An Daingean agus an Ghaeltacht tríd go dtí cluichí ceannais na Mumhan

Seaimpíní Chiarraí in aghaidh sheaimpíní Chorcaí a bheidh againn i gcluiche ceannais chraobhacha sinsir agus idirmheánach na Mumhan agus na socruithe le cinntiú Dé Máirt

An Daingean agus an Ghaeltacht tríd go dtí cluichí ceannais na Mumhan

Tá an Daingean agus an Ghaeltacht ag fáil réidh do chluichí ceannais na Mumhan tar éis d’fhoirne Chorca Dhuibhe a gcluichí leathcheannais a bhuachan ag an deireadh seachtaine.

Bua neafaiseach a bhí ag an nDaingean ar Mhungairit, Naomh Pól, sa gcraobh shinsir. Farasbarr naoi bpointe dhéag a bhí ag na buaiteoirí ar sheaimpíní Luimnigh, 2-15 in aghaidh 0-2.

Bhí suas le cúigear imreoirí céad rogha ar iarraidh ar Mhungairit, na himreoirí contae Darragh O’Hagan agus Jason Hassett ina measc, agus bhí an cluiche i dTrá Lí thart mar choimhlint luath go maith.

Bhí an Daingean ag imirt le cóir na gaoithe sa gcéad leath agus d’aimsigh Conor Geaney cúl don Daingean agus gan ach cúpla nóiméad imeartha. Chuir a dheartháir Niall ceithre phointe leis an gcúl in achar gearr chun ceannas iomlán a thabhairt do na Ciarraígh.

Aon phointe dhéag a bhí an Daingean chun tosaigh ag leath ama, 1-8 aimsithe acu agus gan scór ar bith ag Mungairit. D’aimsigh Conor Geaney cúl eile sular éirigh le fir Luimnigh a gcéad scór sa chluiche a fháil sa 47ú nóiméad. Beidh an Daingean ag súil le cluiche i bhfad níos deacra faoi cheann coicíse nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Chumann Barra Naofa as Corcaigh sa gcluiche ceannais.

Coimhlint níos déine a bhí ag an nGaeltacht thuas i gcontae an Chláir sa gcraobh idirmheánach ach bhí na Ciarraígh in uachtar ó thús go deireadh nach mór agus Cora Finne sáraithe acu ar scór 1-13 in aghaidh 0-11.

An fhoireann áitiúil a d’aimsigh an chéad scór sa chluiche ach níor thóg sé i bhfad ar an nGaeltacht bearna a chur idir na foirne agus PJ Mac Láimh ag aimsiú an chomhscóir sular aimsigh Éanna Ó Conhcúir trí phointe as a chéile chun a fhoireann a chur 0-4 in aghaidh 0-1 chun cinn leath bealaigh tríd an chéad leath.

D’aimsigh Tomás Ó Sé cúl roimh leath ama chun farasbarr sé phointe a thabhairt don Ghaeltacht agus b’in an bhearna a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-4.

D’aimsigh Ó Sé agus Brian Ó Beaglaoich pointí luath sa dara leath chun an bhearna a mhéadú tuilleadh agus cé gur chríochnaigh Cora Finne go láidir, an bhearna á laghdú acu go dtí ceithre phointe agus an uair an chloig istigh, tháinig fir na Gaeltachta slán agus deis go fóill acu ar chraobh na Mumhan a bhuachan, mar a rinne in 2017.

Is i gcoinne sheaimpíní Chorcaí, Achadh Bolg, a bheidh an Ghaeltacht sa gcluiche ceannais sin ar an 6 Nollaig, an lá roimh chluiche ceannais na sinsear idir an Daingean agus Cumann Barra Naofa. Is i láithreacha neodracha a imreofar an dá chluiche agus tá na socruithe le cinntiú amárach.

Fág freagra ar 'An Daingean agus an Ghaeltacht tríd go dtí cluichí ceannais na Mumhan'