Ocht bpéire buataisí rúitín mar chosaint ar fhuacht agus ar thaise an tséasúir

Rogha bhreá de dhathanna agus stíleanna éagsúla molta ag ár gcomhfhreagraí ar phraghsanna idir €30 agus €150

Ocht bpéire buataisí rúitín mar chosaint ar fhuacht agus ar thaise an tséasúir

Tá séasúr na mbuataisí rúitín linn go cinnte anois agus is maith ann iad nuair atá fuacht agus taise san aer. Ar nós gach earra faisin eile tá tosaíochtaí ar leith agam féin nuair a théim ar thóir péire buataisí rúitín. Tugaim tús áite don chompord agus ina dhiaidh sin, luach maith ar mo chuid airgid, stíl, caighdeán an bhunábhair, dearadh agus an seans go mbainfidh mé úsáid rialta astu ar feadh tréimhse fada.

Tráth den saol, bhíodh teorainn leis an rogha dathanna a bhíodh ar fáil agus ba bhuataisí dubha nó donna ba choitianta a bhíodh ar díol. Ach tá réimse leathan dathanna ar an margadh anois agus tá uaine, tóp agus burgúnach ar chuid de na cinn is fearr a thaitníonn liom féin faoi láthair. Tá idir €30 agus €150 an péire ar na cinn atá roghnaithe agam anseo.

Ná dearmad cúpla péire riteoga tiubha dubha a cheannach in éineacht le do rogha féin de bhuataisí rúitín agus beidh tú te teolaí go gcaitear an geimhreadh.

Buataisí svaeide ar a dtugtar ‘Morty’ ar dhath uaine ó Topshop ar €98

Is é an dath deas is túisce a mheall mé chuig an bpéire seo – tá uaine go mór sa bhfaisean faoi láthair ach tá roghanna eile le fáil sa stíl seo, i bprionta liopaird chomh maith le dubh agus donn.

Buataisí le prionta craicinn nathrach ó Zara ar €59.95

Níl aon bhall éadaigh nó oiriúint ann ar na saolta seo nach bhfuil leagan díobh le fáil i bprionta ainmhí agus tá neart buataisí rúitín le ceannach sa stíl sin. Thaitin an péire seo a bhfuil prionta craiceann nathrach orthu ó Zara go mór liom. Bheidís an-deas le feisteas dubh le beagáinín beochta a chur ann.

Buataisí dubha ó River Island ar €80

Seo an rogha is deise don té atá ag lorg dearadh clasaiceach. Stíl atá deas simplí agus dath dubh ar an bpéire seo cé go bhfuil dathanna eile ar fáil – dath an airgid, corcra, uaine, agus donn.  Mairfidh siad seo ar feadh na mblianta ach beagán aire a fháil.

Buataisí svaeide donna ó H&M ar €59.99

Seo iad na buataisí a mholfainn dóibh siúd nach maith leo sála arda agus is rogha níos fearr fós iad dóibh siúd a gcuireann an fuacht isteach orthu – tá líneáil d’fhionnadh bréige leo seo le do chosa a choinneáil teolaí.

Buataisí rúitín liatha ó New Look ar €39.99

Tá an dath liath seo deas neodrach le caitheamh le haon dath feistis agus bheidís seo ar fheabhas mar bhróga oibre don té a chleachtann sála arda a chaitheamh.

Buataisí tóp le zip ó Dunnes Stores ar €30

Seo iad an péire is saoire a roghnaigh mé agus bheidís an-oiriúnach don bhean gur fearr léi sáil íseal. Taitníonn an dath tóp liom agus, arís thiocfadh na buataisí seo le cuid mhaith dathanna éagsúla éadaigh.

Buataisí leathair le maisíocht chraiceann crogaill ó Office ar €124

Is cinnte gur rogha an-fhaiseanta iad seo, lena gcuid snasleathair agus maisíocht chraiceann crogaill. Chuirfidís seo barr maise ar aon fheisteas agus duine ag dul amach le haghaidh oíche shóisialta.

Buataisí rúitín svaeide ó & Other Stories ar €149

Arís, ba é an dath álainn burgúnach a mheall mo shúil chucu seo; cinnte, níl siad saor ach dá bhfaighidís an aire cheart bheidís agat le caitheamh ar feadh na mblianta fada.

Fág freagra ar 'Ocht bpéire buataisí rúitín mar chosaint ar fhuacht agus ar thaise an tséasúir'

  • Murchadh

    Le haghaidh aeráid na hÉireann faoin tuath (cac sleaidí, fuacht agus pluda) nó aeráid na Meánmhara?