Ó mhic tíre Wall Street go noir Gaeltachta

Caitheann Breandán M Mac Gearailt srachfhéachaint ar chuid de na scannáin a tharraing aird an phobail is na léirmheastóirí in 2014.

An Bronntanas

An Bronntanas: Caithfear aitheantas faoi leith a thabhairt don táirge cumasach Gaeilge seo.

Is clochmhíle a bheadh ann dá n-éireodh le scannán Gaeilge ainmniúchán a ghnothú.Tá comhrac an bhradáin rompu mar tá breis agus ochtó scannán ó gach cearn den domhan sa rannóg seo.  Tá an scannán seo (agus an tsraith Corp + Anam) tar éis an noir Gaeltachta a thabhairt dúinn agus a chruthú go bhfuil táirgí Gaeilge breá in ann é a fhéachaint lena gcéilithe comhraic Béarla.

The Wolf of Wall Street


The Wolf of Wall Street: Abhaic á gcaitheamh, cócaon á smúradh agus na milliúin á saothrú agus ag imeacht le haer an tsaoil.

Dá mbeadh duais Oscar don scannán is fiáine riamh bheadh an scannán seo ar thosadh cadhnaíochta.

Le Martin Scorsese ar an stiúir agus taispeántas ábalta ó Leonardo Di Caprio sa phríomhról (a léiríonn arís eile gur aisteoir den scoth é nach bhfaigheann a cheart in aon chor – cuir an milleán ar Titanic), tugtar éachtaint dúinn ar an domhan éigialla seo. Bhí seo ‘bunaithe’ ar chuimhní cinn Jordan Belfort agus tá caimeo dodhearmadta ann ó Matthew McConaughey.

Nightcrawler


Nightcrawler: Bhí cad é bús faoi thaispeántas Jake Gyllenhall sa táirge seo sular seoladh an scannán fiú. Lena shúile súncáilte ina cheann agus a aoibh deoranta, d’éirigh le Gyllenhall an t-arrachtach is scanrúla ó 2014 a sholáthar.

Fear a dhéanfadh rud ar bith le teacht ar an scéal. Sleais diamhair ar mheon na meán atá anseo. Bí ag faire don scannán seo, Gyllenhall, go háirithe ar oíche Oscar.

Grand Budapest


The Grand Budapest Hotel: Táirge suaithinseach ó cheárta an auteur sainiúil sin Wes Anderson. Meitheal cumasach ina thimpeall: Willem Dafoe, Tilda Swinton, Adrien Brody, Jeff Goldblum agus Ralph Fiennes.

Is é carachtar Fiennes, Gustave, a dhéanann sinn a thionlacan tríd an domhan aduain seo sa bhathlach d’óstán iargúlta. Baintreacha a bhfuil fonn leathair orthu, faisistithe, éalú ó phríosiún agus tóraíocht slalom, deirimse meascán mearaí leat.

Boyhood


Boyhood: Scannán na bliana dar le mórán. 165 nóiméad ar fhad, gan pléascáin, tóraíocht carranna, arrachtaigh nó róbait.

Gaisce ann féin é gur éirigh leis guailleáil isteach i lár an aonaigh.

Díríonn Richard Linklater ar bhuachaill óg agus a mhuintir thar tréimhse dhá bhliain déag, ar scáileán agus sa saol.

Leanaimid an buachaill seo ar a aistear chun coinlíochta ó chúig bliana d’aois go hocht mbliana déag d’aois. Cruthaíonn an táirge seo a seánra féin. Taispeántas iontacha ón ógánach Ellar Coltrane, Patricia Arquette agus Ethan Hawke.

Film Review 12 Years a Slave


12 Years a Slave: Thug an scannán seo trí dhuais Oscar leis an Feabhra seo caite, ceann don scannán is fearr ina measc, agus dar liom nach raibh éinne á mhaíomh air.

Le stiúrthóir nach raibh mórán taithí aige ar fhad scannáin, tugadh faoi epic a a bhí bunaithe ar scéal fíor. I Meiriceá roimh an gcogadh cathartha fuadaítear Solomon Northup (Chiewtel Ejiofor) agus déantar sclábhaí de. Leanaimid é ar thuras na saoirse.

Taispeántais iontacha ón gceann feadhna agus ón gCiarraíoch Michael Fassbender.

The Imitation Game


The Imitation Game: Beidh Benedict Cumberbatch á fhéachaint le Jake Gyllenhall i mí Feabhra don duais Oscar. Tugann an scannán seo léargas ar an bhfear a cheap an ríomhaire agus an té a bhí ar thosach cadhnaíochta san obair a bhris Enigma, cód na nGearmánach sa Dara Cogadh Domhanda.

Homaighnéasach ba ea é agus deineadh géarleanúint air dá bharr seo. Scéinséir atá anseo mar aon le bheith ina tháirge beathaisnéiseach a thugann léargas ar shaoi a bhí ciaptha ag an saol.

Dallas Buyers


Dallas Buyers Club: Seo scannán eile ar éirigh leis trí dhuais Oscar a ghnothú an Feabhra seo caite, ceann do Matthew McConaughey mar an t-aisteoir fireann is fearr ina measc. Chuir seo an dlaoi mhullaigh ar athbheochan McConaughey mar aisteoir le dealramh tar éis blianta a bheith caite i bhfásach na scannán rómánsaíochta.

‘Scéal fíor’ eile é seo atá bunaithe ar scéal Ron Woodroof sna hochtóidí. Bhí an galar SEIF ar Woodroof agus chabhraigh sé le daoine eile, ar ais nó ar éigean, teacht ar na drugaí a bhí de dhíth orthu.

calvary


Calvary: Comhghuaillíocht eile idir John Michael McDonagh agus Brendan Gleeson. Bhí an baol ann go dtifeadh an táirge seo idir dhá stól agus go mbeadh sé ina mheascán do Fr. Ted agus The Guard.

Éiríonn le McDonagh táirge machnamhach, cumasach a sholáthar ina bhfuil an greann agus sceimhle fite fuaite le chéile. Taispeántas iontach ó Glesson, mar is dual dó, le tacaíocht ó Chris O’Dowd, Dylan Moran agus Aiden Gillen.

The Hobbit Pic 2


The Hobbit: The Battle of the Five Armies: Tháinig an tsraith ollmhór Middle Earth chun críche i mbliana, trí bliana déag tar éis don chéad ghála sinn a chur fé dhraíocht.

Ní haon seod luachmhar an scannán seo as féin, ach caithfear é a lua anseo mar an gála deireanach de cheann de na sraitheanna is sainiúla a scannánaíodh riamh.

Tá a dheacrachtaí féin ag an scannán ó thaobh na gcarachtar agus chnámha an scéil cé go bhfuil cuid den seanbhuaicphointí fós le sonrú: cultacha, tírdhreach, aisteoireacht srl.

I ndeireadh na dála, áfach, is mar chnuasach, agus go croineolaíoch, ba cheart féachaint ar an díolaim seo, agus í a mheas. Deireadh ré.

Fág freagra ar 'Ó mhic tíre Wall Street go noir Gaeltachta'