Ó DHÚCHAS: Shiúladh Cailleach Bhéarra trí chontae gach aon lá…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo Cailleach Bhéarra atá againn…

Ó DHÚCHAS: Shiúladh Cailleach Bhéarra trí chontae gach aon lá…

Bhí bean i mBéarra fadó agus an Chailleach Bhéarra do tugadh uirthi. Deir na seandaoine gur sprid dob ea í. Bhíodh sí ag dul ó áit go háit agus bhí eagla ar na daoine roimpi. Deirtear go siúladh sí trí chontae gach aon lá agus thagadh sí thar n-ais arís gach tráthnóna. Bhíodh sí ag dul go dtí an trá gach aon mhaidin chun rud éigin d’fháil le n-ithe.
Lá amháin bhí sí ag siúl timpeall Cualach agus bhuail scoláire bocht uime.

D’fhiafraigh sé di: “Cad a bhíonn agat chun bricfeasta gach aon mhaidin?” agus an freagra a thug sí air:

“Bíonn meannán fia fíorghlan
An duileasc ó Chontae an Chláir
An breac ó Ghleann Aduaidh
Is an cnó ó Bhealach Béime”.

Nuair a chuala an scoláire bocht an freagra, do bhuail sé í leis an slaitín draíochta agus do léim sí trasna na faraige anonn go Cill Chaitiairn agus d’fhág sí rian a coise ar an leac ar a raibh sí na seasamh sa Chualach agus tá an rian le feiscint ann fós.

Tá sí thall anois Ard na Caillí ag féachaint go brónach ar Bhéal an Chuain amach.

Áine Ní Dhuibhir, Cill Chaitiairn, a fuair an seanchas seo óna seanmháthair Mháire Bean Uí Arachtain, Ard an Chloiginn, Béarra, Contae Chorcaí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Shiúladh Cailleach Bhéarra trí chontae gach aon lá…'