1,751 teaghlach sa Ghaeltacht, nó 15% de theaghlaigh Ghaeltachta, atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge, de réir figiúirí nua.
Tacaíonn an t-eolas nua, atá foilsithe i dtuarascáil nua de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta, leis an anailís a rinneadh roimhe seo ar fhigiúirí daonáirimh a léiríonn nach bhfuil aon stad le meath na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht.
De réir na bhfigiúirí nua, tá an Ghaeilge ina teanga an tí i níos lú ná 10% de theaghlaigh i 13 den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.
De réir an eolais nua atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifigeach Staidrimh faoin 11,534 teaghlach atá sa Ghaeltacht oifigiúil, tháinig laghdú beag 0.65% idir 2016-2022 ar líon na dteaghlach sa Ghaeltacht arb í an Ghaeilge an teanga laethúil acu sa bhaile.
Léirigh an daonáireamh deireanach, a rinneadh in 2022, gur tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Ba é sin an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht. Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.
D’fhág sin gur laghdaigh líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht 12.6% ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Cé nár cuireadh aon cheist sa daonáireamh faoi líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge, chuir an CSO figiúirí breise ar fáil do Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Tá briseadh síos sna figiúirí nua sin líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge sa 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.
An sainmhíniú atá sa tuairisc nua ar theaghlach atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge ná teaghlach ina bhfuil duine fásta amháin agus duine óg amháin ar a laghad a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
De réir na bhfigiúirí nua, ní raibh an Ghaeilge ina teanga an tí ag níos mó ná 50% de theaghlaigh ach i dtrí cinn de limistéir pleanála teanga. I nGaeltacht na Gaillimhe a bhí na trí cheantar sin – Oileáin Árann (56%), Ceantar na nOileán (56%) agus an Cheathrú Rua (51%).
I leath den 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht, bhí níos lú ná 10% de theaghlaigh ag tógáil a gclann trí Ghaeilge.
Bíonn fainic ag lucht taighde faoin tslí a ndéantar láimhseáil ar aon fhigiúirí a bhaineann leis na limistéir pleanála teanga ó tharla go mbíonn ceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge agus ceantair atá láidir i dteannta a chéile sna limistéir sin. I measc na samplaí atá tugtha sa tuarascáil, tá LPTanna Chois Fharraige; Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Chiarraí Thiar agus Ghaeltacht na Mí.
Tá an t-eolas nua ag teacht leis an anailís a rinneadh roimhe seo ar líon na ndaoine sna limistéir pleanála teanga a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. De réir na hanailíse sin ar Dhaonáireamh 2022, tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 limistéar pleanála Gaeltachta. De réir na hanailíse sin, níl ach cúig limistéar pleanála teanga Gaeltachta sa tír ina labhraíonn breis is leath den phobal an Ghaeilge gach lá.
Cé gur mhéadaigh an daonra i nach mór gach LPT idir 2016-2022, laghdú a bhí le feiceáil ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ina bhformhór.
Deir údar na tuarascála agus Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, go bhfuil “idir ábhar dóchais agus imní” sna figiúirí.
“Is cúis mhisnigh dúinne atá ag obair le teaghlaigh sa Ghaeltacht go bhfuil cúrsaí seasmhach go maith ach ní féidir a shéanadh gur céatadáin ísle atá i gceist mar bhunús,” a deir Ní Chéilleachair.
Deir Ní Chéilleachair gur “ábhar suntais” é an laghdú a tháinig idir 2016-2022 ar chéatadán na bpáistí agus daoine óga idir 3-18 bliana a dúirt go bhfuil Gaeilge acu, laghdú ó 80.3% in 2016 go dtí 76.5% in 2022.
Laghdú níos géire a bhí ansin ná mar a bhí le feiceáil i measc an phobail i gcoitinne sa Ghaeltacht agus dúirt Ní Chéilleachair nach mór “tuilleadh iniúchta” a dhéanamh air sin.
Teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge 2022
| LPT | Líon iomlán na dteaghlach | Teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge | % | Athrú 2016-2022 |
|---|---|---|---|---|
| Oileáin Árann | 108 | 61 | 56% | +11% |
| Ceantar na nOileán | 226 | 127 | 56% | +6% |
| An Cheathrú Rua | 299 | 153 | 51% | -5% |
| Conamara Láir | 270 | 115 | 43% | -7% |
| Toraigh | 19 | 8 | 42% | -43% |
| Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir | 652 | 260 | 40% | — |
| Cois Fharraige | 834 | 300 | 36% | -4% |
| Árainn Mhór | 38 | 12 | 32% | -11% |
| Cloich Cheann Fhaola | 454 | 124 | 27% | -2% |
| Ciarraí Thiar | 646 | 163 | 25% | +2% |
| Na Déise | 257 | 56 | 22% | -4% |
| Cléire | 8 | 5* | 63% | +24% |
| Múscraí | 471 | 81 | 17% | -2% |
| Ráth Chairn & Baile Ghib | 266 | 26 | 10% | -5% |
| An Ghaeltacht Láir | 179 | 16 | 9% | -6% |
| Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | 301 | 25 | 8% | -1% |
| Ciarraí Theas | 163 | 11 | 7% | +1% |
| Dún na nGall Theas | 306 | 19 | 6% | — |
| Maigh Eo Thiar | 166 | 10 | 6% | +3% |
| Maigh Eo Thuaidh | 756 | 33 | 4% | — |
| Tuaisceart Dhún na nGall | 322 | 9* | 4% | +1% |
| Bearna & Cnoc na Cathrach | 1,669 | 66 | 4% | +1% |
| Na Rosa | 622 | 23 | 4% | +1% |
| Maigh Cuilinn | 663 | 22 | 3% | — |
| An tEachréidh | 1,075 | 17 | 2% | — |
| Oirthear Chathair na Gaillimhe | 764 | 9 | 1% | — |
| Iomlán | 11,534 | 1,751 | 15% | -1% |
Lillis Ó Laoire
Tá na ceantair is láidre buailte ar a chéile ach tá siad i limistéirí éagsúla. I dTír Chonaill tá Gaoth Dobhair RnaF, Loch an Iúir curtha le chéile agus Na Rosa agus CCF fágtha leo féin. Pobal amháin cainteoirí Gaeilge atá i gceist a thosaíonn sa leath thiar de ChCF agus a shíneann go tairseach an Chlocháin Léith. Tá stráicí móra de Ghaeltacht Oifigiúil san Iarthuaisceart nár tógadh aon pháiste le Gaeilge iontu le corradh agus céad bliain, agus cuireann na ceantair sin na figiúirí as a riocht. B’fhiú do na staitisticí an fhírinne sin a aithint.
Eoghan Ó Néill
Droch-scéal é seo ag tuar gur leath-Anglos a bhéas ionainn uilig feasta agus muid ag casadh in aghaidh dúchais ár sinsear.
“Ach táid ann nár ghéill ariamh,
an dúchas beoga ina gcroí’,
seana-scéalta ár sinsear ag na páistí
Spórt is scléip amuigh a’ spraoi.
Éirigí suas a chomráidí
Ré Nua an Dúchais ag teacht,
is seasamaid le chéile
tá Ré an Tosta thart.
Éirigí suas a chomráidí
go taobh na gréine ar Shliabh na mBan
Is seasfimid le chéile
Seo linn go léir ‘ No pasarán!”
( Fonn- L’Internationale)
An Sléibhteoir
Dhá chos san uaigh anois.
Carraig
Tá teanga ársa uasal na hÉireann ag éag ó Chath Cheann Sáile i leith ach tá sí ag coinneáil a greama fós,
más ar éigean féin é.
Fictear dom go dteastaíonn ón nglúin óg a bheith ina Meiriceánaigh idir theanga, nósmhaireacht, iompar, béascnaíocht, faisean, caitheamh aimsire is eile.
Bím á bhfaire agus ag éisteacht leo gach lá.
Cheapfá uaireanta gur thall i lár SAM a bhí tú!
Gaibh amach ar an iargúl aon áit ar domhan anois agus gheobhaidh tú Béarla, is í lingua franca (!) na cruinne í.
Gheobhaidh gach uile rud beo bás ar deireadh, an ghrian féin fiú, agus níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis. Leannán grámhar geanúil is ea
“an teanga seo leath liom” agam féin…
leannán sí!
Christina Chen
Más fíor gur ‘teaghlaigh a bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin ar a laghad’ atá á gcur san áireamh, caithfidh go bhfuil an scéal níos measa fós ná mar atáthar a rá. Sa lá atá inniu ann, is deacair páiste a thógáil le Gaeilge fiú agus an bheirt agaibh ag labhairt Gaeilge amháin agus sibh i gcroílár cheantar na nOileán.
Donncha Óg
Cé gur obair mhaith é atá idir lámha ag na coimisnéirí teanga (agus ní ag maíomh a saothar orthu atá mé) ní féidir brath ar an bpleanáil teanga amháin. Tá tábhacht ag baint le scata rudaí eile. Roinnt de na rudaí a ritheanns liom ná costas tithíochta, córas iompair poiblí ar féidir brath air, poist mhaithe, áiseanna áineasa… Céard eile a spreagfadh daoine óga fanacht sa nGaeltacht agus a gclann a thóigeáilt ann? Tá rud amháin cinnte gurb iad na cúinsí eacnamaíochta an chéad chloch ar a bpaidrín.
Seán Ó Riain
D’éirigh liom féin beirt iníon a thógaint le Gaelainn bíodh gur Francis a labhrann a máthair leo. Ach bhí an t-ádh linn gur thar lear a bhíomar, agus nach i nGalltacht na hÉireann!