Tá Cumann Lúthchleas Gael ag iarraidh duine a earcú chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc chlubanna agus foirne Chúige Mumhan.
Tá post mar Oifigeach Forbartha Gaeilge na Mumhan fógartha an tseachtain seo agus súil ann go dtosóidh an té a cheapfar sa phost go luath sa bhliain nua.
I measc na gcúraimí atá ag dul leis an bpost nua, beidh ar an oifigeach nua tabhairt faoi thaighde agus iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sna clubanna, ag leibhéal na gcoistí, sna boird chontae agus i CLG na Mumhan féin.
Bainfear úsáid as an eolas a bhailítear chun straitéis a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm a chuirfidh le húsáid na teanga sa chúige.
Beidh ar an té a cheapfar cúrsaí oiliúna a sholáthar d’fhoirne agus do choistí, oiliúint a chur ar fáil d’oifigigh na Gaeilge agus an chultúir sna clubanna agus imeachtaí a reáchtáil ar fud na Mumhan chun deiseanna a thabhairt an Ghaeilge a úsáid.
D’fhostaigh CLG Jamie Ó Tuama mar Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha den chéad uair riamh in 2018 agus beidh oifigeach na Mumhan ag comhoibriú le Ó Tuama ar thograí náisiúnta.
I measc na riachtanas atá luaite leis an bpost, tá ardleibhéal Gaeilge idir scríofa agus labhartha; taithí agus tuiscint ar éiteas Chumann Lúthchleas Gael; agus taithí agus tuiscint ar an ról a bhaineann le forbairt na Gaeilge i measc an phobail agus ar earnáil na Gaeilge.
Ní mór dóibh siúd a bhfuil suim acu sa phost nua a gcuid iarratas a bheith istigh acu roimh 3pm Dé Céadaoin, an 7 Nollaig.
Conradh ar théarma seasta trí bliana atá luaite leis an bpost atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Éamonn Ó Gribín
B’fhéidir go mbeadh sé níos oiriúnaí dá gcuirfeadh an eagraíocht an tOifigeach forbartha Gaeilge seo isteach san ardoifig ar dtús! (Tagairt:https://www.gaa.ie/the-gaa/administration/)