Ó DHÚCHAS: Níor chóir do dhuine saolta ar bith a bheith taobh amuigh den doras i ndiaidh a dó dhéag a chlog

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tuairisc atá againn faoi thráth seo na Samhna…

Ó DHÚCHAS: Níor chóir do dhuine saolta ar bith a bheith taobh amuigh den doras i ndiaidh a dó dhéag a chlog

Deir na seandaoine nár chóir do dhuine saolta ar bith a bheith taobh amuigh den doras i ndiaidh a dó dhéag a chlog. I ndiaidh am codlata fanann duine ina shuí agus cuireann sé síos tine mhór. Fágtar tobac, snaoisín agus rud ar bith eile a d’fhóirfeadh do na mairbh. Fágtar tae cois na tine fosta.
Glantar suas an teach go maith agus scuabtar an t-urlár uilig ar eagla go mbeadh dusta ar bith fágtha.
Fágtar solas beag ar an lampa agus bíonn an drisiúr lán soithí agus iad chomh glan leis an sneachta.
Fágtar canna bainne agus arán ag an tine. Fágtar suíochán réidh ar eagla go ndéanfadh na mairbh tormán ar bith leobhtha. Thig na mairbh go doras na gaoithe i gcónaí.
Deirtear paidrín dhá uair an oíche seo. Deirtear paidrín ag an dó dhéag agus paidrín cúig dheichniúr déag do na mairbh. Deirtear gur chóir bó amháin a fhágáil gan bleán an oíche seo.

Seo an dóigh a gcuirtear isteach Oíche Shamhna i Leitir Mhic an Bhaird.

  • Bíonn féasta mór úlla agus cnónna ag gach aon duine thart fá seo. Bíonn arán milis acu agus déanann cuid de na daoine ‘boxty’ agus brúitín.
  • Bíonn na daoine óga uilig amuigh ag caitheamh cáil ar na doirse, agus fosta caitheann siad meacain ráibe [tornapaí]. Bíonn cuid de na daoine ar mire nuair a bhuaileann duine ar bith an doras, agus ansin bíonn siad amuigh i rith na hoíche ag coimhéad.
  • Bíonn mórán cleasanna ag na daoine; cuirtear dhá chnó sa tine, lastar ceann acu agus má lasann an ceann eile leis féin beidh an lánúin sin pósta roimh choicís. Caithfear ainmneacha a chur ar na cnónna sula gcuirtear sa tine iad.
  • Cuirtear úlla i dtobán uisce agus an té a gheobhas greim ar úll lena bhéal, bíodh sé acu.
  • Crochann cuid de na daoine úlla ón chúpla agus déanann siad an rud céanna.
  • Cuirtear ceirtlín cáil os cionn an dorais agus an chéad fhear a rachas isteach, sin an t-ainm a bheidh ar an fhear a bheidh pósta ag an chailín is óige sa teach sin.

Brighid Ní Chailín, An Taobh Díomhaoin, Co Dhún na nGall a scríobh an cuntas seo.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Níor chóir do dhuine saolta ar bith a bheith taobh amuigh den doras i ndiaidh a dó dhéag a chlog'