Ollscoil na Banríona ‘sásta’ bualadh le Cumann Gaelach agus conspóid ann faoi chomharthaí Gaeilge a bheith ‘offensive agus intimidatory’

Deir OIllscoil na Banríona, Béal Feirste go bhfuil siad sásta bualadh le Cumann Gaelach na hollscoile ach níor thug siad aon soiléiriú maidir le ráiteas conspóideach faoi éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach

Ollscoil na Banríona ‘sásta’ bualadh le Cumann Gaelach agus conspóid ann faoi chomharthaí Gaeilge a bheith ‘offensive agus intimidatory’

Tá údaráis Ollscoil na Banríona sásta bualadh le Cumann Gaelach na hollscoile agus conspóid mhór ann mar gheall ar dhearcadh na n-údarás faoi éileamh go gcrochfaí chomharthaí Gaeilge ar champas na hinstitiúide tríú leibhéal i mBéal Feirste.

I litir a seoladh go dtí an Cumann Gaelach níos túisce an mhí seo thug Oifig an Leas-Sheansailéara  ke fios go mbeadh comharthaí Gaeilge ar champas Ollscoil na Banríona, Béal Feirste “provocative, offensive and intimidatory”.

I ráiteas a tugadh do Tuairisc.ie tráthnóna inné, dúirt urlabhraí de chuid na hOllscoile go rabhthas sásta cruinniú a bheith acu leis an gCumann Gaelach i bhfianaise na conspóide, ach níor thapaigh siad an deis soiléiriú a thabhairt maidir lena ndearcadh faoin éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach.

Dúirt urlabhraí na hOllscoile le Tuairisc.ie gur léiriú ar “thiomantas láidir” na hollscoile “d’fhorbairt na Gaeilge” na cúrsaí Gaeilge a chuireann Dámh na nDán, na nDaonnachtaí  agus na nEolaíochtaí Sóisialta ar fáil. 

“The University values and celebrates the diversity of all its staff and students and will be happy to meet with An Cumann Gaelach QUB,” a dúradh.

Sa fhreagra a sheol oifig an Leas-Sheansailéara in Ollscoil na Banríona ar litir inar éilíodh comharthaí dátheangacha don champas, tagraíodh do Pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta na hollscoile agus don mhír ann a chuireann roimpi “timpeallacht shíochánta” a chothú.

Deir an mhír sin den pholasaí go bhfuil an Ollscoil tiomanta “to providing a good and harmonious environment free from flags, emblems, posters, graffiti or other materials or actions or language likely to be provocative, offensive and intimidatory”. 

Chuir an freagra sin “díomá agus fearg mhór” ar Chumann Gaelach na hollscoile agus spreag sé cáineadh láidir ó ghrúpaí agus daoine eile.

Dúirt Leas-Stiúrthóir Committee on the Administration of Justice CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie go léiríonn freagra na hollscoile ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh go bhfuil “léamh mícheart” déanta acu sa chás seo ar an reachtaíocht maidir le cúrsaí comhionannais.

“Tá léamh mícheart déanta acu ar an reachtaíocht, nó níos measa arís – agus nach aisteach an dearcadh é – tá siad ag breathnú ar an Ghaeilge mar rud a d’fhéadfadh daoine a ghríosú chun fuatha.

Tá an reachtaíocht maidir le cothromaíocht d’fhostaithe ann le cinntiú nach mbíonn siombailí a bhaineann le pobal amháin níos feiceálaí ná na siombailí a bhaineann le pobal eile. Níl baint aige sin le polasaí dátheangach mar go dtugann a leithéid ardán don dá theanga, agus is é fírinne an scéil ná go mbeadh níos mó Béarla le feiceáil.”

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, a chuireann cearta daonna chun tosaigh, nach raibh tuiscint ar bith léirithe ag lucht na hOllscoile ar chás na Gaeilge atá go hiomlán éagsúil ó na dualgais atá ar údaráis phoiblí caitheamh go fabhrach léi de réir Chairt Eorpach na dTeangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus de réir “cearta daonna eile a bhfuil glactha ag an Bhreatain leo”. 

Ina bhfreagra ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh, thug údaráis na hOllscoile le fios go raibh siad dírithe ar thimpeallacht ‘neodrach’ agus ‘shíochánta’ a chruthú ar an gcampas, ach dúirt Daniel Holder gur easpa éagsúlachta ba chúis leis an gcineál dearcaidh sin ó thuaidh, agus tús áite á thabhairt le fada do chultúr amháin seachas cultúr eile.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge tráthnóna inné, dúradh go raibh “ceisteanna móra” le freagairt ag Ollscoil na Banríona maidir lena polasaí i dtaobh na Gaeilge agus gur léirigh an cás seo an gá le reachtaíocht chosanta don Ghaeilge ó thuaidh.

Dúradh i ráiteas na heagraíochta teanga go raibh “polasaí” na hOllscoile “ag teacht salach” ar an “dea-chleachtas idirnáisiúnta” i dtaobh mionteangacha agus ar “threoracha” ón gCoimisiún Comhionannais ó thuaidh agus ó Chomhairle na hEorpa.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge go dtacaíonn an eagraíocht “go mór” leis na mic léinn atá “ag feachtasaíocht go dian le cothrom na Féinne a bhaint amach don teanga”.

“Níl aon rud sa fhreagra seo [freagra na hOllscoile] nó sa pholasaí seo a chuireann ‘comhionannas’ nó ‘éagsúlacht’ i dtaobh na Gaeilge nó pobal na Gaeilge chun cinn,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

I ráiteas a chuir siad amach ar na meáin shóisialta, dúirt an Cumann Gaelach gur “léir” go bhfuil na húdaráis “den bharúil” go bhfuil an Ghaeilge “provocative, offensive and intimidatory” agus dúirt siad nach bhfuil siad sásta “glacadh” leis an bhfreagra a fuair siad ar a n-éileamh.

Sa litir a sheol An Cumann Gaelach go dtí údaráis na hOllscoile ag éileamh go dtabharfaí ar ais na comharthaí dátheangacha a bhíodh le feiceáil ar an gcampas cheana, dúradh go raibh “cáil” ar an gcumann as a “bpolasaithe uileghabhálacha” agus as a bheith oscailte do dhaoine ó gach cúlra.

Cuireadh in iúl d’Oifig an Leas-Sheansailéara gur grúpa Protastúnach a bhunaigh an cumann i 1906 agus go raibh an t-éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach ag teacht leis an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Dúradh go dtacaíonn an Cumann leis an éileamh ar acht Gaeilge.

Sa litir a sheol Oifig an Leas-Sheansailéara go dtí an Cumann Gaelach mar fhreagra ar an méid sin, dúradh go raibh an Ollscoil tiomanta do chothú na héagsúlachta agus do chur chun cinn na gcomhdheiseanna.

“The University seeks to create and sustain a neutral working environment that values and celebrates the diversity of all its staff and its student body.”

Chuir grúpaí agus daoine eile a míshástacht faoi fhreagra na hOllscoile ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh in iúl ar na meáin shóisialta. Dúirt an gníomhaí teanga Linda Ervine gur bhain dearcadh na hollscoile siar aisti.

Fág freagra ar 'Ollscoil na Banríona ‘sásta’ bualadh le Cumann Gaelach agus conspóid ann faoi chomharthaí Gaeilge a bheith ‘offensive agus intimidatory’'

  • léitheoir

    ‘Inflammatory’. Tá an Ghaeilge an-síochánta suas leis an mBéarla. ‘Cheart an comhartha seo thíos a speáint do acadúlaigh na hOllscoile sin: “Fáilte go Cill/Welcome to Kill! “. (Cill Dara).