Obair cúig bliana curtha i gcrích agus Ionad Pobail nua oscailte ar Inis Meáin

Tá ionad cúram leanaí, halla don phobal, oifigí agus mol digiteach san ionad nua ar Inis Meáin

Obair cúig bliana curtha i gcrích agus Ionad Pobail nua oscailte ar Inis Meáin

Tá ionad pobail nua ar cheann d’oileáin Árann oscailte ag Aire Stáit na Gaeltachta.

Agus Ionad Pobail Inis Meáin á oscailt ar maidin aige, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go gcuirfeadh an t-ionad leis an obair atá ar bun ar an oileáin cúrsaí Gaeilge, cúrsaí gnó agus cúrsaí cultúrtha a chur chun cinn.

Tá ionad cúram leanaí, halla don phobal, oifigí agus mol digiteach san ionad nua mar chuid den ionad nua.

Tá an t-ionad lonnaithe san áit a bhíodh an sean-ionad tumadóireachta ag Carcair na Leacht ar an oileán. Cheannaigh Comhlacht Forbartha Inis Meáin an foirgneamh in 2017 le cabhair Údarás na Gaeltachta. Chuir Roinn na Gaeltachta breis is €500,000 ar fáil chun an foirgneamh a réiteach agus bailíodh os cionn €21,000 freisin trí fheachtas GoFundMe. An t-ailtire Vincent Coleman agus an comhlacht tógála Goodmar Constructions a rinne an obair ar thógáil an fhoirgnimh.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “éacht suntasach” déanta ag an gcomhlacht forbartha chun an áis a thabhairt go ceann scríbe.

“Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin ar fad tá ionad pobail d’ardchaighdeán curtha ar fáil do phobal Inis Meáin a bheidh mar thacaíocht i gcur chun cinn gnó chomh maith leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach atá beo bríomhar ar an oileán a chaomhnú,” a dúirt sé ar maidin.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Chomhlacht Forbartha Inis Meáin gur “lá mór” a bhí ann do Inis Meáin agus an chéad mór-thogra de chuid an Chomhlachta Forbartha curtha i gcrích. 

“Tá áis den chéad scoth ar fáil anois do phobal agus do chuairteoirí ar an oileán – spás Naíonra, Gteic, spás phoiblí le haghaidh imeachtaí agus taispeántais, agus spás oifige don Chomhlacht Forbartha agus don Oifigeach Pleanála Teanga, a bheidh le ceapadh amach anseo. Gabhann muid buíochas le pobal Inis Meáin agus le Roinn na Gaeltacha a mhaoinigh an togra seo, agus le hÚdarás na Gaeltachta, a thacaíonn le hobair Chomhlacht Forbartha Inis Meáin i gcónaí.”

Ghabh Cuan Ó Seireadáin, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin, buíochas lena réamh-theachtaí sa ról, Ciarán Ó Ceallaigh, agus le Ciara Ní Fhátharta as an obair a rinne siad le cúig bliana anuas chun an togra a thabhairt chun críche.

“In ainneoin na ndúshláin éagsúla, d’éirigh linn an fís a fhíorú, agus tá an Ionad Pobail oscailte anois do phobal agus do chairde Inis Meáin. Cuirfidh sé go mór le saol an oileán, idir ghnó agus chultúir, agus beidh sé ina chrann taca don Ghaeilge agus do Ghaeltacht Inis Meáin sna blianta amach romhainn.”

Fág freagra ar 'Obair cúig bliana curtha i gcrích agus Ionad Pobail nua oscailte ar Inis Meáin'