Ó DHÚCHAS: Nuair a bhí Colmcille sa Ghleann seo bhí sé ag siúl thart lá amháin

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Agus lá breithe Cholmcille á chomóradh againn seo dhá scéilín óna chontae dúchais

Ó DHÚCHAS: Nuair a bhí Colmcille sa Ghleann seo bhí sé ag siúl thart lá amháin

Nuair a bhí Colmcille sa Ghleann seo bhí sé ag siúl thart lá amháin agus chonaic sé gasraí ag coimhéad eallaigh.
Bhí tine acu agus bhí práiste sa tine acu. Bhí ocras ar Cholmcille. D’iarr sé ar na gasraí dá bhfanfadh sé go mbeadh na preátaí bruite an dtabharfadh siad cuid de na preátaí dó. D’iarr na gasraí air fanacht go mbeadh na preátaí bruite agus nuair a bhí na preátaí bruite thug siad cuid de na preátaí dó.

Nuair a bhí Colmcille ag fágáilt na ngasraí thug sé a bheannacht daofa agus thug sé a bheannacht don tine fosta, agus dúirt sé tine ar bith a mbeadh preátaí ann nach rachadh sí as.

Bhí Colmcille ag ruaigeadh na ndiabhal as an Ghleann seo. Nuair a tháinig sé fhad le Droim Rua thosaigh siad ag gabháil ar ais agus ghuigh Colmcille agus thit clog as na Flaithis. Thosaigh sé ag bualadh an chloig agus thosaigh na diabhail ag rith go dtí an fharraige. Nuair a shiúil Colmcille giota thit an teanga as an chlog. Thosaigh sé ag bualadh an chloig lena lámh agus chuir sé na diabhail amach san fharraige. Tá na diabhail mar liamháin san fharraige.

An chéad lá Meitheamh a tháinig Colmcille go dtí an Ghleann seo agus chuaigh sé ar shiúl an chéad lá Lúnasa.

Úna Nic Giolla Easbuic, a bhí ar Scoil an Chaisil i nDún na nGall, a d’inis.

Bhí mainistir ag Naomh Colmcille istigh in oileán Thoraí agus ní raibh cros ar bith aige fána coinne. Lá amháin tháinig sé fhéin agus a chuid manach amach as Toraigh agus chuaigh siad suas go taobh Mucaise agus bhí cloch mhór ansin agus ghearr siad cros mhór aisti. Chaith siad seachtain ag gearradh amach na croise. Nuair a bhí an chros gearrtha acu bhí sí iontach mór agus chá raibh fhios acu goidé an dóigh a dtabharfadh siad an chros anuas agus fuar siad ocht gcrann mór agus chuir siad an chros ina luí orthu.

Nuair a tháinig siad anuas fhad le Raithe thosaigh sé a chur agus chuaigh siad isteach ag naomh Fionán. Rinne Naomh Fionán dinnéar mór réidh dóibh. Nuair a bhí a dhinnéar ite ag Naomh Colmcille smaoinigh sé gur fhág sé a phortús thuas ag taobh na Mucaise. Dúirt manach de chuid Naomh Fionán go rachadh sé suas fána choinne. Chuaigh sé suas agus chonaic sé éan mór ina luí ar an phortús ag coinneáil na fearthainne uaidh.

Tháinig an manach anuas agus thug sé an portús do Naomh Colmcille agus bhí Naomh Colmcille chomh sásta sin leis gur dhúirt sé leis go dtabharfadh sé rud ar bith dó a d’iarrfadh sé agus chá raibh fhios ag an manach caidé an rud a d’iarrfadh sé agus chuaigh sé fhad le Naomh Fionán agus chuir sé ceist air caidé a d’iarrfadh sé. Dúirt Naomh Fionán leis “Iarr air an chros a fhágáil san áit a bhfuil sí.” Chuaigh an manach fhad le Naomh Colmcille agus d’iarr sé an chros air. Chá raibh Naomh Colmcille leathshásta acht chá dtiocfadh leis a fhocal a bhriseadh agus thug sé an chros dó. D’imigh Naomh Colmcille agus a chuid manach isteach go Toraigh go brónach agus gan iad leathshásta agus tá an chros thíos i Raithte go fóill. Bhí sí na seasamh taobh amuigh den teampall na gcéadta bliain ach tháinig stoirm agus leagadh í agus tá sí ina luí anois ar an talamh agus a cos briste.

Caitlín Ní Cumhaill, Droim na Tine, Contae Dhún na nGall a fuair an scéal seo ó R Ní Dhochartaigh, An Fál Carrach.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Nuair a bhí Colmcille sa Ghleann seo bhí sé ag siúl thart lá amháin'