Oireachtas na Samhna 2020 don Ghaillimh ach faomhadh Boird a fháil

Agus an Ghaillimh roghnaithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, dealraíonn sé go mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCathair na dTreabh den chéad uair ó 1993

"Downton na Mainistreach"? An forhalla Óstán Citywest

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCathair na dTreabh in 2020 ach faomhadh Bhord Stiúrtha an Oireachtais a fháil.

Seo an chéad uair a mbeidh an mhórfhéile Ghaelach ar siúl i gcathair na Gaillimhe ó 1993.

Gheall lucht Oireachtas na Gaeilge do Ghaillimh 2020 go reáchtálfaí an fhéile i gCathair na dTreabh dá mbeadh rath ar iarratas an ghrúpa go mbeadh an Ghaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag lucht an Oireachtais seasamh leis an ngealltanas sin agus nach bhfuil le déanamh anois ach cead oifigiúil a fháil ón mBord Stiúrtha chun an fhéile a reáchtáil sa chathair faoi cheann ceithre bliana.

Fógraíodh ar maidin go bhfuair Gaillimh 2020 an ceann is fearr sa chomórtas céanna ar an dá iarratas eile a bhí fós san iomaíocht, Luimneach agus ‘Na Triúr Deirfiúracha’ in oirdheisceart na tíre.

Bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar chroí-chuid den iarratas buacach a chuir Gaillimh2020 faoi bhráid na moltóirí agus bhí ‘Teanga’ ar cheann de na trí mhórthéama san iarratas, chomh maith le ‘Tírdhreach’ agus ‘Diaspóra’.

Bhí plé ag Gaillimh 2020 chomh maith le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta sna Forbacha maidir le ról na Gaeltachta san iarratas agus d’oibrigh siad chomh maith le Gaillimh le Gaeilge, an eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn sa chathair.

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna 2020 don Ghaillimh ach faomhadh Boird a fháil'

  • Concubhar

    An bhfuil a leithéid de rud ann agus Bórd Stiúrtha ag an Oireachtas seachas coistí áitiúla agus náisiúnta?