Babhtaí Leathcheannais Iomána Laighean
Naomh Máirtín v An Nás – Páirc Loch Garman, 1.30pm (Beo ar TG4)
Seamróga Bhaile Héil v An Chloch-Baile an Cholla – Páirc Uí Nualláin, 1.30pm
Tá súile na tíre dírithe ar Chraobh Shinsir Iomána Laighean an deireadh seachtaine seo, agus an dá chluiche leathcheannais le himirt amárach. I Loch Garman, rachaidh Cumann Naomh Máirtín agus an Nás in adharca a chéile.
Agus mé ag féachaint trí rolla onóra Chill Dara le déanaí, tháinig rud amháin chun solais a chuir iontas orm. Ar bharr liosta na mbuaiteoirí, tá Claonadh le 16 corn iomána sinsearach. Bailiúchán láidir cinnte ach bronnadh an chéad cheann orthu i 1903 agus an ceann deireanach i 1922. Sin 103 bliain gan gradam eile a chur leis. Ceann de na corrscéalta stairiúla atá ag gach contae ach caithfidh go raibh Claonadh i bhfad chun cinn ar a gcéilí comhraic sna blianta tosaigh, nó b’fhéidir nach raibh an freasúra chomh láidir ag an am sin.
Cibé scéal é, ní raibh siad le feiceáil i gcluiche ceannais Chill Dara ó shin, agus tá clubanna ar nós Ard Cloch [Áth Cloch] agus an Nás tar éis dul tharstu le fada an lá.
Le deich mbliana anuas, tá Nás na Rí tar éis a n-íomhá a athrú ó fhoireann chuibheasach go fórsa ceannasach i bpeil agus in iomáint Chill Dara.
Ba in 2019 a bhriseadar tríd agus níor fhéach siad siar ó shin. Seacht gcluiche ceannais as a chéile, ó 2019 go 2025, is leor é sin chun an scéal a insint, ach ba é a stíl imeartha a chuaigh i bhfeidhm ar leantóirí an chluiche ársa sa chontae. Tá an club á thiomáint ag cóitseáil nua-aimseartha agus ag sruth imreoirí óga cumasacha. Tá ceannairí cosúil le Brian Byrne agus an naoscaire Jack Sheridan ag cur go mór leis an bhfoireann chomh maith.
Rinne Maigh Nuad, Coill Dubh agus Cill Droichid iarracht deireadh a chur leis an tsraith buanna sin ach bhí an Nás céim chun tosaigh i gcónaí, iad níos ullmhaithe, níos géire, agus lán den mhuinín a thagann ó bhua.
Tá buanna an chlub tar éis borradh a chur faoin gcluiche sa bhaile agus ar fud an chontae féin. Dar ndóigh, beidh Cill Dara ag imirt leis na boic mhóra sa chúige i gcraobhchomórtas Laighean an bhliain seo chugainn.
Mar sin féin, amárach beidh siad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Naomh Máirtín atá ag dul ó neart go neart iad féin tar éis dóibh Craobh Shinsir Loch Garman a bhuachan don dara bliain as a chéile. Foireann iad atá i mbarr a maitheasa, agus léiríodh sin sa mbua ar churaidh Laighean agus Éireann, Na Fianna.
Bhíos ag Cluiche Ceannais Chlubanna na hÉireann anuraidh nuair a bhuaigh Na Fianna ar na Sáirséalaigh ó Chorcaigh agus bhíodar an-suntasach an lá stairiúil sin. Bhí ceannairí ag na Fianna ar fud na páirce, d’imir siad stíl álainn iománaíochta, agus bhí an cumas acu brú a chur ar an bhfreasúra agus iad a dhúnadh síos. Mar sin, is mór an t-éacht é ag Naomh Máirtín a theacht amach agus na Fianna a chloí, insíonn sé sin rud éigin iontach faoin bhfoireann sin. Agus le cuid mhaith de mhuintir Uí Chonchubhair ina measc, beidh sé deacair ag leaids Chill Dara iad a stopadh.
Sa chluiche eile is An Chloch-Baile an Cholla atá in aghaidh Sheamróga Bhaile Héil. In 2022, bhain An Chloch-Baile an Cholla Craobh Laoise don tríú bhliain as a chéile, agus Camros curtha acu sa chluiche ceannais. Chaill siad amach in 2023, ach tháinig siad ar ais chun an chraobh a bhaint in 2024 agus arís i mbliana. Léiríonn sé sin an dul chun cinn atá déanta ag an gclub.
Ach ar ndóigh, tá siad ag dul in aghaidh an fhórsa is láidre sa tír. Nuair a labhraítear ar Sheamróga Bhaile Héil agus ar mhóruaisle an chluiche, luaitear na Reids, na Shefflins, Joey Holden, Eoin Cody, na Fennellys agus Adrian Mullen (gach seans nach mbeidh seisean ag dul chun páirce amárach agus pionós de cluiche á ghearradh air de bharr scliúchas ag deireadh an chluiche dheireanaigh).
Is cumann é seo a bhí i réim ag tréimhsí éagsúla ón gcéad uair gur bhuaigh siad Chraobh Chill Chainnigh ag deireadh na 1970idí. Go deimhin, bhí an t-ádh — nó an mí-ádh — orm féin a bheith ar an pháirc i gcluiche ceannais Chlub na hÉireann a bhuaigh siad den chéad uair i 1981.
Ón lá sin i leith, bhí tréimhsí éagsúla ceannais acu agus tá siad fós i mbarr an rolla onóra do bhuaiteoirí Chraobh Chlubanna na hÉireann. Mar sin, leis an bhfírinne lom a rá, tá cuma Dháiví agus Góiliat ar chluiche an lae amárach — agus seans sách caol ag foireann Laoise an ceann is fearr a fháil, is dóigh liom.
Fág freagra ar 'Agus curaidh na hÉireann cloíte acu, d’fhéadfadh an Nás céim mhór eile a thabhairt'