An scríbhneoir mé a thuilleadh?
Ceist í sin a tháinig aníos i m’aigne níos mó ná uair amháin in 2025.
Fág na colúin a scríobhaim do na leathanaigh seo agus corr-alt do Comhar as an áireamh, agus níor chuir mé peann ar pháipéar; gearrscéal gairid nua féin níor scríobh mé.
An chúis a bhí leis sin ná go raibh tús áite i mbliana, domsa, ag cúrsaí saoil ar chúrsaí litríochta. Am éigin i mí Feabhra, thuig mé go raibh mo mháthair, a raibh galar Alzheimer uirthi, ar thairseach an bháis. Ag deireadh mhí Lúnasa tháinig an tuar faoin tairngreacht.
Tuirse, níos mó ná rud ar bith eile, a mhothaigh mé ina dhiaidh sin agus bhí an dúrud stuif le socrú. Tá fós.
Ó thaobh na léitheoireachta de, mhothaigh mé go raibh an t-iomaire céanna á threabhadh agam cuid mhór den am. Ar charn ar an mbord caife sa seomra suite a chríochnaigh na leabhair a thug gaolta agus cairde dom do mo 50ú breithlá. San oíche, roimh dhul a chodladh dom, léinn leathanach nó dhó as ceann de na leabhair ar an gcófra in aice le mo leaba, leabhair a bhí athléite arís agus arís eile agam: saothair faoi chúrsaí teanga, staire agus tíreolaíochta a chinnteodh go dtitfeadh mo néal orm tar éis cúpla leathanach.
Ba é an chaoi go raibh mé róchorraithe ag cúrsaí an tsaoil le go rachainn sa seans roimh dhul a chodladh dom le leabhair nach raibh léite agam cheana agus a d’fhéadfadh a theacht aniar aduaidh orm, agus is dócha nach léifinn oiread agus saothar nua amháin i mbliana murach gur cuireadh slám leabhar chugam chun léirmheastóireacht a dhéanamh orthu.
Acu sin, ba iad Tír Bheag le Gaël Faye, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn agus foilsithe ag Barzaz, Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin agus foilsithe ag Éabhlóid, agus Dúchan – Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain, curtha in eagar ag Charles Dillon agus Colm Ó Cuaig le Máirín Nic Eoin agus Alan Titley, foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, na cinn ba mhó a thaitin liom.
Ach ansin, ag deireadh na bliana agus mé ar eitilt fhada trasna an Atlantaigh, chuir mé podchraoladh ar siúl nár éist mé leis le fada: The New Yorker: Fiction, gearrscéalta á léamh agus á gcíoradh ag eagarthóir ficsin na hirise sin, Deborah Treisman, agus a cuid aíonna, agus thug deis do scéalta nár léigh mé nó nár éist mé leo cheana dul i bhfeidhm orm: scéalta le ZZ Packer, Tessa Hadley agus Margaret Atwood.
Ní hé gur tháinig fonn orm ar an bpointe boise peann a chur le páipéar arís agus tabhairt faoi shaothar nua ficsin mé féin; a mhalairt, tagann tuirse an domhain orm ach cuimhneamh ar a leithéid.
Ach den chéad uair le bliain bhí mé meallta ag an litríocht arís agus mhothaigh mé gur mhaith liom a bheith i mo scríbhneoir arís amach anseo, cá bhfios in 2026.
WTF
Tá súil agamsa gurb ea freisin.
alan titley
Is scríbhneoir i gcónaí tú, Alex! Ná bí buartha. D’fhulaing tú go leor agus fillfidh an sruth….