
Ceapadh scór blianta ó shin go leigheasfadh an aimsir oidhreacht na dtrioblóidí. Chreid roinnt go ligfí cruatan, cailliúint agus gortú i ndearmad de réir a chéile. Chreid roinnt eile go dtabharfaí aire chuí dóibh sin a raibh rian fágtha ar chorp nó anam s’acu. Ach cé is moite de ghrúpaí deonacha, is beag atá déanta le theacht i gcabhair ar íobartaigh. Inniu, is cosúil gur ag dul in olcas atá an scéal; faillí ag cur le fulaingt daoine agus ag teacht salach ar chothú an nuashaoil.
Bhí an t-ábhar seo faoi chaibidil ag pearsa mhór le rá i dTuaisceart Éireann le gairid. Chuir Iar-Ombudsman na bPóilíní, an Bhanbharún Nuala O’Loan, mímhóraltacht i leith Rialtas na Breataine mar gheall ar a bhfaillí.
Bhí blas beagán níos dearfaí ar ócáid de chuid Fhéile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste nuair a tháinig Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton agus an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, chun an cheist a phlé.
Céim mhór ab ea é Príomh-Chonstábla a bheith ag freastal ar imeacht in iarthar na cathrach i láthair poblachtánaigh shinsearacha a bheadh ina ndearg naimhde aige tráth. Comhartha sóirt ar an dul chun cinn atá déanta ab ea é sin.
Thug McGuinness, iarcheannaire an IRA, creidiúint do Hamilton as an gcéim cheannródaíoch seo a thabhairt. Dúirt an Príomh- Chonstábla gur theastaigh uaidh freastal ar an imeacht mar gur chreid sé gur theastaigh ó mhóramh mór saol níos fearr a chinntiú don chéad ghlúin eile, ‘do mo chlannsa agus do chlannsa.’
Phléigh siad leis an slua mór na dúnmharuithe le linn na dtrioblóidí nár fuasclaíodh; líomhaintí faoi chlaonpháirtíocht na bpóilíní i bhforéigean; an seicteachas atá forleathan i gcónaí; agus an chontúirt ó easaontóirí poblachtánacha.
Mar bharr ar fheachtas na n-easaontóirí, sa tseachtain ar tharla dúnmharú fuilteach a gceaptar go raibh baint éigin ag seanpharaimíleatachas leis, ba dheacair a shéanadh go bhfuil géarghá le beart chun cúrsaí a fheabhsú. Liostáil Nuala O’Loan ar raidio líon na n-ionsaithe, iarrachtaí buamála agus coireanna fuatha a tharla ó fógraíodh síocháin go dtí seo.
Ba scanrúil an liodán é agus cruthúnas, dá mba ghá a leithéid, go bhfuil an tsíochain leochaileach. Liostaigh sí chomh maith an líon mór daoine a bhfuil strus iarthrámach orthu, fadhbanna síciatracha eile, alcólacht, agus pian fhadtéarmach de bharr mharú a ngaolta nó gortuithe a bhain dóibh féin.
Tá dhá údar imní ann, mar sin, faoin aimsir láithreach agus faoin am atá le theacht.
Ní mór aire níos fearr a thabhairt d’íobartaigh. Seafóid is ea é laincis a chur ar na beartais (dá laghad iad) a haontaíodh i gcomhaontú Stormont ocht mí ó shin.
Níl ciall ar bith lena gceangal le fuascailt ar na fadhbanna leasa shóisialaigh ach sin é rogha Theresa Villiers agus rialtas David Cameron. Tá gá leis an obair seo anois mar is ag géarú atá na héilimh i measc íobartaigh agus a riachtanais ag méadú. Thairis sin, tá an díomá agus fearg faoi easpa cúraim ag cothú míshástachta i measc pobail i bhfad níos leithne ná pobal na n-íobartach féin.
Maidir leis an am amach romhainn, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an tsíocháin buan – muna gcothaítear í go dearfach. Ní cabhair sa bhfiontar sin í an pharailís i Stormont agus neamhshuim nó easpa gnímh ó Londain agus Baile Átha Cliath. Is leor as féin oidhreacht mhallaithe na dTrioblóidí gan a bheith ag cur léi le faillí, patuaire agus easpa samhlaíochta.
Fág freagra ar 'Oidhreacht mhallaithe na dTrioblóidí'