Tháinig méadú 6% ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh na Gaeltachta i mbliana i gcomparáid le anuraidh. Is é seo an tríú bliain as a chéile a tháinig ardú ar an bhfigiúr sin.
De réir figiúirí úra a fuair Tuairisc ó Roinn na Gaeltachta, 29,114 a d’fhreastail ar chúrsaí na gcoláistí i mbliana i gcomparáid le 27,394 anuraidh.
Cé go raibh titim ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge i ndiaidh na paindéime in 2022, nuair a d’fhreastail 25,416 scoláire ar chúrsaí Gaeltachta i gcomparáid le 27,032 in 2019, tá méadú seasta tagtha ar na figiúirí ó shin.
Tá méadú don tríú bliain as a chéile tagtha ar líon na mban tí a choinníonn scoláirí do choláistí samhraidh sa Ghaeltacht chomh maith.
557 bean agus fear tí a chuir lóistín ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht i mbliana i gcomparáid le 522 anuraidh, ardú 7% ar líon na dteaghlach ó 2024. 495 bean an tí a bhí sa chóras in 2022 agus 511 in 2023.
Cé gur chláraigh 35 teaghlach úr in 2025, tá laghdú 7% tagtha ar líon na mban tí atá sa chóras ón bhliain 2019, nuair a bhí 601 bean tí sa chóras.
Agus ganntanas fear agus ban tí ann le blianta beaga anuas, thug an Roinn roinnt beartas isteach le cur le líon na dteaghlach sa chóras.
Tháinig ardú 12% ar an líuntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana.
€14.50 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche, ardú €1.50, a íocadh le mná agus fir tí na Gaeltachta a chur lóistín ar fáil in 2025.
Tháinig €1 d’ardú ó €9.50 go €10.50 ar an deontas a íoctar leis na brúnna agus coláistí cónaithe a chuir lóistín ar fáil faoin scéim i mbliana chomh maith.
Anuas ar na harduithe sin, tháinig ardú ar an bhfóirdheontas a íoctar faoi dhá scéim eile de chuid na Roinne in 2025: an Scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta faoina dtugtar deis do scoláirí scoilbhliain iomlán a chaitheamh ar cheann de thrí oileán Árann agus an Scéim Erasmus Gaeltachta faoina dtugtar deis do mhic léinn tríú leibhéal seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.
| Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge |
2019 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|---|---|---|---|---|---|
| Líon scoláirí |
27,032 |
25,416 |
26,835 |
27,583 |
29,114 |
| Líon Teaghlaigh a choinnigh scoláirí |
601 |
495 |
511 |
522 |
557** |
| Líon Coláistí (agus ionaid) |
51 |
40 |
47 |
49 |
50 |
**Figiúr measta do 2025. Beidh an figiúr críochnúil ar fáil go luath in 2026.
De réir na bhfigiúirí úra, 50 coláiste samhraidh agus ionad a bhí ag feidhmiú in 2025 ar fud na Gaeltachta, ardú 25% ó 2022 nuair a bhí 40 coláiste agus ionad ag feidhmiú.
51 coláiste agus ionad a bhí ag feidhmiú in 2019, ceann amháin breise i gcomparáid le 2025.
Fág freagra ar 'Méadú don tríú bliain as a chéile ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh Gaeltachta'