Cosc ar na meáin shóisialta san Astráil do dhaoine faoi 16 bliana d’aois
Scéal mór a tháinig as an Astráil an tseachtain seo ná go bhfuil cosc curtha ar dhaoine faoi 16 bliana d’aois a bheith ar na meáin shóisialta. Tháinig an dlí i bhfeidhm i rith na seachtaine agus bac curtha ar dhaoine óga cuntais a bheith acu ar aipeanna cosúil le TikTok, Snapchat, agus a leithéidí.
Chaill na milliúin páistí agus déagóirí an fháil a bhí acu ar a gcuntais agus iachall curtha ar YouTube, Reddit, Threads agus aipeanna eile iad a bhaint de na hardáin nó fíneáil suas le $49.5 milliún a íoc.
Is í an Astráil an chéad tír ar domhain a bhfuil cosc dá leithéid curtha acu ar na meáin shóisialta. Tá seirbhís nua ‘k-ID’ in úsáid a dhéanann clárú oifigiúil aoise agus aipeanna ar nós SnapChat á n-úsáid le haois na n-úsáideoirí a sheiceáil agus a dheimhniú. An gciallaíonn sé sin anois go gcaithfidh gach duine atá ag iarraidh SnapChat a úsáid san Astráil a gcuid sonraí a chur ar fáil do k-ID?
Cé go ndéarfá ar an gcéad radharc gur dóigh gur mhaith an rud é dá laghdófaí an tarraingt atá ag daoine ar na meáin shóisialta, an bhfuil sé ag dul thar fóir cosc iomláin a chur ar dhaoine óga úsáid a bhaint astu?
Níl amhras ach go mbeidh tíortha eile ar fud an domhain ag faire ar shampla na hAstráile le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leis an gcosc.
Is dóigh nach rud nua é go mbeadh teorainn aoise curtha ar tháirgí éagsúla, deochanna alcólacha mar shampla agus clubanna oíche.
Ach tá na meáin shóisialta fite fuaite i saol an duine óig sna laethanta seo agus cé go bhfuil contúirtí ag baint leo, mar a léirigh taighde a tháinig amach i mbliana agus cláir ar nós Adolescence a tharraing cuid mhaith cainte, tá buanna móra leo freisin.
Má tá glúin óg an lae seo aon chaoi cosúil leis na glúnta a chuaigh rompu, tabharfaidh an dlí nua spreagadh mór d’earnáil na nID-anna bréige, más cinn dhigiteacha féin iad.
Rud amháin a dhéanfaidh an cosc seo cinnte ná go spreagfar inniúlacht agus nuálaíocht sna bealaí le teacht thart ar choscanna aoise digiteacha. Agus is cinnte go laghdóidh sé an ró-úsáid atá á baint as na meáin shóisialta agus thar aon ní eile, an brú atá á chur ar dhaoine óga a bheith orthu, agus is maith an rud é sin.
An Eilf ar an tSeilf ar ais agus ag diabhlaíocht
Cheap mé go raibh an Eilf ar an tSeilf imithe as mo shaol agus chuile dhuine sa teach róshean anois le suim a chur in eilfeanna agus seilfeanna. Ach bhí dul amú orm agus seo linn uair amháin eile. Bhí mé amuigh ag siúl leis an mbuachaill óg an lá cheana nuair a d’fhiafraigh sé díom an raibh a fhios agam cé a bhí ag teacht ar cuairt againn ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Ní raibh mé ag súil le haon chuairteoir agus bhí an-iontas orm nuair a dúirt sé ‘na heilfeanna!’. Bainim úsáid as an uimhir iolra ansin mar nach eilf amháin a bhíonn ar cuairt orainne anuas as an Mol Thuaidh an t-am seo den bhliain ach péire acu.
Anois, caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon trioblóid mhór iontu. Ní itheann siad tada agus níl siad ag iarraidh leaba, bíonn siad sásta go leor ‘ar an tseilf’ nó ag luascadh anuas ó na soilse, sáite idir dhá chúisín ar an tolg, nó i gcoirnéal ar bith dháiríre. An t-aon locht atá orthu ná go mbíonn siad ag imeacht thart san oíche agus ní bheadh a fhios agat beo cá mbeidís ar maidin. Scaití ní bhogann siad ar chor ar bith agus tarraingíonn sé sin é féin a dhóthain cainte. Imeoidh siad arís Oíche Nollag de réir mar a chloisim. Tá súil agam go bhfuil na ráflaí fíor.
Pól Réamonn
an mbeidh cosc ar dhaoine fásta ar na meáin shóisialta chomh maith?
Niall Mac Aindriú
Is iad Peadar, Séamus agus Mícheál na heilfeanna s’againne.
Ach an oiread leatsa, a Bhriget, an dul amu a bhí orm agus mé ag ceapadh nach tiocfaidh siad ar ais i mbliana. Ní fada anois, áfach, go mbeidh a rás rite acu cé gur diabhal dochar a bhí iontu i ndáiríre :)