‘Tá sé in am fáil amach céard atá ag teastáil ó theaghlaigh’ – éileamh déanta ar bhunú macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge

Léiríonn taighde nua nach bhfuil ach céatadán íseal teaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge ach deirtear go dtabharfadh macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge cabhair agus spreagadh do thuismitheoirí

‘Tá sé in am fáil amach céard atá ag teastáil ó theaghlaigh’ – éileamh déanta ar bhunú macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge

Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair

Tá sé ráite ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil sé in am ag an rialtas tosú ar an obair i dtreo Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht. 

Léirigh taighde nua de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaelacht ag tógáil a gclann le Gaeilge agus gur tháinig laghdú suntasach ar chéatadán na ngasúr idir 3-18 bliana d’aois sa nGaeltacht a bhfuil an teanga acu. 

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go dtabharfadh macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, ar cuireadh deireadh léi in 2011, cabhair agus spreagadh do thuismitheoirí a gcuid gasúr a thógáil le Gaeilge. Deir ceannasaí na heagraíochta, Sorcha Ní Chéilleachair, go bhfuiltear ag éileamh ar Roinn na Gaeltachta tabhairt faoi staidéar féidearthachta ar mhúnla nua don scéim. 

“Táimid i bhfabhar Scéim Labhairt na Gaolainne ar chur ar bun arís,” a dúirt Ní Chéilleachair le Tuairisc. “Táimid i bhfabhar é a chur ar bun sula dtéann páistí ar scoil ar dtús. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé in am anois dul amach agus fáil amach cad atá ar bun nó cad tá ag teastáil ó theaghlaigh, cad a dh’oibreodh agus cad ná oibreodh.” 

Nuair a cuireadh deireadh leis an scéim in 2011, deontas €260 in aghaidh na scoilbhliana a bhí á íoc le teaghlaigh sa nGaeltacht ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí scoile. 

Dúirt Ní Chéilleachair go mbíodh an scéim in ann tuismitheoirí a spreagadh chun an Ghaeilge a thabhairt dá bpáistí gan an iomarca brú a chur orthu. 

“Tá sé fíor fíordheacair dul thar tairseach isteach go dtí an baile, go dtí an teaghlach. Is áit ana-phríobháideach é agus sin an bua a bhain leis an scéim is dócha, gur thug sé an saghas an t-aitheantas san don teaghlach ach nach raibh sé ag brú aon rud orthu,” a dúirt Ní Chéilleachair. 

“Tá sé in am ceist a chur ar an bpobal agus ar an bpobal atá ag tógaint a gclann le Gaolainn. Céard ar mhaith leo, cad a chabhródh leo agus conas scéim a dhearadh a dh’oibreodh.” 

Dúirt an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe, a rinne comhairleoireacht ar an tuarascáil a d’fhoilsigh Tuismitheoirí na Gaeltachta, gur aithníodh go forleathan go raibh go leor lochtanna ar Scéim Labhairt na Gaeilge ach gur mhúnla nua a bhí ag teastáil seachas deireadh ar fad a chur léi. Mhaígh sé go raibh tionchar an chinnidh sin le feiceáil sa laghdú suntasach a tháinig ar líon na gcainteoirí Gaeilge óga idir Daonáirimh 2011-2016. 

“Bheadh daoine ag rá nár cheart go mbeifeá ag tabhairt airgead do dhaoine as Gaeilge a labhairt agus ar ndóigh níor cheart. Tá go leor daoine díograiseacha ann a dhéanfadh an rud ceart gan aon airgead ach ní leor iad. Ní leor iad chun an ‘critical mass’ a theastaíonn le gur féidir an Ghaeilge a choinneáil mar theanga phobail,” a dúirt Ó hÉallaithe ag seoladh na tuarascála. 

In 2023, d’eagraigh Roinn na Gaeltachta “meitheal smaointeoireachta” faoi scéim a d’fhéadfadh a bheith ina “comharba” ar Scéim Labhairt na Gaeilge ach tá sé ráite go neamhbhalbh ó shin nach bhfuil an scéim á tabhairt ar ais. Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary mí Iúil na bliana seo nach raibh “aon phlean ag an bpointe seo faoi Scéim Labhairt na Gaeilge” a thabhairt ar ais. 

Léirigh Sorcha Ní Chéilleachair dóchas faoi scéim eile atá ar na bacáin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc teaghlaigh Ghaeltachta, áfach. 

Dúirt Ní Chéilleachair go raibh staidéar féidearthachta faoi Scéim an gCuairteoirí Baile curtha faoi bhráid Roinn na Gaeltachta agus go raibh súil aici go mbeadh tacaíocht ina taobh le teacht. 

Faoin scéim seo, thiocfadh duine chuig teach chun tacaíochtaí teanga a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Cuairt uair an chloig ar feadh sé seachtaine a bheadh i gceist. 

Tá an scéim á reáchtáil ag an eagraíocht Tús Maith i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire ach tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag súil le tacaíocht a fháil chun í a leathnú amach go dtí na Limistéir Pleanála Teanga ar fad. 

“Cuireann [Tús Maith] cuairteoirí isteach go dtí an baile le saibhriú teangan a dhéanamh leis an teaghlach nó b’fhéidir cúnamh a thabhairt dóibh más ag foghlaim na teanga atá siad. Bíonn sé seachtainí de chuairteanna baile ag teaghlaigh a chuireann isteach ar an scéim agus tá ag éirí go hiontach léi. 

“Bheadh sé ceangailte le himeachtaí eile agus go mbeadh an duine céanna ag plé le grúpa tuismitheoirí agus leanaí agus go meallfadh siad an teaghlach amach sa bpobal chomh maith.” 

Dúirt Ní Chéilleachair go ndearna SEALBHÚ ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath staidéar féidearthachta ar fhorbairt na scéime agus go raibh an Roinn “an-dearfach” ina taobh. 

Fág freagra ar '‘Tá sé in am fáil amach céard atá ag teastáil ó theaghlaigh’ – éileamh déanta ar bhunú macasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge'

  • Lillis Ó Laoire

    Ba chóir go dtabharfaí ar ais an Scéim cinnte, ach gan meon an phionóis mar bhonn faoi, mar a bhí faoi cheana nuair a bhí sí i réim. Obair a bheadh a dhíth fosta le go bpillfeadh daoine óga abhaile ón Astráil agus ó áiteacha eile.

  • Pádraic

    Ná feidhmítear a leithéide de Scéim tríd na scoileanna Gaeltachta agus cuid acu ag cothú cultúr an Bhéarlachais i measc scoláirí. Múinteoirí gan Ghaeilge earcaithe ag bainistíocht roinnt scoileanna Gaeltachta agus iad ag teagasc trí mheán an Bhéarla faoina ngob! Scoláirí ag cailliúint amach ar phointí san Ardteist de bharr mhífheidhmiúlacht an dream atá ceapaithe a bheith i gceannas! Scartar amach an chur i gcéill i leith na Gaeilge i roinnt scoileanna Gaeltachta agus teaghlaigh atá tiomanta ag tógáil a ngasúr le Gaeilge agus a thuigeann saibhreas na teanga!