Ó Rásaí na Gaillimhe go dtí The Walking Dead – moltaí teilifíse dóibh siúd atá ag iarraidh staonadh den ithe agus den ól

Anois an t-am le teacht suas ar chuid de na sraitheanna is fearr agus greim a fháil ar na boscraí. Ach cad iad na cinn is fearr lenár léirmheastóir?

Tar éis dul thar fóir i rith na Nollag, táimid ar fad ag iarraidh staonadh den ithe agus den ól do mhí Eanáir agus tabhairt faoi rúin na hathbhliana le fuinneamh agus le flosc. Agus tú sáinnithe sa tigh, b’fhéidir gur cheart duit craos a dhéanamh ort féin le drámaíocht seachas le bia agus deoch. Anois an t-am le teacht suas ar chuid de na sraitheanna is fearr agus greim a fháil ar na boscraí.

Ó tharla go bhfuilimid i ré órga na teilifíse, tá raidhse sraitheanna den scoth ann le lán do chuid súl a bhaint astu. Seo luach mo leathphingine faoi na cinn is fearr ar fad…


10. Bailiúcháin TG4: Cúbláil ar siúl agam anseo leis an gcéad bhuile sa tslí is nach boscraí iad seo ach bailiúcháin de chuid de na saothair drámaíochta a craoladh ar TG4 thar na blianta, gearrscannáin a bhformhór. I measc na saothar atá anseo, tá na sraitheanna Scéal (1 agus 2), Údar agus an dá shraith de Rásaí na Gaillimhe. I bhfad na haimsire bheadh sé go deas leithéidí Klondike, Corp + Anam agus An Bronntanas a fheiscint anseo. Ós ag caint ar ghearrscannáin mé, tá cnuasach deas (ach beag) de ghearrscannáin Ghaeilge ar shuíomh Bhord Scannán na hÉireann, an seoidín Cúilín Dúlach, san áireamh.

Corp agus ainm


9. Borgen: Is dóigh le mórán daoine go mbeireann an táirge Danmhargach seo barr bua ar The West Wing. Daonnnacht agus caidrimh phearsanta measctha le héachtaint réalaíoch ar an bpolaitíocht. Ceann feadhna mealltach í Birgitte Nyborg.

Níl de locht ar an táirge seo ach a laghad, agus sinn i bhfochair Birgitte is í thíos seal, thuas seal. Cúbláil bheag eile ar siúl agam anseo agam sa tslí is go bhfuil na táirgí Lochlannacha eile The Bridge agus The Killing (a ndearnadh leagan Meiriceánach de) á lua agam freisin. Táirgí coiriúlachta suaithinseacha.


8. Mad Men: Le Don Draper fearúil, a raghadh in airde ar ghála gaoithe, mar cheann feadhna tugtar léargas anseo ar thionscal fógraíochta na seascaidí i Nua-Eabhrac. Baintear súp anseo as na seascaidí a léiriú go paiteanta. Tá níos mó i gceist, áfach ná caitheamh tobac, deochanna meisciúla ag am lóin, cultacha cuidsúlacha agus seobhaineachas. Tugtar éachaintí ar ghluaiseachtaí na gcearta sibhialta agus an fheimineachais. Carachtair ildánacha, mhealltacha.


7. Love/Hate: Thosaigh daoine ag rith amach ón gcairt leis an moladh don táirge seo. Cé gur áiféis atá ann Love/Hate a chur i gcomparáid le cuid de na táirgí thíos, seo an saothar drámaíochta is fearr a tháinig ó cheárta an chraoltóra seirbhíse poiblí, gan ach Pure Mule agus The Clinic, b’fhéidir, in ann é a fhéachaint leis. Réalachas, greann agus foréigean fite fuaite le carachtair agus aisteoirí cumasacha. Tá ráitis Fran agus Nidge neadaithe i gcultúr coiteann na hÉireann. Níl an chuma ar an scéal go mbeidh Rebellion in ann guailleáil isteach lena ais.


6. The Walking Dead: Chuir na zombaithe mórán daoine ó dhoras an tsaothair seo. Níl ansin ach toise áirithe den saothar cumasach seo gur fuirist dul sáite ann. Carachtair théagartha, dhaonna, chaithiseacha. Radharcanna mothúchánacha fite fuaite le radharcanna aicsin den scoth. Blas scannánaíochta ar an léiriú iontach a dhéantar ar dhomhan diostóipeach. An Sasnach Andrew Lincoln iontach ar fad mar Rick Grimes agus tacaíocht aige ó chliar cumasach, anaithnid. Ach oiread le huimhir a cúig ar an liosta, ní leasc leis an saothar seo carachtair lárnacha a chur de dhroim seoil.


– Amárach foilseofar ar Tuairisc.ie rogha ár léirmheastóra óna 5-1

Fág freagra ar 'Ó Rásaí na Gaillimhe go dtí The Walking Dead – moltaí teilifíse dóibh siúd atá ag iarraidh staonadh den ithe agus den ól'