An Giorria agus na froganna
Bhí giorria ann uair is bhí sé tuirseach dá shaol. Ní bhfuair sé nóimeat suaimhnis riamh ón lá a rugadh é ach ag teicheadh lena anam gach aon lá a’ iarraidh a choda a bhreith leis ó choin is ó ghadhair is ó fhiagaithe.
Tháinig sé abhaile tráthnóna mar seo is é suaite go maith t’réis cúrsaí an lae.
“Mhuise, n’fheadar an tsaol braonach,” ar seisean “an bhfuil aon ainmhí eile sa domhan go bhfuil saol chomh hainnis aige is mar atá agam-sa. Níl sos ná suaimneas agam in aon bhall de ló ná d’oíche ach mé im pheata beag suarach a’ rith ó áit go háit a’ iarraidh m’anam a bhreith liom óm naimhde is go mb’fhearra dom seacht n-uaire bheith marbh ná beo.
Tá eagla orm roimh gach aon ainmhí eile sa domhan agus nach fearra dom anois deireadh a chur liom féin ar fad, seachas bheith ag fulaing ar an tslí seo?”
Agus as go brách leis chun é féin a bhá i bpoll portaigh. Nuair a tháinig sé go bruach a’ phoill cad a bheadh ná scuaine froganna is iad a’ snámh dóibh féin ar bharr uisce.
Nuair a chonaiceadar an giorria os a gcionn in airde do thumadar síos go tóin poill de gheit. Tháinig mórtas an domhain ar an ngiorria nuair a chonaic sé cad a dheineadar go mórmhór nuair is gur le heagla roimis féin a deineadar é.
“Sea, buíochas le Dia,” arsa seisean “Tá aon dream amháin ar an saol fós go bhfuil eagla orthu romham, is mór an sásamh aigne dom é. Is dóigh liom go mbainfead snap eile as an saol mar b’fhéidir dá olcas é mo chás go bhfuil daoine eile níos measa ná mé.”
D’iompaigh sé ar a sháil is do bhailigh leis abhaile.
Bean Uí Shéaghdha (ná maireann) as Caol an Phréacháin, An Dromaid, Uíbh Ráthach, Co Chiarraí a d’aithris an scéal seo.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: N’fheadar an tsaol braonach ’bhfuil aon ainmhí eile sa domhan go bhfuil saol chomh hainnis aige'