Craobh Idirmheánach Peile na Mumhan – Babhtaí Leathcheannais
Cora Finne v An Ghaeltacht – Cora Finne, 1.30pm
Craobh Shinsir Peile na Mumhan – Babhta Leathcheannais
Daingean Uí Chúis v Mungairit, Naomh Pól – Trá Lí, 1.30pm
Bhí briseadh mór fada ag imreoirí Chumann Caide na Gaeltachta tar éis dóibh Craobh Idirmheánach Chiarraí a bhuachan in aghaidh an Fhosaidh i lár mhí Mheán Fómhair ach táid ag seoladh arís agus a n-aghaidh anois ar chraobh an chúige.
Ba mhór an cúnamh dóibh an dá chluiche a bhí acu i gCraobh Chiarraí Thiar le cúpla seachtain anuas chun aon mheirg a chur díobh. Bhuaigh an Ghaeltacht ar an nDaingean i gcluiche tábhachtach sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin sular thug siad an corn áitiúil leo den chéad uair ó 2017 le bua ar Chaisleán Ghriaire an deireadh seachtaine seo caite.
Ní raibh foireann Fhergal Uí Shé i mbarr a maitheasa ceachtar den dá lá ach, agus imreoirí ar iarraidh agus an aimsir ag dul in olcas, an rud ba thábhachtaí ná filleadh ar pháirc na himeartha.
I gcontae an Chláir a bheidh fir na Gaeltachta tráthnóna agus aghaidh á tabhairt acu ar Chora Finne i gcluiche leathcheannais chraobh idirmheánach na Mumhan.
Den chúigiú huair a bhuaigh Cora Finne an chraobh idirmheánach an mhí seo caite agus cé nár chaill siad aon chluiche riamh a d’imir siad sa mbaile i bPáirc Finne i gcraobh na Mumhan, rogha na coitiantachta iad na Ciarraígh go fóill.
Beidh an bainisteoir ag súil go mbeidh Aidan Walsh, Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Seán Ó Cuinn ar fáil arís tar éis dóibh cluiche ceannais Chiarraí Thiar a chailliúint. Is cinnte nach mbeidh Franz Sauerland, captaen na foirne, ar fáil tar éis dó a ghlúin a ghortú in aghaidh an Daingin ach má thugann leithéidí a dhearthár Peter Paul, Aodhna Ó Beaglaoich agus Brian Ó Beaglaoich taispeántais mar a thug i gcluiche ceannais an chontae, ba cheart go mbeadh cosaint na Gaeltachta in ann ag a gcéilí comhraic, cé go gcaithfear súil ghéar a choinneáil ar an iar-imreoir contae Jamie Malone, atá ag taisteal anonn agus anall as Abu Dhabi do na cluichí.
Bhí Aidan Walsh agus Cathal Ó Beaglaoich ar fheabhas i lár na páirce don Ghaeltacht i gcluiche ceannais an chontae agus má éiríonn le Éanna Ó Conchúir, PJ Mac Láimh, Conor Ó Corrduibh agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich spás a fháil i measc na dtosaithe, ba cheart go mbeadh an lá leo.
Níos gaire don bhaile a bheidh an Daingean agus iad le haghaidh a thabhairt ar sheaimpíní Luimnigh, Mungairit Naomh Pól, i dTrá Lí i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na Mumhan.
Bhí fir an bhaile d’uireasa go leor imreoirí sa gcluiche sin in aghaidh na Gaeltachta i gCraobh Chiarraí Thiar ach tá súil ann go mbeidh an triúr Geaneys, Paul, Dylan agus Conor, ar ais inniu agus caint ann freisin go bhféadfadh Mark O’Connor páirt a ghlacadh agus é fós sa mbaile.
Bhuaigh Mungairit Craobh Shinsir Luimnigh den chéad uair riamh níos luaithe i mbliana agus triúr iad Jason Hassett, Killian Ryan agus Darragh O’Hagan a bhí ag imirt do Luimneach i gcluiche ceannais Chorn Tailteann mí Iúil.
Fuair an Daingean taithí ar Chraobh na Mumhan cúpla bliain ó shin nuair a chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais. Chaill siad in aghaidh Ghleann Bhearcháin ar chiceanna éirice an lá sin agus más leo dul céim níos faide i mbliana, beidh tús maith ag teastáil inniu.
Fág freagra ar 'Lá mór d’fhoirne Chorca Dhuibhne agus cluichí leathcheannais na Mumhan rompu'