O’Brien, Kearney agus Beirne ar ais ar fhoireann na hÉireann

Trí athrú atá déanta ag Joe Schmidt don chluiche in aghaidh na Breataine Bige sa bhabhta deireanach de Chraobh na Sé Náisiún 2019

O’Brien, Kearney agus Beirne ar ais ar fhoireann na hÉireann

Tadhg Beirne. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Imreoidh Tadhg Beirne a chéad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún Dé Sathairn agus imreoir na Mumhan ainmnithe i bhfoireann na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an mBreatain Bheag sa bhabhta deireanach den chomórtas.

Tá cúig chluiche imeartha ag Beirne d’Éirinn roimhe seo ach chaill sé amach ar thús an chomórtais seo agus é gortaithe. Dá bharr sin, ní raibh sé sa scuad don chluiche i gcoinne na hIodáile nó don cheann i gcoinne na Fraince an deireadh seachtaine seo caite.

Iain Henderson a chuaigh chun páirce sa chluiche in aghaidh na Fraince ach baineadh gortú d’fhear Uladh agus tá a dheis faighte ag Beirne ina áit.

Gortaíodh Josh van der Flier sa chluiche sin in aghaidh na Fraince chomh maith, rud a fhágann go mbeidh Seán O’Brien ar an bhfoireann arís. Ní raibh O’Brien ainmnithe i measc na n-ionadaithe fiú an tseachtain seo caite.

Chaill Rob Kearney amach ar an gcluiche deireanach chomh maith agus é gortaithe ach tá an lánchúlaí tagtha chuige féin ó shin agus tiocfaidh sé isteach in áit Jordan Larmour Dé Sathairn.

Níl aon athrú eile déanta ag Schmidt ar an bhfoireann a bhuaigh an cluiche in aghaidh na Fraince i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite.

Imreoidh Cian Healy, Rory Best agus Tadhg Furlong sa líne thosaigh. Imreoidh James Ryan agus Beirne sa dara líne agus beidh Peter O’Mahony, O’Brien agus CJ Stander sa líne chúil.

Imreoidh Conor Murray agus Jonathan Sexton arís agus beidh Garry Ringrose agus Bundee Aki i lár páirce. Beidh Keith Earls agus Jacob Stockdale ar na cliatháin agus tosóidh Kearney mar lánchúlaí.

Tá seans beag ag Éirinn an chraobh a thabhairt leo an deireadh seachtaine seo ach fiú dá mbeadh bua mór acu i gCaerdydd chaithfeadh Albain an ceann is fearr a fháil ar Shasana in Twickenham.

Foireann na hÉireann v An Bhreatain Bheag

Rob Kearney; Keith Earls, Garry Ringrose, Bundee Aki, Jacob Stockdale; Johnny Sexton, Conor Murray; Cian Healy, Rory Best, Tadhg Furlong, James Ryan, Tadhg Beirne, Peter O’Mahony, Seán O’Brien, CJ Stander.

Fág freagra ar 'O’Brien, Kearney agus Beirne ar ais ar fhoireann na hÉireann'