Ó Héalaí a dhéanann saothar stuifiúil de dhráma nua TG4

Saothar eile in iomaire an noir Gaeltachta atá sa tsraith scéinséara Crá

Ó Héalaí a dhéanann saothar stuifiúil de dhráma nua TG4

I dtosach an chéad ghála den tsraith Crá (TG4, Dé Luain) címid fear ag siúl síos an tsráid ag guailleáil roimhe agus an drochshúil á tabhairt aige do chách; an fhearúlacht nimhe ina steillbheatha os ár gcomhair. De gheit beireann fear le balacláva air agus tugann sé greadadh fíochmhar dó. Sa chéad seat eile címid fear na crústála ag caitheamh fón póca an té a ghread sé isteach san abhainn agus ag tiomáint leis i ngluaisteán de chuid na nGardaí.

Is léir gur Garda é Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) atá ar a chomhairle féin. Is léir chomh maith go bhfuil ábhar ag luí ar chroí an fhir dhúnéaltaigh seo. Is léir on tús mar sin gur saothar eile in iomaire an noir Gaeltachta í an tsraith sé chlár seo agus é ag teacht i gcomharbacht ar shaothair amhail Doineann (2021), Corp + Anam (2011-2014) agus An Bronntanas (2014).

Mar is dual do shaothar sa seánra seo tá a chantam féin do thréithe seanchaite ag baint leis: dúnmharú, bleachtaire cumasach beagfhoclach, giolla gualainne saonta, iriseoir óg fiosrach agus uisce faoi thalamh ar fud na háite.

Ní fhágann sin gur drochshaothar é seo mar tugann sraith le Richie Conroy is Doireann Ní Chorragáin faoi ina shlí féin.

Ar an gcéad dul síos tá Dónall Ó Héalaí sa chliar, duine de na haisteoirí is cumasaí sa tír i nGaeilge nó i mBéarla. Éiríonn leis an aisteoir fíorchumasach seo dul go feirc in aon charachtar a bhíonn idir lámha aige agus ní gá ach féachaint ar na fadscannáin Foscadh (2021) agus Arracht (2019) lena chruthúnas sin a fheiscint. Siad na rudaí beaga iad; leathfhéachaint anseo, leathfhocal ansiúd. Éiríonn leis daonnacht, téagar agus go deimhin greann nuair is gá, a chur in aon radharc ina bhfuil. Is é a dhéanann saothar stuifiúil den tsraith seo.

Tosnaíonn cúrsaí amach go mall sa chéad ghála ach nuair a fhaightear corp mná sa phortach cuirtear eachtraí sa tsiúl. Mínítear dúinn gur máthair Chonaill atá ann; Gearmánach mná a d’imigh ar iarraidh cúig bliana déag roimhe sin. Amhras á chaitheamh ar chách, a athair féin (Barry McGovern) ina measc.

Tosaíonn Conall (nach bhfuil cead aige a bheith páirteach sa bhfiosrúchán oifigiúil) ag tochailt i gcomhar leis an iriseoir óg fiosrach Ciara Kate (Hannah Brady) agus an Garda saonta Barry (Alex Murphy ó The Young Offenders). Tugann an cliar ar fad taispeántais bhreátha uathu cé nach léir gurb í an Ghaeilge an chéad teanga ag cuid acu.

Bhí sé go hálainn leithéidí Niall Mac Eachmharcaigh agus aisteoirí Conallacha eile a fheiscint ar scáileán. Siad siúd a thugann an blas áitiúil do scéal a d’fhéadfadh a bheith lonnaithe in aon áit. Ós ag caint ar Chonallaigh mé, éiríonn le Ó Héalaí canúint Uladh a thabhairt leis go paiteanta.

Is geall le carachtar é tírdhreach álainn, sceirdiúil Dhún na nGall agus baintear lán-úsáid as leis an saothar a leabú i gceantar tuaithe, iargúlta. Éiríonn leis na seatanna céanna atmaisféar tuarúil a chruthú ón tús. Lena chois tá ceol suaithinseach, nua-chumtha ár dtionlacan tríd an scéal. Cé nach bhfuil Crá gan a thréithe seanchaite is scéinséir cumasach é le taispeántas iontach ón gceann feadhna.

Fág freagra ar 'Ó Héalaí a dhéanann saothar stuifiúil de dhráma nua TG4'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Bhreathnaigh muid beirt é – gach cuid ag an am céanna – 7 thaithin sé linn go mór. Ag tnúth leis an gcéad sraith eile atáimid! :-)