Níl sé chomh fada sin siar nach mbíodh ach aon teach amháin i gCois Farraige a chrochadh soilse Nollag taobh amuigh den teach (agus é déanta acu breá luath i gcónaí!). De réir a chéile le deich mbliana anuas nó mar sin, tá méadú mór tagtha ar líon na dtithe a bhíonn ag glioscarnach i nduibheagán an gheimhridh.
Ba mhór a theastaigh a leithéid cúig bliana ó shin, agus seacht mí den Dianghlasáil curtha dínn againn agus Nollaig Mhór an Víris Chorónaigh á ceiliúradh againn.
Le cúpla lá anuas, ní féidir dul ó chathair gheal na Gaillimhe go Baile na hAbhann gan radharc a bheith agat ar theach maisithe soilsithe gach coisméig den bhealach. Tá idir thithe príobháideacha, ghnólachtaí, séipéil agus go deimhin bailte ar fad lasta go hálainn ag muintir na Gaeltachta.
Bhí mé féin i láthair ag ócáid dheas i sráidbhaile an Spidéil ag tús na míosa nuair a tháinig Saintí féin (ní i gcarr sleamhnáin ach i gcurach) le soilse oifigiúla an bhaile a lasadh ag Cill Éinde, agus is mór an t-ardú croí atá tugtha ag na soilse céanna ar an mbealach siar abhaile tráthnónta dorcha.
Ach nuair a bhíonn mé ag dul a luí cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, bíonn scala na soilse geala ag lonrú leo go fóill. Tá go leor acu fós lasta nuair a éirím sa dorchadas roimh bhreacadh an lae dár gcionn. Cé uaidh atá sprid na Nollag ag teastáil chomh géar sin go gcaithfidh na soilse a bheith lasta lena aghaidh ag a trí a chlog ar maidin?
Tá tuiscint níos fearr anois ná riamh againn ar thionchar an truaillithe solais ar an dúlra. Tá sé ráite cheana féin ag saineolaithe go bhfuil an truailliú solais ag dul in olcas go mór i nGaeltacht Chonamara le tríocha bliain anuas agus léiríodh ar an Light Pollution Map [Mapa an Truaillithe Solais] níos luaithe i mbliana go bhfuil an Spidéal agus an Cheathrú Rua i measc na gceantar Gaeltachta is measa truailliú solais.
Tá tábhacht as cuimse ag baint leis an dorchadas nádúrtha do shláinte an éiceachórais, agus don duine daonna féin. Cuireann an solas saorga isteach go mór ar ainmhithe, éin, éisc, agus feithidí agus bíonn tionchar aige sin ar roth mór an tsaoil.
Níl mé ag maíomh, ar chor ar bith, gur chóir dúinn cosc a chur ar shoilse Nollag. Mar a luaigh mé cheana, is mór an t-ardú croí a thugann siad dom agus is deas mar a mhaisíonn siad an chuidín dorcha s’againn féin den domhan sna geimhrí fada a bhíonn againn. Ach is féidir tabhairt faoin soilsiú séasúrach ar bhealach cliste. Ní hamháin go gcaomhnódh cúpla beart cliste an dorchadas naofa sin atá ag teastáil go géar uainn ach shábhálfaí cúpla pingin orainn freisin.
An rud is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh (seachas a bheith i do Scrúg amach is amach) ná an soilsiú a choinneáil ar an taobh istigh an oiread agus is féidir. Bíodh cúpla solas deas agat ar an taobh amuigh ach cuimhnigh nach bhfeicfidh tú féin iad ach amháin nuair a bhíonn tú ag teacht is ag imeacht agus nach bhfeicfidh na daoine atá ag tiomáint ar luas lasrach thar bhráid do thí ach ar feadh dhá shoicind iad. Is mó fiúntas a bheadh acu mar shoilse taobh istigh den teach féin, mar a mbeidh tú in ann pléisiúr mar is ceart a bhaint astu.
Ach tuigim go bhfuil an soilsiú taobh amuigh anois tolgtha againn ó Mheiriceá agus ina dhlúthchuid den Nollaig ag go leor daoine. Ní dhéanfaidh mé iarracht cur ina luí ar na daoine sin gur leor cúig chéad bolgán solais ar bheanna an tí agus nach dtabharfadh duine ar bith faoi deara an 150 breise sin a cheannaigh siad i mbliana.
Ar na daoine sin ní dhéanfaidh mé ach achainí amháin – amadóir a cheannacht do na soilse. Is gníomh an-bheag ach an-chliste é a shábhálfaidh na héanacha atá dallta ina nead ag an bhfear sneachta mór geal sin i do gharraí agus a shábhálfaidh na pingneacha nuair a thiocfaidh an bille ón mBord Soláthair Leictreachais isteach i mí Eanáir.
Bíonn sé dorcha sa gcuid is mó den tír seo óna ceathair a chlog i mí na Nollag. Má shocraíonn tú amadóir a lasfadh na soilse an uair sin agus a mhúchfadh arís iad ag leathuair tar éis a haon déag, beidh tú féin, na daoine a bhíonn ag tiomáint abhaile ag a sé a chlog, agus na daoine a bhíonn ag siúl abhaile ón teach tábhairne tar éis dheochanna deireanacha na hoíche in ann lán-sásamh a bhaint as na soilse, agus beidh deis ag na héin, na sionnaigh, agus na leamhain néal codlata a dhéanamh.
Fág freagra ar 'Cé dó a mbíonn soilse na Nollag lasta ag a trí a chlog ar maidin i gCois Fharraige?'