Ó DHÚCHAS: Bhí a fhios aige den tráth so, gurbh í an murúch a bhí aige

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá seanchas againn as Corca Dhuibhne faoin murúch nó an mhaighdean mhara…

Ó DHÚCHAS: Bhí a fhios aige den tráth so, gurbh í an murúch a bhí aige

Fadó do mhair sa Mhachaire i gCorca Dhuibhne iascaire a bhí go fuar agus go dealbh. Bhí triúr clainne aige – beirt mhac is iníon agus do cailleadh a máthair nuair a bhíodarsan féin an-óg.

Bhíodh sé ag tuilleamh roinnt bheag airgid, ar iascach ina naomhóg bhig féin. Bhíodh glaoch ar ghliomaigh is ar bhallaigh san am san, agus bhíodh sé gach lá breá nach mór ag cuardach na ndóigheanna cois faille na n-oileán, agus ar an dtalamh salach ó Bhaile Uí Thaidhg go Srón Bhroin.

Aon lá amháin do choinnigh sé chomh hachmair don talamh is a d’fhéad sé mar bhí maicréil ag leanúint an tsaláin chomh fada isteach leis an gcloich, agus theastaigh na maicréil uaidh, ní hamháin chun a n-ite ach go mbeidís aige mar bhaoite piardóg chomh maith.

Lá breá samhraidh dob ea é agus bhí súile aige le ládáil. Chaith sé amach a chuid líon, agus d’fhan sé ansan sa chor san ar feadh uair an chloig sular chuimhnigh sé ar iad do tharrac. Bhí an lá chomh ciúin sin, gur shín sé siar, agus lig sé don naomhóg a bheith á tarrac léi ar an dtéad cinn lín. Tar éis uair an

chloig do bheith caite mar sin aige, d’éirigh sé ina shuí chun na líonta do tharrac isteach, ach díreach agus é ag breith ar an dtéad chun a dhéanta do chuala sé an guth ba bhreátha dár chuala duine riamh idir é agus an talamh. Do dhírigh sé ar na líonta agus bhí sé á dtarrac leis, agus ag éisteacht leis an nguth agus leis an amhrán, san am céanna nuair a gheibheadh sé lom air. Nuair bhí na líonta istigh aige do thosnaigh sé ar an iasc do réiteach agus súil dá dtug sé timpeall air féin chonaic sé mar a bheadh bean istigh anairde ar chloich ag bun na faille.

Nuair bhí an t-iasc réitithe aige, do chas sé an naomhóg timpeall agus ghluais sé féna déin. Nuair bhí sé ag déanamh uirthi thug sé fé ndeara gur ag cíoradh a cinn a bhí sí agus dá achmaire a bhí sé ag dul di ba i mbreáthacht a bhí sí ag dul. Nuair tháinig sé cliathánach leis an gcarraig do labhair sé léi, ach d’fhreagair sí i dteanga nár thuig sé. Dhein sé comharthaí di ansan, chomh maith is d’fhéad sé, preabadh isteach san naomhóg chomh maith agus a d’fhéad sí. Do dhein, agus ghluais sé leis fé dhéin na trá agus í ar bord aige.

Nuair a thug sí fé ndeara go rabhadar nach mór buailte leis an dtalamh tirim d’éirigh sí den tochta ina seasamh agus thug sí iarracht ar léimint sa bhfarraige arís, ach tharraing an rámhaí go láidir ar na maidí, agus baineadh barrthuisle aisti, sa tslí gur shleamhnaigh sí ar na líonta anuas, agus thit an cochall dá ceann. Do phreab sé láithreach agus d’aimsigh sé an cochall agus do ghreamaigh sé é den chrios a bhí timpeall a choim.

Do shín sí a lámh ina threo chun an cochall d’fháil uaidh, ach níor lig sé air go bhfaca sé í. Bhí a fhios aige den tráth so, gurbh í an murúch a bhí aige, agus dá scaoilfeadh sé an cochall léi ná feicfeadh sé go brách arís í.

Thug sé leis abhaile í ansan, agus nuair a chonaic sí na ‘rudaí beaga’ aige baile, do nigh sí is do ghlan sí iad, agus nuair a bhíodar go deas glan cíortha aici, do phóg sí gach duine acu diaidh ar ndiaidh agus thit na leanaí go mór i ngrá léi. D’imigh an fear amach ansan agus nuair a bhí na líonta triomaithe aige tar éis tamaill, thug sé leis iad isteach go cróitín beag a bhí ar an dtaobh amuigh den dtigh, agus chaith sé trasna ar bhíoma iad agus chuir sé an cochall isteach i bpoll ar an dtaobh thiar den ndoras.

D’fhan an scéal mar sin ar feadh dá bhliain, í sa tigh ina dteannta; agus fear an tí ag gabháil den iascach gach lá gan staonadh. I gcionn an dá bhliain, do bhí an fear ag dul ar an dtráigh lá chun baoite do sholáthar dá ghliomaigh. Do theastaigh uaidh a hata ‘áil’ d’fháil, agus dúirt sé leis an gcailín beag dul á iarraidh dó, go raibh sé istigh i gcróitín na líonta.

D’imigh sí á chuardach agus deabhadh uirthi chun go mbeadh an t-athair buíoch di, ach ní bhfuair sí é san áit a dúradh léi go bhfaigheadh. Bhí sí ag féachaint is ag féachaint ins gach áit, agus ar deireadh chuaigh sí ar an dtaobh thiar den doras. Chonaic sí an poll. Chuir sí a láimhín isteach, agus cad a tharraingeodh sí amach ná an cochall. D’fhéach sí air, ach má d’fhéach bhí a fhios aici nárbh é sin hata a hathar. Chuir sí thar n-ais é tar éis é a bhreithniú go maith ar feadh tamaill, agus ar deireadh d’éirigh léi hata a hathar d’fháilt fés na líonta, agus thug sí ag triall air é. Bhí san go maith go dtí lá amháin – lá breá san tsamhradh gur iarr duine des na leanaí dá máthair (an murúch) dul ar an dtráigh in éineacht leo. Dúirt sí go rachadh dá mbeadh a ‘caipín’ aici. D’fhreagair an cailín beag óg í is dúirt ná faca sí féin aon chaipín riamh uirthi ó tháinig sí an tigh.

Dúirt sí leis an linbhín beag go raibh caipín beag an-dheas aici ach gur chaill sí in áit éicint é, agus nárbh fhéidir léi é d’fháilt in aon áit. Sin é an uair gur chuimhnigh an cailín beag ar an rud a chonaic sí sa pholl ar an dtaobh thiar de dhoras an chróitín. D’inis sí an scéal dá máthair agus do rith á iarraidh di.

Nuair tháinig an leanbh thar n-ais agus an caipín aici d’aithin an mháthair láithreach é.
Do chíor is do nigh sí na leanaí ansan, do thug sí aghaidh ar an dtráigh ansan nuair a fuair sí ná raibh éinne á tabhairt fé ndeara, agus thug sí léi an cailín beag chun na farraige amach.

Tar éis blianta ina dhiaidh san tháinig an cailín beag óg san abhaile, ach ní raibh sí óg anois, ach ina cailín álainn inphósta.

Deirtear gur pósadh í sa Mhachaire agus go bhfuil a sliocht le feiscint ann fós: agus gur fuirist gach duine acu d’aithint; go bhfuil scannán beag tanaí de chraiceann idir méaranna a gcos ar nós na ngéanna is na lachan.

Peig Ní Dhéadha (14) a fuair an seanchas seo ó Phádraig Ó Mórdha (89), Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire, Co Chiarraí

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí a fhios aige den tráth so, gurbh í an murúch a bhí aige'

  • Susan

    Maighdean mhara/murúch