Ó DHÚCHAS: Loch Béal Séad – dúiche na sióg agus na gcapall sí

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo seanchas as na Cruacha atá againn faoi neacha sí…

Ó DHÚCHAS: Loch Béal Séad – dúiche na sióg agus na gcapall sí

Tá loch amuigh ansin ins na sléibhte i dtrátha ceithre mhíle ó theach scoile na gCruach. Áit fíoruaigneach atá ann gan le cloisint ach glór na gcearc fraoigh agus an mhadaidh rua. Ní théann mórán daoine ann, ach anois agus arís fear ag cuartú caora, agus níor mhaith leis fanacht i bhfad ann. Amharcann sé thart, tchíonn sé an loch agus clochán ag gabháil isteach go dtí é agus smaoiníonn sé ar na scéalta scanraithe a chuala sé go minic. 

Ar scéal fá fhear a chuaigh isteach i ndiaidh caora agus d’éirigh an t-uisce comh hard gur fhóbair nach bhfaigheadh sé amach arís. Chonaic sé cruth ag teacht fhad leis agus caidé bhí ann ach fear gan ceann! B’éigean don fhear fanacht ansin ag éisteacht le screadaigh na gcat fiáin agus luparnaigh [luipearnach] an uisce go dtí go raibh an oíche ann. 

Nuair a chuaigh an t-uisce síos agus fuair sé ar shiúl bhí drochdhóigh air ansin arís nó achan oíche beagnach thig ceo ar na cnoic uaigneacha seo, agus bhí an fear bocht caillte ar feadh na hoíche. Go hádhúil sé an samhradh a bhí ann agus ní dhearna an oíche scanraithe sin dochar dó.

Agus smaoineodh an té atá leis féin fosta ar an chaisleán atá thíos faoin uisce, agus deirtear go bhfuil barr na simléar ag déanamh an chlocháin. Ins an chaisleán tá sióga agus beithígh fhiáine.

Am amháin tá fada ó shin, chuala sé a athair mór ag caint ar na beithígh fhiáine sin. Bhí cúpla beithíoch capaill ag fear amuigh ar féarach cóngarach ag an loch. Ba ghnách leis a ghasúr beag a chur amach go minic go bhfeicfeadh sé an raibh na caiple ann. 

Lá amháin chuaigh an gasúr amach agus bhí beithíoch beag rua i measc na gcapall eile. 

Chuaigh an gasúr ag marcaíocht air, ach chuaigh an capall caol díreach a fhad leis an loch agus ní raibh ann ach go raibh an gasúr in innimh sleamhnú dá dhroim go dtí go raibh sé thíos faoin uisce.

Agus nach minic a chuala sé na scéalta fá na siógaí atá le feiceáil agus na bearaid [bairéid] dhearga agus na madraí bána!

Cinnte smaoiníonn sé dá mbeadh áit ar bith in Éirinn ina mbeadh rudaí neamhshaolta go mbeadh siad fán loch uaigneach scanraithe iargúlta sin, Loch Béal Séad.

Peadar Mac Diarmuid (52), as Cruach Leac i nDún na nGall a d’inis an seanchas seo do Mháire C. Ní Chinnéíde a bhí ina hoide scoile sna Cruacha. 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Loch Béal Séad – dúiche na sióg agus na gcapall sí'