Tá “ollchruinniú gnímh” á bheartú ag Conradh na Gaeilge don mhí seo chugainn le pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi “staid reatha na mórfheachtas” atá ar bun ag an eagraíocht faoi láthair agus gníomhartha nua a aontú “a bhfeidhmeofar orthu láithreach bonn”.
Tá an cruinniú á eagrú i bhfianaise thorthaí daonáirimh an stáit ó dheas, easpa dul chun cinn maidir le ceist an Achta Gaeilge sa stát ó thuaidh, agus tuarascáil speisialta an Choimisinéara Teanga ar theip chóras na scéimeanna teanga.
‘An Comhrá Mór’ atáthar a thabhairt ar an bhfóram poiblí seo agus tá cuireadh tugtha ag an gConradh do dhuine ar bith ar spéis leo ábhar an fhóraim a bheith i láthair ach clárú don ócáid roimh ré.
“Is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo. Tá súil againn aontú faoi go leor gníomhartha ann agus feidhmiú orthu láithreach bonn. Áireofar, go háirithe, gníomhartha maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta,” a deir ceannairí na heagraíochta Gaeilge.
“De réir daonáireamh na bliana anuraidh ó dheas tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge den chéad uair ón bhliain 1946. Chomh maith leis sin ó dheas, léiríonn tuairisc an Choimisinéara Teanga go bhfuil ag teip ar chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí le bheith mar chroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla.
“Ó thuaidh, in ainneoin 12,000 a bheith ar shráideanna Bhéal Feirste an tseachtain seo caite, agus go bhfuil deich mbliana caite ó gealladh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn, Comhaontú a shínigh rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine, níl Acht Gaeilge againn fós chun seasamh le cearta phobal na Gaeilge,” a dúradh.
Beidh an cruinniú á thionól in Óstán Wynns i mBaile Átha Cliath ar an 10 Meitheamh, áit ar reáchtáladh cruinnithe tábhachtacha de chuid an Chonartha, agus de chuid eagraíochtaí móra eile, san am a chuaigh thart.
Nuair a léirigh figiúirí daonáirimh sa Bhreatain Bheag in 2011 go raibh laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Breatnaise cuireadh tús le ‘Y Gynhadledd Fawr’ (An Comhrá Mór) a raibh sé mar aidhm aige muintir na Breataine Bige ar fad ‘a thabhairt le chéile’ chun go bpléifí conas dul i ngleic leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise.
Glór Í Eo
Níl fiú café ag na Gael i mBÁC. Tá ceann Fraincíse agus ceann Spáinise ann. Tuige nach bhfuil eagras cosúil le Gaillimh le Gaeilge i mBÁC? Orainn féin atá an locht. Easpa físe, easpa muiníne, easpa ceannasaíochta. Níl seans ag an teanga gan Ghaeltacht sa bpríomhchathair san lá atá inniu. Ag ligin orainn féin go bhfuilimid ag déanamh rud écint agus muid ag gearán faoi dreamanna eile seachas a bheith “dearg le díograis” muid féin.
Aililiú!
Tá an ceart agat, a Ghlór Í Eo: bheith ‘dearg le díograis’ don obair ar ár son ár gcuid pobal féin, seachas bheith ‘dearg le fearg’ le córas ar cuma leis ann nó as sinn.
Ach féadaimid bheith cinnte de go leanfaidh an Conradh air ar a sheanchúrsa – ag cur a mhuiníne i lucht na cumhachta agus ag tathant orthu beagán éigin a dhéanamh ar ár son – ag ídiú a chuid fuinnimh ag plé scéimeanna agus straitéisí nár cheart dúinn bheith ag brath orthu riamh, agus nach gcaithfimis bheith ag brath orthu dá mbeadh eagar orainn mar phobail. Ag imirt an chluiche de réir na rialacha a dheachtaigh an dream a bhí agus atá agus a bheidh i gcumhacht.
Ba chóir do Chonradh na Gaeilge ráiteas an-simplí a dhéanamh: ‘Tá muid ag tabhairt ar ais an mhaoinithe daoibh, a Stáit, agus ní ghlacfaimid feasta é. Beimid inár n-eagraíocht neamhspleách feasta. Agus iarraimid oraibhse, a Stáit, deireadh a chur le bhur gcuid ‘budget line for Irish language and culture’ (‘líne buiséid don Ghaeilge agus do chultúr (na Gaeilge ?)’) agus an státchóras ina iomláine a chur i bhfearas ionas go bhféadfaidh sé caitheamh le Gaeil mar shaoránaigh atá ar comhchéim le gach saoránach eile i.e. gníomhú de réir an dualgais a leagtar oraibh faoi Bhunreacht an Stáit a maíonn sibhse dílseacht dó”.
Agus tréimhse réasúnta ama (fiche cúig bliain ?) a thabhairt don Stát leis sin a dhéanamh, de réir plean poiblí. Agus dá dteipeadh ar an Stát a chóras a eagrú laistigh den tréimhse sin, caingean a thionscnamh agus a thabhairt go dtí an Chúirt is airde, sa dlínse is leithne.
Bítear dílis don Bhunreacht nó leasaítear é. Ach stadtar den chur i gcéill. Faighimis amach, gan aon mhoill, an bhfuil rún ag an Stát seo gníomhú go hionraice nó nach bhfuil.
Agus ba chóir don Chonradh, ansin, gníomhú ar dhóigh a thabharfadh le fios don phobal go gcreideann sé gur chóir agus gur féidir dúinne, Gaeil, ceannas a ghlacadh ar ár gcinniúint féin. Go dtí go ndeanfaidh sé sin, ní bheidh ar siúl aige ach ag caint agus ag cruinníocht, agus ag tarraingt a chuid deontas agus a chuid maoinithe, agus á chaitheamh agus á ídiú go fánach.
Mánus
Comhrá mór agus gníomh beag. Bhí mé i Halla na Saoirse cúpla bhliain ó shin ag Comhrá Mór eile agus is “brainstorming” gan toradh a bhí ann. Bunaimís Eastáit tithíochta LánGhaeilge ins na bailte móra. Theastódh Comharchumainn agus múnla Lochlannach acu le smacht ar díol s ceannacht na dtithe- rud a bheadh deacair a thuiscint sa tír nuaLiobarálach seo. Gan comharchumann gabhfadh tithe ar an margadh oscailte is ní bheadh an Ghaeilge ag na ceannaitheoirí nua. NB
Nota Bene – Níl an “Nanny State” sásta gníomhú ar son teanga na tíre agus dá bhrí sin teastaíonn fiontraithe óga chun an teanga a choinneáil beo. Ná bímis ag diúl a thuilleadh ón Stáitín. Confadh na Gaeilge agus tuarastal Stáit acu is beag gur féidir leo a dhéanamh chun dúshlán an Stáitín a thabhairt.