Oiread na fríde idir Gaillimh agus Corcaigh agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann le baint

Cluiche den scoth a bhí idir seaimpíní na hÉireann agus Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo caite agus táthar ag súil go mbeidh sárchoimhlint eile ann inniu i bPáirc Parnell

Oiread na fríde idir Gaillimh agus Corcaigh agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann le baint

Sinéad Burke (Gaillimh) faoi bhrú ag imreoirí Chorcaí i gcluiche ceannais na sraithe 2019. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Corcaigh v Gaillimh – Páirc Parnell, 1.30i.n. (Beo ar TG4)

Agus áit bainte amach ag mná Átha Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann den seachtú bliain as a chéile, is idir Corcaigh agus Gaillimh atá sé anois don deis tabhairt fúthu.

Cluiche den scoth a bhí idir seaimpíní na hÉireann agus Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo caite agus táthar ag súil go mbeidh sárchoimhlint eile ann inniu i bPáirc Parnell.

Tá athrú amháin déanta ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh ar Mhuineachán coicís ó shin. Cuireadh an cosantóir Fabienne Cooney den pháirc an lá sin agus tá Sarah Gormally ainmnithe ina háit. Níor imir Gormally sa chraobh do Ghaillimh go dtí seo i mbliana ach bhí sí ar fheabhas ag imirt dá cumann, Cill Chóirín-Cluain Bheirn, anuraidh nuair a chuadar chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann.

Is ón gcumann céanna a thagann ceannairí na Gaillimhe, na deirfiúracha Nicola agus Louise Ward, agus Olivia Divilly. Is mór an chabhair dóibh go bhfuil Sinéad Burke fillte ar an bhfoireann i mbliana agus beidh taithí Burke ag teastáil más le Gaillimh srian a chur ar Chorcaigh.

Tá Saoirse Noonan i mbarr a maitheasa le tamall anuas agus gaiscí déanta aici le foireann peile Chorcaí agus le foireann sacair Cork City. Tá 3-4 scóráilte aici go dtí seo sa chraobh ach ní dhéanfaidh sé aon mhaith do Ghaillimh díriú ar Noonan aisti féin. Tá 3-2 scóráilte ag Áine Terry O’Sullivan, 1-8 ag Órla Finn agus 0-7 ag Doireann O’Sullivan sa chraobh.

Athrú amháin atá déanta ar fhoireann Chorcaí ón gcluiche deireanach a bhí acu agus Shauna Kelly ainmnithe in áit Mhéabh Cahalane, a d’imir d’fhoireann camógaíochta Chorcaí i gcluiche leathcheannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite.

Níl barr a gcumais bainte amach ag Gaillimh go dtí seo sa chraobh. Ní raibh ach aon phointe amháin le spáráil acu ar Thiobraid Árann agus ar Mhuineachán i mbabhtaí na ngrúpaí. Seans nach bhfeileann an talamh bog stíl na nGaillimheach, a bhíonn ag iarraidh an liathróid a iompar suas an pháirc, seachas í a chiceáil isteach díreach i dtreo na dtosaithe.

Bhí an lámh in uachtar ag Corcaigh nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcluichí tábhachtacha le tamall anuas. Bhí bua cumasach ag Corcaigh nuair a d’imríodar sa chraobh den uair dheireanach in 2017 agus is iad na mná cois Laoi a bhuaigh cluiche ceannais na sraithe in aghaidh na Gaillimhe anuraidh.

Tá an bhearna a bhíodh idir na foirne seo dúnta le tamall. Tá dul chun cinn déanta ag Gaillimh faoi cheannas Tim Rabbitte agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu agus tá Corcaigh lagaithe beagáinín agus cuid de na laochra a bhí acu ar lár.

Is beag atá idir na foirne seo anois agus ceachtar acu in ann áit i gcluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach inniu.

Fág freagra ar 'Oiread na fríde idir Gaillimh agus Corcaigh agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann le baint'