Oireachtas na Samhna le craoladh ar Irish TV Lá Nollag

Labhrófar leis na pearsana a ghlac páirt i gcomórtais Fhéile na nGael i mbliana agus na scéalta grá a leanann iad

B Ni Mhaoilchiarain
Bríd Ní Mhaoilchiaráin. Pictiúr: An tOireachtas

Beidh buaicphointí Oireachtas na Samhna 2015 a bheidh le feiceáil ar Irish TV Lá Nollag i mbliana. Clár dátheangach is ea Trasna na dTonnta agus is í Síle Ní Dheargáin a bheidh á chur i láthair. Beidh neart ceoil, damhsa agus amhránaíochta le cloisteáil agus le feiceáil ar an gclár.

“Bhíomar chomh sásta gur chuir Liam Ó Maolaodha agus an coiste fáilte chroíúil romhainn le taifead a dhéanamh ar an bhféile iontach seo,” a dúirt stiúrthóir an chláir, Michelle Seoighe.

“Is é an sprioc a bhí againn leis an gclár ná a thaispeáint cé chomh tábhachtach is atá an fhéile [seo],” a dúirt Seoighe.

Mar is eol do chách, is cuid lárnach den Oireachtas iad na comórtais a bhíonn ann, idir scéalaíocht, lúibíní, damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, agus feicfear cuid de na pearsana a ghlacann páirt sna comórtais sin ar Trasna na dTonnta, mar aon lena scéalta pearsanta.

Ina measc siúd a fheicfear agus a chloisfear sa chlár, tá Michelle agus Pádraig Ó Sé, Pól agus Éilís Uí Cheannabháin, agus Páidí Mharthain Mac Gearailt.

Níl ansin ach blaiseadh beag den chlár agus deir an láithreoir, Síle Ní Dheargáin, go “mbainfidh an lucht féachána an-taitneamh as”.

– Beidh an clár Trasna na dTonnta le feiceáil Lá Nollag ag 7pm.

Is féidir breathnú air ar na bealaí seo a leanas: ar chainéal Sky 191 nó ar Freesat 400; na boscaí Free to Air agus Eircom’s eVision 191; nó is féidir breathnú air ar líne ag www.irishtv.iewww.irishtv.com    

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna le craoladh ar Irish TV Lá Nollag'