Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir Peile Ban na gClubanna
Cill Choirín-Cluain Bheirn v Naomh Eargnait – Páirc an Chrócaigh, 4pm (Beo ar Youtube Spórt TG4)
Lá mór atá ann do Naomh Eargnait ón Muine Glas inniu agus peileadóirí an chumainn ar an gcéad dream riamh ó chontae Aontroma a bhain cluiche ceannais na hÉireann amach i gCraobh Shinsir Peile Ban na gClubanna. Tá stair cruthaithe acu cheana féin agus Craobh Uladh bainte acu den chéad uair an mhí seo caite agus deis anois acu an ceann mór a thabhairt leo. Is mór an dúshlán atá le sárú ag mná Mhuine Ghlais ar dtús, áfach.
Paróistí beaga in oirthuaisceart na Gaillimhe iad Cill Choirín agus Cluain Bheirn ach fathaigh iad banpheileadóirí an cheantair. Trí cinn déag de chraobhacha sinsir atá buaite ag Cill Choirín-Cluain Bheirn as a chéile i nGaillimh, tá Craobh Chonnacht tugtha leo acu le hocht mbliana anuas agus tá siad anois ag iarraidh a gcúigiú craobh uile-Éireann as a chéile a bhaint.
Tá roinnt oibre rompu go fóill más leo curiarracht Bhaile Mhic Cairbre ó Phort Láirge, a bhuaigh seacht gcinn de chraobhacha uile-Éireann idir 1989 agus 1995, a shárú ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil Cill Choirín-Cluain Bheirn ag éirí bréan den síorbhuachan go fóill.
Is in aghaidh dream eile ó na Déise, Raonaithe an Chomaraigh, a bhí Cill Choirín-Cluain Bheirn i gcluiche leathcheannais na hÉireann coicís ó shin agus cé go raibh na foirne ar comhscór ag leath ama, bhain na Gaillimhigh leas as cóir na gaoithe sa dara leath chun ceannas iomlán a ghlacadh ar an gcoimhlint agus bua 1-11 in aghaidh 0-3 bainte amach acu faoi dheireadh.
Tá cleachtadh maith ag Cill Choirín-Cluain Bheirn a bheith ag imirt in aghaidh foirne a bhaineann úsáid as an dlúthchosaint agus ba léir i gcoinne an Chomaraigh nach gcuireann sé as dóibh. Bhogadar an liathróid go tapa trasna na páirce ag iarraidh bearnaí a aimsiú agus nuair nach raibh siad ann, bhí Cill Choirín-Cluain Bheirn sásta fanacht go dtí gur oscail siad.
Tá taithí ollmhór sa bhfoireann agus gradaim All-Star buaite ag leithéidí Nicola Ward, Olivia Divilly agus Louise Ward, triúr den scata imreoirí ón gcumann atá ar fhoireann an chontae. Tá na deirfiúracha Noone, Hannah, Lynsey agus Eva, ina measc agus tábhacht ar leith i mbliana le cumas scórála Eva toisc naoscaire eile, Ailish Morrissey, gortaithe i láthair na huaire.
Ní haon dóithíní iad mná an Mhuine Ghlais, áfach. Tá cúig chraobh as a chéile buaite acu in Aontroim agus ba chéim mhór eile chun cinn acu é nuair a bhuaigh siad ar Aireagal Chiaráin Thír Eoghain i gcluiche ceannais Uladh.
Ní chuirfidh sé as dóibh nach bhfuil mórán ag tabhairt seans dóibh tráthnóna. An scéal céanna a bhí ann sna babhtaí leathcheannais nuair a thug an Muine Glas aghaidh ar Chrócaigh Chill Mochuda, a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Bhí an choimhlint sin ag tuile agus ag trá go dtí gur éirigh le Muine Glas bearna ceithre phointe a chur idir na foirne agus cé go ndearna Cill Mochuda iarracht ar theacht aniar in am cúitimh, sheas na hUltaigh an fód.
Is iad Cathy Carey, Maria O’Neill agus Bronagh Devlin príomhscórálaithe na foirne ach tá scóranna faighte ón gcosaint ag leithéidí Leah Steward agus Sarah O’Neill freisin.
Tá an Muine Glas faoi cheannas an Chonallaigh, Maxi Curran, a bhí mar roghnóir ag Jim McGuinness in 2012 agus mar bhainisteoir ar fhoireann ban Dhún na nGall chomh maith agus cleachtadh aige ar laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh dá bharr. Beidh plean speisialta ag teastáil más leo craobh na hÉireann le tabhairt ó thuaidh anocht, áfach.
Fág freagra ar 'Obair mhór le déanamh ag an Muine Glas chun greim Chill Choirín-Cluain Bheirn ar Chraobh na hÉireann a scaoileadh'