Roinn na Gaeltachta dúnta de dheasca fadhb luchóg

Tá ceannáras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha dúnta le mí anuas agus an fhoireann curtha abhaile mar gheall ar ‘fhadhb bheag maidir le srianadh creimirí’

Roinn na Gaeltachta dúnta de dheasca fadhb luchóg

Tá ceannáras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha dúnta mar gheall ar fhadhb luchóg.

Dheimhnigh urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta do Tuairisc gur dúnadh oifigí na roinne nuair a fuarthas amach “faoi fhadhb bheag maidir le srianadh creimirí”.

“Tá Sláinte agus Sábháilteacht ár bhfoirne ríthábhachtach dúinn agus mar sin glacadh an cinneadh an foirgneamh a dhúnadh go dtí go mbeimid muiníneach go bhfuil an fhadhb réitithe go hiomlán,” a dúirt an t-urlabhraí.

Tuigtear do Tuairisc gur dúnadh an oifig agus gur cuireadh abhaile an fhoireann ar dtús ar feadh trí seachtaine ach go bhfuarthas amach nuair a d’fhill siad nach raibh an fhadhb réitithe ar fad agus gur cuireadh abhaile arís iad.

Tá obair ar bun faoi láthair ar an gcistin san oifig.

“Tar éis iniúchadh a dhéanamh, fuarthas amach go bhfuil gá le huasghrádú a dhéanamh ar an gcistin.

“Táimid i mbun oibre le hOifig na nOibreacha Poiblí, úinéirí an fhoirgnimh, chun oibreacha feabhais a dhéanamh mar thosaíocht. Tá na hoibreacha seo le tosú sna laethanta amach romhainn,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh “aon bhriseadh” sa tseirbhís a chuireann an Roinn ar fáil agus go raibh “socruithe” cianoibre déanta leis an bhfoireann go léir.

“Níl aon bhriseadh ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil mar Roinn. Fillfidh an fhoireann ar na socruithe oibre chumaiscthe a bhí ann roimhe seo a luaithe a bheidh na hoibreacha críochnaithe agus a bheidh gach imní sláinte agus sábháilteachta réitithe,” arsa urlabhraí Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Roinn na Gaeltachta dúnta de dheasca fadhb luchóg'