Oireachtas na Samhna curtha ar ceal don dara bliain as a chéile

Inniu an cruinniú boird deireanach a bhí ag Liam Ó Maolaodha mar Stiúrthóir an Oireachtais, post a bhí aige ó 1996

Oireachtas na Samhna curtha ar ceal don dara bliain as a chéile

Tá Oireachtas na Samhna curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

Cinneadh ag cruinniú de Bhord Stiúrtha Oireachtas na Gaeilge inniu nach leanfaí ar aghaidh leis na hullmhúcháin don fhéile a bhí le bheith ar siúl i gCill Airne i mbliana.

Rinneadh an cinneadh “de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis na rialacháin a bheidh i bhfeidhm um Shamhain i mbliana i dtaca le ceansú an choróinvíris Covid-19”.

Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha go rabhthas “ar bís” faoi Oireachtas na Samhna a chur ar siúl i mbliana ach go gcaithfí “a bheith airdeallach ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo agus timpeall na cruinne le scaoileadh na dianghlasála agus pleanáil dá réir”.

Dúirt Ó Maolaodha gur “deacair a bheith cinnte” an mbeidh imeachtaí faoi dhíon “caoithiúil ná sábháilte” tráth an Oireachtais “ainneoin na sár-iarrachtaí atá ar siúl chun an pobal a vacsaíniú”.

“Níl ní ar bith eile níos tábhachtaí ná sláinte agus sábháilteacht na bhfoirne éagsúla a bhíonn ag obair ar an bhféile agus an pobal dílis a thaistealaíonn chuici.

“Táimid ag súil, le tacaíocht agus dea-thoil ár bpáirtithe leasmhara ar fad, clár d’fhéile Oireachtais de shórt eile ar fad, a bheidh beo, bríomhar, fuinniúil a fhógairt faoi dheireadh an tsamhraidh.”

Beidh clár d’fhéile Oireachtais ar líne á leagan amach sna míonna amach romhainn agus dúradh go ndéanfar “gach dícheall freastal ar phobal uile an Oireachtais ar bhealach cruthaitheach, spleodrach”.

Inniu an cruinniú deireanach a bhí ag Liam Ó Maolaodha mar Stiúrthóir an Oireachtais.  Tá sé ina Stiúrthóir ar mhórfhéile na nGael ó 1996. Chinn an Bord go bhfeidhmeodh Leas-Stiúrthóir an Oireachtais Máirín Nic Dhonnchadha mar Stiúrthóir Ghníomhach ar feadh bliana.

 

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna curtha ar ceal don dara bliain as a chéile'