Oidhreacht Fitzmaurice, mná Chorcaí ar ais ar a seanléim agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí móra CLG an deireadh seachtaine fada agus ar chuid dá raibh le foghlaim uathu

Oidhreacht Fitzmaurice, mná Chorcaí ar ais ar a seanléim agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Oidhreacht Fitzmaurice

Dar leis an scríbhneoir Eduardo Galeano nach leor do dhaoine áirithe go mbeadh “genius” Einstein agus “subtlety” Freud ag bainisteoir foirne.

“They want a miracle worker like Our Lady of Lourdes, with the stamina of Gandhi,” ar sé.

Maidir le Éamonn Fitzmaurice chuirfeadh a chur chuige staidéartha cuma na mífhoighne ar Gandhi féin agus is cosúil nár leor do chuid de lucht leanúna Chiarraí an cúpla míorúilt aige ach oiread.

Ní hamhlaidh atá i gcás Bhord an Chontae agus imreoirí na Ríochta ar léir an meas atá acu ar Fitzmaurice agus an díomá mór atá orthu gur shocraigh sé éirí as.

Mar sin, in ainneoin a ndeir cladhairí na litreacha gan ainm agus a gcairde ar líne, ráineodh gur leanúnachas seachas briseadh an tseanreachta a bheidh ag teastáil uathusan a bhfuil sé de chúram orthu teacht ar bhainisteoir nua agus uathu siúd a mbeidh an té sin i bhfeighil orthu.

Más ea, d’fhéadfadh go mbeadh beirt a thug tréimhsí mar roghnóirí ag Fitzmaurice go mór sa treis agus an gearrliosta á chur le chéile, Diarmuid Murphy agus Maurice Fitzgerald.

Bhí an t-iarbháideoir ón nDaingean sé bliana ar an dtaobhlíne nó gur éirigh sé as in 2016 agus tugadh draíodóir Chathair Saidhbhín isteach mar roghnóir ag deireadh na bliana céanna.

Is beag duine a bhfuil níos mó measa air i gCiarraí ná Fitzgerald, a bhí ina bhainisteoir ar Naomh Mhuire Chathair Saidhbhín nuair a bhuadar craobh idirmheánach na hÉireann in 2016, ach tá ardmheas chomh maith ar Murphy mar fhear caide go smior a bhfuil léamh iontach ar an gcluiche aige.

Ghéill Pat Spillane an oíche cheana go dtabharfar a cheart do Fitzmaurice ach a mbeifear ag ríomh stair a bhlianta i gceannas, ach seans go dtabharfaidh ceapachán a chomharba léiriú dúinn i bhfad roimhe sin ar an meas atá ar a oidhreacht acu siúd is fearr a thuigeann í.

Fear na Gaillimhe, Joe Canning. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Deacrachtaí ag Gaillimh foirne a chur de dhroim seoil ach níor chlis siad go fóill

Is ábhar imní do Ghaillimh go bhfuil deiseanna tugtha acu d’fhoirne teacht ar ais nuair a bhí an chuma ar chúrsaí go raibh rith an rása leo féin.

Sa chéad chluiche i gcoinne chontae an Chláir, bhí Gaillimh naoi bpointe chun cinn agus ceathrú uaire imeartha ach lig siad d’fhir an Chláir teacht ar ais. Dé Domhnaigh i nDurlas, bhí siad naoi bpointe chun cinn agus gan ach 20 nóiméad imeartha agus arís eile, scaoileadar na Cláirínigh ar ais sa chluiche.

Tharla an rud céanna in athimirt chluiche ceannais Laighean in aghaidh Chill Channaigh, nuair a laghdaigh na Cait an bhearna ó 12 pointe díreach roimh leath ama go dtí aon phointe amháin 20 nóiméad nó mar sin isteach sa dara leath.

Agus teacht aniar iontach déanta ag Luimneach féin ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaí, is cinnte go mbeidh Micheál Donoghue ag déanamh a mhachnaimh faoin laige sin, ach údar sásaimh a bheidh ann dó chomh maith gur léirigh a imreoirí an-mhianach sa bhealach nár chliseadar aon uair gur tháinig a gcéilí comhraic ar ais go tréan.

Sa dá chluiche in aghaidh an Chláir, idir am breise agus am cúitimh, imríodh 180 nóiméad. Sna trí uair an chloig imeartha sin, ní raibh an Clár chun cinn ach ar feadh trí nóiméad san iomlán.

Beagnach gach uair ar tháinig siad i bhfoisceacht pointe nó comhscór, bhí freagra ag na Gaillimhigh orthu. Seans nach bhfuil seaimpíní na hÉireann chomh maith agus a d’fhéadfaidís a bheith faoi láthair, ach níl easpa díocais ag cur as dóibh.

Bainisteoir Mhuineacháin Malachy O’Rourke. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Meon difriúil ag peileadóirí na Gaillimhe agus Mhuineacháin agus iad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh

Níl mórán ama ag na ceithre fhoireann a ghlacfaidh páirt i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann le sos a thógáil agus iad ag triall ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá Muineachán agus Gaillimh ar phéire de na foirne sin ach is mór a bheidh eatarthu ó thaobh meoin de i ndiaidh a gcluichí ar an Satharn.

Ba é an taispeántas seo i Staid an Phiarsaigh an ceann ba mheasa a chonacthas ó fhoireann na Gaillimhe i mbliana agus cuid den dul chun cinn a bhí déanta acu go dtí sin scriosta acu. D’imir a gcuid imeartha mall tromchosach agus cuma an anró orthu. Chuaigh siad tréimhsí fada gan aon scór a fháil freisin. Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath Dé Sathairn, tá maolaithe go mór ar an mborradh a bhí fúthu an samhradh seo.

Scéal iomlán difriúil atá ag Muineachán. Ba é cluiche an tSathairn an ceann ab fhearr a d’imir foireann Malachy O’Rourke le fada an lá agus beidh an-mhisneach acu agus iad ag tabhairt  aghaidh ar fhoireann Thír Eoghain. Rinne Gaillimh a ndícheall Conor McManus a cheansú ach bhí cluiche den scoth ag Ryan McAnespie, a d’aimsigh ceithre phointe agus chonacthas taispeántais den scoth ar fud na páirce, ó leithéidí Colin Walshe agus Darren Hughes.

Seo an chéad uair acu cluiche leathcheannais na hÉireann a bhaint amach le 30 bliain ach i bhfianaise an taispeántais sin i mBóthar na Trá níl aon údar nach mbeadh a lucht leanúna ag smaoineamh anois ar an gcluiche ceannais.

Imreoirí Chorcaí, Aine O’Sullivan agus Doireann O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Mná Chorcaí ar ais ar a seanléim

Den chéad uair le sé bliana, theip ar pheileadóirí ban Chorcaí áit i gcluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach anuraidh ach bhí an chuma orthu go raibh siad ar ais ar a seanléim agus gan aon rún acu a bheith sa mbád céanna i mbliana. Bhí bua mór acu ar an Iarmhí inné, 8-18 in aghaidh 1-6, chun áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Fuair siad a gcéad chúl tar éis 37 soicind a bhuíochas de Libby Coppinger agus faoin am go raibh an t-am caite, bhí cúil aimsithe ag seisear d’imreoirí Chorcaí.

D’fhág an toradh sin go bhfuil 23 cúl anois scóráilte ag Corcaigh sna cúig chluiche craoibhe atá imeartha acu. Casfaidh siad ar Dhún na nGall sa chluiche leathcheannais agus na babhtaí seo sroichte ag na Conallaigh den chéad uair riamh i ndiaidh dóibh dóibh Ard Mhacha a shárú Dé Sathairn.

Bhí bua iontach ag Dún na nGall ar Chorcaigh sa tsraith níos luaithe i mbliana, 4-11 in aghaidh 2-3 i Leitir Ceanainn, ach beidh a ndóthain le déanamh acu an ceann is fearr a fháil ar na Muimhnigh arís sa chraobh.

Fág freagra ar 'Oidhreacht Fitzmaurice, mná Chorcaí ar ais ar a seanléim agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine'

  • Carraig

    Tá trua agam do Éamonn ar shlí. An ghrathain sin a bhíonn ag spochadh as, déarfainn nár tharraing a bhformhór lasc ar liathróid peile riamh ina saol. Ceapann siad go bhfuil fhios acu rud éigin nach bhfuil a fhios ag Éamonn. Ach an dtógfaidís an job sin uaidh? An mbeidís ábalta chuige? Dream na glamaíle agus na sceamhaíle? Na meatacháin? An dream sin gan ghus. Iad ag caitheamh uathu agus tharstu ar chúla téarmaí, faoi choim, má thuigeann tú leat mé. Tá siad ann. Tá a leithéidí ann…i ngach aon réimse den saol. Ní fiú bheith leo ‘Éamoinn. Ní fiú mo c–c iad. Go n-éirí leat a dhuine chóir. Go mbí saol fada sona agat.