Ó DHÚCHAS: Tá Cloich Cheann Fhaolaidh ar cheantar chomh Gaelach is atá in Éirinn

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Cuid de stair Chloich Chionnaola atá inniu againn...

Ó DHÚCHAS: Tá Cloich Cheann Fhaolaidh ar cheantar chomh Gaelach is atá in Éirinn

Nuair a bhí cogadh na talún ar siúl idir tiarnaí agus tionóntaí ní raibh muintir Chloich Cheann Fhaolaidh, ar deireadh ins an troid, agus dálta mar a rinneadh le go leor eile ar fud na tíre cuireadh amach as a seilbh formhór na ndaoine ins an pharóiste seo, ins an bhliain 1889 agus caitheadh ar thaobh an bhealaigh mhóir iad, gan scáth, gan dídean ach an spéir ghorm os a gceann.

Chosain mórán acu a dtithe agus a dteaghlaigh go calma ach b’éigean dóibh géilleadh ins an deireadh.

I gcorr-áit dhaingnigh fir chróga chalma na tithe agus throid siad go dian dícheallach in aghaidh lucht an airm, agus is beag acu nár chaith tamall i bpríosún de thairbhe.

Leag an namhaid mórán de na tithe sa chruth nach dtiocfadh cónaí a dhéanamh iontu, ach nuair a rinneadh socrú tógadh tithe úra in ionad na seanbhallóg.
Fhad is bhí na tionóntaí amuigh as a gcuid tithe fuair siad foscadh agus dídean i mbotháin adhmaid a cuireadh suas dóibh.

Bhí na botháin seo ina gcloigíní thall is abhus ar na bailte. Bhí cloigín [clochán] acu thuas ar an Bhealtaine, ceann eile i gCill Ulta Íochtarach agus ceann eile i mBaile na Bó.

Ba iad na hOlfartaigh a bhí mar thiarnaí ar an áit go dtí le gairid. Anall as an Tír fá Thoinn [An Ísiltír] a tháinig siad le Rí Liam. Tá siadsan imithe anois agus tá áit dheas ina ndiaidh i mBaile Chonaill. Is leis an tSaorstát an áit inniu agus tá coláiste bhreá ar bun ann le cailíní a oiliúint le bheith ina n-oidí scoile.

Gaedhlig a chluintear ó mhaidin go hoíche san áit a mbíodh an Béarla fadó, agus nach mór an scéal é Aifreann Dé a bheith dá léamh gach maidin i gCaisleán na nOlfartach.

Tá Cloich Cheann Fhaolaidh ar cheantar chomh gaelach is tá in Éirinn. Níl le cluinstin ó lá go lá agus ó bhliain go bliain ach Gaedhlige dá labhairt I measc na ndaoine. Cuireadh coláiste Gaedhlige ar bun anseo ‘sa bhliain 1906 agus tá a cáil agus a clú ar fud na tíre agus taobh amuigh di.

Ins an bhliain 1919 nuair a bhí an troid ar siúl eadar na hÉireannaigh agus na Sasanaigh, dhóigh na Dubhchrónaigh an choláiste ach rinneadh í a atógáil nuair a tháinig an suaimhneas, agus tá cúis na Gaedhlige ag dul ar aghaidh go beo, bríomhar i gCloich Cheann Fhaolaidh arís.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tá Cloich Cheann Fhaolaidh ar cheantar chomh Gaelach is atá in Éirinn'