Ocht bhfoireann fanta – ní mór dom cruinniú eile den choiste a ghairm

An dul amú ba mhó a bhí orainne sna tairngreachtaí a rinne muid i ndeireadh an earraigh gur cheap muid go raibh an chontúirt a bhain leis na foirne Ultacha gafa i laige go mór

Ocht bhfoireann fanta – ní mór dom cruinniú eile den choiste a ghairm

Shílfeá nach i bhfad ó shin chor ar bith é ó chaith mé féin agus meitheal píosa de thráthnóna ag cur agus ag cúiteamh faoina raibh i ndán dúinn nuair a chuirfí tús le Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhí ag an tráth sin ar leic na tairsí againn.

Is ar éigean go gcreidim trí mhí a bheith caite.

Más mé féin atá á rá, dream eolach go leor a bhí timpeall an bhoird – mórsheisear idir fhir agus mhná. Daoine a raibh a ndílseacht roinnte idir ceathair nó cúig de chontaetha, ach fós nach raibh a gcuid breithiúnais faoi anáil a gcuid fréamhacha.

Bhí na Sraithchomórtais Náisiúnta díreach thart ag an am agus is beag an t-ábhar iontais gurb é an chéad bhreithiúnas a thug mo chomhghleacaithe – b’in nach sroichfeadh aon cheann d’fhoirne Ranna 3 agus 4 na Sraithe Náisiúnta babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. Tabharfaidh sracfhéachaint ar cluichí an deireadh seachtaine seo le fios go raibh an ceart acu.

Cúig fhoireann as Roinn 1 (Ard Mhacha, Ciarraí, Maigh Eo, Muineachán agus Tír Eoghain) agus trí cinn as Roinn 2 (Corcaigh, Doire agus Áth Cliath) atá san iomaíocht iontu siúd.

Ba iad an Iarmhí ba ghaire do muid a bhréagnú agus ba chóir a rá freisin nár deineadh aon tagairt d’fhiúntas an Chláir, ar bhain a mbua in aghaidh Chorcaí i gCraobh na Mumhan cor as an saol Fódlach. Níorbh ábhar iontais chomh mór céanna bua Mhuineacháin ar Thír Eoghain ó thuaidh as a gcuid muiníne.

An dul amú ba mhó a bhí orainne sna tairngreachtaí a rinne muid an lá sin i ndeireadh an earraigh gur cheap chuile dhuine beo againn go raibh an chontúirt a bhain leis na foirne Ultacha gaibhte i laige go mór.

An bunús a bhí leis sin is dócha nach raibh buaite ag Dún na nGall i Roinn 1 na Sraithe ach aon chluiche amháin agus ba iad féin, Ard Mhacha agus Muineachán a chríochnaigh ar bhun an tábla.

Is fíor go raibh ceithre chluiche as na seacht gcinn caillte freisin ag Ciarraí ach tá a fhios ag an saol Fódlach gur ar do phriacail féin a chuirfeá iad siúd as an áireamh fiú agus an bua faighte orthu sna cluichí ar fad.

Má cuireadh foireann thuaisceartach san áireamh, ba iadsan Doire a bhuaigh gach cluiche a d’imir siad i Roinn 2 na Sraithe, ach a thit as a chéile sa mbabhta ceannais.

Áth Cliath a thug an greadadh dóibh ansiúd. De na hocht bhfoireann atá fós beo sa gCraobh, is acusan agus ag Doire amháin atá sé le rá nár buadh orthu ó thosaigh an comórtas sin.  Comhscór in aghaidh Ros Comáin an t-aon uisce a scaoil Áth Cliath isteach agus ba chomhscór in aghaidh Mhuineacháin ag an tráth céanna i nGrúpa 4 an t-aon uair ar baineadh truisle as Doire.

Níl aon fhonn ar fhir na ngeansaithe gorma an liathróid a scaoileadh san eangach ach oiread – gan cúl scóráilte ina n-aghaidh ó bhí deireadh an Aibreáin ann.

Más ceachtar de na trí fhoireann sin a thabharfaidh Corn Mhig Uidhir leo ar an Domhnach deireanach den mhí seo, feicfear rud nár facthas cheana riamh – captaen ar chaill a fhoireann dhá chluiche le linn an chomórtais á ardú san aer.

Tá buaite ar na foirne eile faoi dhó: Maigh Eo (in aghaidh Ros Comáin agus Chorcaí); Muineachán (in aghaidh Dhoire agus Dhún na nGall); Corcaigh (in aghaidh an Chláir agus Chiarraí); Ard Mhacha (in aghaidh Dhoire ar chiceanna éirice i gCluiche Ceannais Uladh agus in aghaidh Thír Eoghain) agus Tír Eoghain féin (in aghaidh Mhuineacháin agus na Gaillimhe).

Go dtí seo, tá 81 cluiche imeartha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann 2023 ó cuireadh tús leis an iomaíocht ar an 8 Aibreán – dhá sheachtain déag ó shin díreach.

Bhí corrcheann leataobhach ina measc sin, faoi mar a bheifeá ag súil leis, ach ó na babhtaí leathcheannais cúige ar aghaidh, tá géarú suntasach ar an iomaíocht.

Ba ar chiceanna éirice a bhuaigh Doire craobh Uladh, facthas a leithéid freisin idir Liatroim agus Nua-Eabhrac. Ba chic amháin den pheil a bhí idir na foirne i gcuid mhaith cluichí eile agus nuair a tháinig na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo caite ba aon chúilín amháin d’fharasbarr a bhí ag Maigh Eo, ag Muineachán agus ag Corcaigh.

Orthu siúd a bhféadfaí a rá an mí-ádh a bheith leo i gCraobh Peile na hÉireann 2023 bhí contae na hIarmhí a tháinig i bhfoisceacht aon chúilín amháin do Ghaillimh agus d’Ard Mhacha i nGrúpa 2 agus a chríochnaigh ar comhscór le Tír Eoghain ansiúd.

B’amhlaidh scéal ag Contae Lú nach raibh ach aon chúilín amháin farasbairr ag Maigh Eo orthu agus péire ag Corcaigh.

Ocht bhfoireann fanta. Ní mór dom cruinniú eile den choiste a ghairm an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ocht bhfoireann fanta – ní mór dom cruinniú eile den choiste a ghairm'