart ar 500 mac léinn ag déanamh staidéir ar an teanga ag leibhéil éagsúla ann.

Bhíodh dualgais reachtúla ar leith ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i dtaca leis an nGaeilge go dtí an bhliain 2006 ach rinneadh maolú ar na dualgais sin. Fós féin, tá sé mar chúram ar an Ollscoil faoi Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006 ‘go mbeidh oideachas á sholáthar trí mheán na Gaeilge i measc na bpríomhaidhmeanna’ a bheidh ar an gcoláiste agus go ndéanfar foráil den chúram sin ‘i ngach plean forbartha straitéisí’ de chuid an choláiste. 

Is ar na hollúna a thiteann sé freagracht a ghlacadh as ceannaireacht straitéise agus acadúil in aon roinn de chuid na hOllscoile agus bíonn siad freagrach as cúrsaí nua a fhorbairt, agus ról ceannaireachta a bheith acu i gcúrsaí taighde.

Tá an Dr. John Walsh ag gníomhú mar Cheann Roinne ar bhonn sealadach nó go gceapfar ollamh nua.

Dá gceapfaí duine seachtrach don fholúntas, d’fhéadfadh go mbeadh moill shuntasach i gceist fad is a bheidís ag tabhairt fógra don té a cheapfaí.

Fág freagra ar 'Ollscoil na Gaillimhe fós gan Ollamh le Gaeilge ag tús bliain acadúil nua'