Seo rud a dhéanann go leor daoine rómhinic, an scríbhneoir seo ina measc, agus muid ag scrolláil ar na meáin shóisialta.
Feicimid áiféis nó seafóid nó cúis náire in ábhar éigin atá á scaipeadh ag duine nó ag eagraíocht éigin. Scaipimid arís é chomh maith le tuairimíocht mhagúil nó tharcaisneach nó ghríosaitheach.
De réir a chéile áfach is léir gur fearg agus cothú feirge atá in uachtar ar na meáin fhrithshóisialta – an cur síos is cruinne ar ghréasáin a úsáideann logartaim rúnda chun fearg a scaipeadh agus chun a mbrabach a mhéadú dá bharr. Is léir uaireanta áfach nach bhfuil gá le cabhair lagartaim chun fearg mhíréasúnta a chothú. Mar a tharla Dé Luain seo caite.
Thug duine éigin faoi deara go raibh físeán nua curtha ar láithreán oifigiúil na Roinne Tithíochta. Thug an físeán comhairle ar dhaoine fásta óga nach bhfuil aon dul as acu ach cónaí lena dtuismitheoirí cheal airgid agus/nó cheal dídine.
Ba ghéar agus ba ghairid an breithiúnas a thug an slua ar líne ar an bhfíseán. Ábhar náire ab ea é dar lena bhformhór go raibh roinn rialtais ag eisiúint comhairle dá leithéid nár chóir a bheith riachtanach dá mbeadh tithíocht á soláthar mar ba chóir.
Níor thóg sé mórán ama ar Theachtaí Dála páirt a ghlacadh sa bhféile feirge agus fonóide ar líne. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald ar X gur chuir an físeán fearg ar na mílte nach raibh aon rogha acu ach filleadh ar thithe a dtuismitheoirí ó thit an bonn d’úinéireacht tithe. Díspeagadh rialtais ar an aos óg a thug sí ar an bhfíseán.
“An gcreideann an t-aire tithíochta (James Browne) dáiríre,” a dúirt urlabhraí tithíochta Pháirtí an Lucht Oibre, Conor Sheehan, “gur mian le daoine óga éisteacht le raiméis mhórchúiseach den sórt seo. Seo moladh dó, tóg tithe.”
Dúirt Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús nach raibh an rialtas ach ag ligean orthu féin
go raibh siad ag iarraidh dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta. Mhaígh urlabhraí tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialta, Rory Hearne gur léirigh an físeán meon a bhí éagórach as cuimse.
Tháinig an scéal fírinneach chun solais tráthnóna Dé Máirt. Cé gur scaip an Roinn Tithíochta an físeán ar X ní raibh aon bhaint eile ag an roinn leis, a dúirt an tAire Airgeadais Jack Chambers. Bhí ceisteanna á bhfreagairt aige sa Dáil in ionad an Taoisigh nuair a thug sé le fios gur daoine óga ón eagraíocht Spunout a chuir an físeán le chéile i gcomhar leis an ngníomhaireacht tithíochta.
Níor shásaigh a fhreagra ceannaire an Lucht Oibre, Ivana Bacik. Dar léi gur treise ná aoir an scéal go raibh Spunout maoinithe ag an rialtas chun comhairle a thabhairt do dhaoine óga a d’fhill ar thithe a muintire toisc nárbh acmhainn dá bhformhór áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar cíos.
Dúirt an tAire Tithíochta James Browne leis an gcoiste tithíochta níos deireanaí go raibh dul amú ar an státseirbhíseach a scaip an físeán ach gur le dea-rún a rinneadh é.
Is dócha go bhfuil tú ag fiafraí faoin am seo, a léitheoir dhil, céard is fiú an scéal seo a chíoradh anois? Tá iarracht ar fhreagra sa mhéid seo a leanas.
Níl aon locht ar an bhfíseán, a baineadh de shuíomh na Roinne Tithíochta Dé Céadaoin ach ar féidir breathnú air anseo. Is é sin le rá nach bhfuil aon locht air ach amháin gur i mBéarla amháin a d’eisigh eagraíocht stát-urraithe a leithéid.
Sa bhfíseán, molann beirt daoine óga do dhaoine fásta óga a fhilleann ar thithe a dtuismitheoirí socruithe éagsúla a phlé leo. Maidir leis an gcíos a d’fhéadfaidís a íoc, mar shampla, nó leis an obair a dhéanfaidís sa teach. Mhol urlabhraithe an rialtais agus an fhreasúra araon saothar Spunout agus scéal an fhíseáin á phlé.
Is mionsampla breá mar sin an fhearg agus an alltacht a spreag scéal míchruinn an fhíseáin ar feadh cúpla lá den drochfhaisnéis a scaiptear ar ghréasán Elon Musk agus gréasáin eile a thuilleann cur síos orthu mar mheáin fhrithshóisialta.
Thug daoine óga comhairle réasúnta sa bhfíseán do dhaoine óga nach bhfuil aon rogha acu faoi láthair ach cónaí lena dtuismitheoirí. Pléadh a saothar ar líne áfach agus ina dhiaidh sin i dTeach Laighean amhail is go raibh togra soiniciúil rialtais ar bun a léirigh drochmheas náireach ar dhaoine nach féidir leo ionad cónaithe a aimsiú ar phraghas nó ar chíos inacmhainne.
Bhí pointí fiúntacha i ráitis an rialtais agus an fhreasúra agus cúrsaí tithíochta á bplé Dé Máirt ach cuireadh am amú le tagairtí do scéal míchruinn gan mhaith. Nó, lena rá go díreach, le caint ar ráfla seafóideach.
Níor pléadh an dochar pearsanta agus sóisialta a dhéanann cónaí fada in éineacht le tuismitheoirí d’aos óg áirithe.
Níor pléadh a éifeacht: an laghdú tubaisteach ar an ráta beireatais atá faoi bhun an ráta athnuachana (2.1 páiste ar an meán a bheith ag gach bean) le breis agus deich mbliana. Murach an inimirce, bheadh daonra an stáit ag laghdú.
Níor pléadh an céatadán den aoisghrúpa 25-29 a bhí ag cur fúthu lena dtuismitheoirí ar tháinig méadú air ó 17 faoin gcéad in 2011 go dtí 23 faoin gcéad im 2022 de réir dhaonáireamh na bliana sin.
Níor pléadh ach oiread an mhoill atá á cur ar chleamhnais ná ar theacht in aibíocht mhórán daoine óga ná ar a lán-rannpháirtíocht i saol an phobail. Ná an easpa tithíochta ar cuid den chúis í.
Iarnóta Fad a bhí an raiméis thuas a scaipeadh i dtosach ar X á plé sa Dáil Dé Máirt, cheadaigh an Ard-Chúirt dúshlán dlíthiúil d’Elon Musk.
Tá sé ag cur in aghaidh chinneadh Choimisiún na Meán fiosrú a thosú chun a fháil amach ar sháraigh cleachtais ghearáin X an tAcht um Seirbhísí Digiteacha.
Fág freagra ar 'Spreag scéal míchruinn ar na meáin shóisialta áibhéil as cuimse ar feadh dhá lá i dTeach Laighean'