Obair le déanamh ag Gaillimh, fiúntas Chorn Tailteann soiléir agus údar misnigh don Chlár

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra CLG an deireadh seachtaine

Obair le déanamh ag Gaillimh, fiúntas Chorn Tailteann soiléir agus údar misnigh don Chlár

Obair le déanamh ag tosaithe na Gaillimhe

Bua tábhachtach a bhí i gcluiche an tSathairn d’iománaithe na Gaillimhe agus do bhainisteoir na foirne, Henry Shefflin. An sprioc a bheadh ag Shefflin ag tús na bliana ná babhtaí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach agus tá sin anois déanta aige. Sárfhoireann Luimnigh atá ag fanacht leo, áfach, agus cé nach raibh ach aon scór amháin idir na foirne sa dá chluiche craoibhe is deireanaí a imríodh eatarthu, ón méid atá feicthe againn le roinnt seachtainí anuas beidh feabhas ollmhór ag teastáil ó Ghaillimh má tá siad chun coinneáil le seaimpíní na hÉireann.

In aghaidh Chorcaí Dé Sathairn, níor scóráil Gaillimh ach 2-6 sa chéad leath agus an t-ádh orthu an dá chúl sin a fháil, go háirithe ceann Jack Grealish ag fíorthús an chluiche. D’fhág sin nár éirigh leis na Gaillmhigh ach sé phointe a scóráil sa chéad 35 nóiméad, scór an-íseal.

Bhí an fhadhb chéanna ag cur as dóibh in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean nuair nach raibh ach naoi bpointe faighte ag Gaillimh ag deireadh an chéad leatha. Chríochnaigh siad le seacht bpointe dhéag.

Tá cosantóirí maithe ag Gaillimh a chinntíonn go mbíonn an fhoireann fós sa choimhlint fiú má theipeann orthu go leor scóranna a fháil ach ní dhéanfaidh sé phointe ná naoi bpointe sa chéad leath aon mhaith in aghaidh Luimnigh an chéad lá eile. Scóráil foireann John Kiely 30 pointe nó níos mó i gceithre cinn de na cúig chluiche a bhí acu i gCraobh na Mumhan i mbliana agus fiú má éiríonn le cosantóirí na Gaillimhe srian a chur orthu, beidh breis is 20 pointe ag teastáil ó Ghaillimh go fóill chun an cluiche a bhaint.

 

Conor Devitt agus Charlie McGuckin le Peter Duggan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Clár tagtha slán ó choimhlint chrua

Samhradh iontach a bhí ann d’iománaithe an Chláir go dtí seo agus níl deireadh tagtha leis go fóill tar éis dóibh Loch Garman a chloí i gcluiche drámatúil Dé Sathairn. Measadh ag tús na craoibhe go mbeadh sé deacair ag foireann Brian Lohan teacht slán ó Chraobh na Mumhan ach tá siad anois ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann agus iad aitheanta mar an dara foireann is fearr sa tír faoi láthair. 

Tá an t-aitheantas sin tuillte acu tar éis dóibh dhá chluiche den scoth a imirt in aghaidh Luimnigh. Bhí siad buille ar bhuille le seaimpíní na hÉireann sa dá chluiche sin, comhscór a bhí i gceann acu agus bhí gá le ham breise i gcluiche ceannais na Mumhan. 

Mar sin féin, údar imní amháin do na Cláirínigh gur theip orthu ceachtar den dá chluiche a bhuachan. Bhuaigh siad go réidh ar Thiobraid Árainn agus ar Phort Láirge sa chraobh ach chliseadar sa dá chluiche is déine a bhí acu.

Údar misnigh dóibh é mar sin an chaoi gur éirigh leo an bua a fháil in aghaidh Loch Garman ag an deireadh seachtaine. Nuair a tháinig an crú ar an tairne, tháinig an Clár ar ais go láidir lena chinntiú go mbeadh an lá leo. D’aimsigh siad 1-9 sna nóiméid dheireanacha, i gcomparáid le 0-2 ó Loch Garman. Cinnte, níl Loch Garman ag an leibhéal céanna le Luimneach ach tabharfaidh bua i ndianchoimhlint an-spreagadh don Chlár agus iad ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh.

 

Jordan Hayes. Pictiúr: INPHO/Evan Treacy

Fiúntas Chorn Tailteann léirithe

Ní chuirfidh sé iontas ar aon duine gurb iad An Cabhán agus An Iarmhí a bheidh i gcluiche ceannais Chorn Tailteann. Cé gur mhaith le duine nach mbeadh sé chomh héasca a thuar roimh ré cé a bheadh san iomaíocht i ndeireadh comórtais, seans gur comhartha maith é rath an Chabháin agus na hIarmhí go dtí seo.

Bhí amhras ann roimh thús Chorn Tailteann faoin tsuim a bheadh ag foirne áirithe sa chomórtas nuair a díbríodh iad ón bpríomhchraobh ach léiríonn díograis na bhfoirne is láidre sa chomórtas an fiúntas atá leis.

Thuig lucht bainistíochta an Chabháin agus na hIarmhí an tairbhe a bheadh le corn a bhuachan agus iad ag iarraidh na foirne a thabhairt chun cinn. Má éiríonn go maith leis an gCabhán nó an Iarmhí i sraith na bliana seo chugainn, beifear ag trácht ar an mbaint a bhí ag Corn Tailteann lena ndul chun cinn agus spreagfar tuilleadh foirne chun a ndícheall a dhéanamh chun an comórtas a bhaint.

Bhí an baol ann go gcuirfeadh easpa suime deireadh leis an gcomórtas sular thosaigh sé i gceart, ach beidh Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith sásta leis an gcaoi a ndeachaigh cúrsaí go dtí seo.

 

Emma Duggan agus Lauren McConville. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Na boic mhóra i bPeil na mBan slán go dtí seo

Tá áit i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann i bPeil na mBan bainte amach ag ceithre cinn de na hocht bhfoireann a bheidh páirteach iontu théis an dara babhta cluichí i gcraobh na bliana seo.

Tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Chiarraí sa chéad bhabhta, tháinig Gaillimh ar ais go láidir agus bhí bua cumasach acu in aghaidh na hIarmhí. Bhí na Gaillmhigh faoi bhrú luath sa chluiche ach léirigh siad a gcumas ina dhiaidh sin chun an cluiche a bhuachan, 1-18 in aghaidh 0-4. Siobhán Divilly a scóráil an cúl do Ghaillimh agus fuair a deirfiúr Olivia cúig phointe.

D’fhéadfadh Gaillimh a bheith le seaimpíní na hÉireann, an Mhí, sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis d’fhoireann Eamonn Murray teacht tríd le comhscór in aghaidh Ard Mhacha. Bhí na hUltaigh chun cinn agus an t-am nach mór caite ach scóráil Orlagh Lally pointe don Mhí a d’fhág na foirne cothrom.

I nGrúpa 1, tá Áth Cliath agus Maigh Eo cinnte d’áiteanna sna babhtaí ceathrú ceannais freisin agus Tiobraid Árann agus An Cabhán cloíte acu. 

Bheadh súil ann go mbeidh Ard Mhacha, Ciarraí, Corcaigh agus Dún na nGall leo sna babhtaí díbeartha ach d’fhéadfadh casadh eile a bheith sa scéal agus na cluichí deireanacha i mbabhta na ngrúpaí le himirt an deireadh seachtaine seo chugainn.

Fág freagra ar 'Obair le déanamh ag Gaillimh, fiúntas Chorn Tailteann soiléir agus údar misnigh don Chlár'