Chuala mé tuin láidir cainte…tá na hÉireannaigh i ngach áit

Agus muid ar cuairt ar Eaglais agus Coláiste Naomh Isidore, ní rabhamar ag súil le ceangal láidir Éireannach le Baisleac Naomh Clemente

Chuala mé tuin láidir cainte…tá na hÉireannaigh i ngach áit

Is fada mé ag súil le cuairt a thabhairt ar an mbaisleac atá tiomnaithe do Naomh Clemente sa Róimh. Ach shíl mé i gcónaí go raibh sé i bhfad amach as an gcathair agus gur mhór an stró an turas a dhéanamh ann.

Ansin, fuair mé amach ar mo thuras chuig an Róimh le deireanas nach bhfuil sé ach achar réasúnta de shiúl na gcos ón gColiseum agus tá sé fíor-éasca a dhul ansin. Tá difríocht idir baisleac agus eaglais nó ardeaglais – cuid acu, bíonn siad ainmnithe ag an bPápa.

Tar éis a bheith báite i stair na hÉireann agus muid ar cuairt ar Eaglais agus Coláiste Naomh Isidore, ní rabhamar ag súil le ceangal láidir Éireannach le Baisleac Naomh Clemente. Ach chuala mé tuin láidir Éireannach chomh luath agus a chuaigh mé thar doras isteach. Bhí sagart ó Ord na nDoiminiceánach ag caint le scata turasóirí ann.

D’inis seisean dúinn gur leis na Doiminiceánaigh an baisleac, atá ar ceann de na baisleaca is clúití sa Roimh, agus gur Éireannach é an Prióir ansin, an tAth Paul Lawlor. Ní hé amháin sin, ach is seandálaí é atá i gceannas ar na hoibreacha seandálaíochta atá ar bun i gcónaí ar an suíomh ansin.

Agus tá baint ag an scéal le polaitíocht na hEorpa sa lá inniu – is duine de shliocht an Athar Joseph Mullooly, O.P., é an feisire Eorpach Ciaran Mullooly – iar-chomhghleacaí liom in RTÉ. Agus ba é an tAthair Joseph Mullooly sin i lár an 19ú haois, a tháinig ar na hiontais mhóra i mbaisleac San Clemente, a mheallann na mílte turasóir agus oilithrigh ansin chuile bhliain.

Go deimhin, bhí ócáid mhór ag Parlaimint na hEorpa ann anuraidh nuair a tháinig slua mór ann le ceiliúradh a dhéanamh ar an Athair Mullooly as contae Longfoirt agus gach ar bhain sé amach i scéal na seandálaíochta agus stair na Roimhe le linn dó a bheith ina Phrióir ar an Ord ansin.

Chuir sé iontas ar dhaoine san 19ú céad agus tá sé fós ag cur daoine faoi gheasa, nuair a thugann siad cuairt ann agus nuair a chuirtear ar a súile dóibh go bhfuil trí leibhéal éagsúla sa mbaisleac agus go raibh eaglais nó ionad creidimh ar gach leibhéal acu sin.

Ar an ngnáthleibhéal – an áit a dtéann tú isteach chun freastal ar Aifreann, nó chun sásamh a bhaint as na mósáicí atá ar an altóir ann, tá tú i mBaisleac San Clemente, in eaglais a bunaíodh sa 12ú céad. Tá sé sin sách maith agus is álainn an áit é le cuairt a thabhairt anir agus sásamh a bhaint as an dearadh agus an obair atá déanta ar an athchóiriú.

Ach nuair a théann tú síos staighre ann, faigheann tú léargas ar an iontas a chonaic an tAthair Mullooly nuair a rinne sé poll sna clocha 170 bliain ó shin.

Bhíodh sé sa gcaint go raibh eaglais sa Róimh ón 4ú haois agus go raibh baint éigin le Naomh Clemente léi. Ceapadh gur ar an láthair chéanna leis an mbaisleac a tógadh sa 12ú céad a bhí sí. Ach séard a fuair an tAth Mullooly amach ná gur faoin mbaisleac a bhí an chéad eaglais sin. Cuimhnímis go bhfuilimid ag caint ar ré Naomh Pádraig anseo – nó fiú amháin roimhe sin.

Agus séard a fuair sé faoin urlár ná fothracha, pictiúir ar na ballaí, seaniarsmaí eile a bhain leis an eaglais a bhí ansin sa 4ú haois.

Is cosúil gur mhair an chéad eaglais sin go dtí an 12ú aois nuair a drinneadh amach go raibh sí i droch-chaoi agus go raibh contúirt ag baint léi. Líonadh isteach an áit agus úsáideadh an tseaneaglais mar chineál bunsraith don bhaisleac nua. Agus níor cuireadh isteach ná amach air ariamh gur thosaigh Joseph Mullooly ag tochailt as féin. Nach iontach an rud í an fhiosracht!

Bhí sé sin sách maith, ach nuair a rinneadh tuilleadh tochailte, nár thángadar ar áit eile creidimh, faoin urlár thíos faoin talamh arís.

Baineann na hiarsmaí a fuaireadar ansin le creideamh a bhí á chleachtadh ag na Rómhánaigh roimh an gCríostaíocht – thart ar an 1ú aois, ceaptar. Sa gcreideamh sein, bhíodh ‘Dia’ darbh ainm ‘Mithras’ á adhradh acu agus mhair an creideamh sin gur tháinig an Chríostaíocht isteach agus faoi dheireadh an 4ú haois bhí sí sin ina creideamh ‘oifigiúil’ ag Impireacht na Róimhe.

Níl a fhios cé mhéid péintéireachtaí ballaí, freascónna, atá le feiceáil ó na blianta stairiúla a bhaineann le gach aois den bhaisleac. Ar ndóigh tá cuid acu níos críochnúla ná a chéile. Ach is dócha go mbaineann sé seo ar fad leis an obair seandálaíochta atá fós ar bun ag na Doiminiceánaigh ansin.

Tá sé deacair a chreidiúint ach tá ‘altóir’ a bhain leis an gcreideamh réamhChríostaí sin fós ina sheasamh ar an urlár sin atá trí leibhéal thíos faoin talamh. Tá iarsmaí de fhothracha eile a bhain leis na Rómhánaigh ag an leibhéal íseal sin – ceann acu a gceaptar gur bhain sé leis an mionta a bhí ag na Rómhánaigh chun airgead a bhualadh.

Agus mar a bheifeá ag súil leis, tá baint bheag ag Bealach a’Doirín leis an mbaisleac. Bhí mo dheartháir ag fiosrú le gairid cá as a dtáinig an t-ainm ‘Cyril’ – bhí sé chun bualadh lenár gcol ceathrar Cyril gar do Bhealach a’Doirín. Nach bhfuair mé amach gur Naomh de chuid na dtíortha Slavacha é Naomh Cyril agus go bhfuil sé féin curtha i mBaisleac Naomh Clemente. Tá Baisleac San Clemente ina mhórionad ag na tíortha Slavacha, dá bharr sin.

Agus rinne Cyril rud eile – rinne sé an chéad aibítir Shlavach a scríobh agus sin é is cionsiocair leis an bhfocal ‘Cyrillic’ a thugtar ar an aibítir Shlavach ó shin i leith.

Tuigtear gur thug Naomh Cyril agus a dheartháir Naomh Methodius taisí Naomh Clemente ar ais chuig An Róimh sa 9ú haois agus gur cuireadh ansin iad.

Nach ag Naomh Jerome a bhí an ceart nuair a scríobh sé in 392 AD go raibh eaglais sa Róimh ina gcuimhnítear ar Naomh Clemente, an tríú pápa a bhí ann ariamh. Ach go dtí gur thosaigh fear chontae Longfoirt ag tochailt, ní raibh a fhios go baileach cá raibh an scéal ina iomláine.

Fág freagra ar 'Chuala mé tuin láidir cainte…tá na hÉireannaigh i ngach áit'