An Inid an t-am is mó a phósann daoine san áit seo. Dar le daoine is mírathmhar pósadh Dé Luain nó Dé hAoine i mí Bealtaine nó i mí Meán Fómhair. Aon duine ná pósadh bhíodh sé ag dul an Sceilg chun a fhios a bheith aige an bpósfadh sé an bhliain chuige.
Deirtí fadó go dtéadh na daoine neamhphósta nár pósadh ins an Inid go dtí Carraig Scealg [Sceilig Mhichíl]. Théití mórthimpeall le téad agus thugtaí na daoine nár phós insan Inid go Carraig Scealg mar a deirtí. Gach Inid scríobhann cúpla duine amhrán ag magadh fés na daoine nár pósadh insan Inid. “Skelligs List” a thugtar air.
Deintear cleamhnaistí im’ cheantar. Airgead is gnáthaí a thugtar mar spré. Uaireanta tugtar stoc nó píosa talún. San tsean-aimsir théadh cairde na mná go tigh an bhuachalla agus biotáille acu. Ansan deireadh siad gur thángadar chun cleamhnas a dhéanamh. Thógadh gach duine gloine den bhiotáille. Bhíodh siad ag áiteamh ar feadh tamaill. Uaireanta briseadh an cleamhnais mar geall ar chaora.
Cóisir a thugtaí ar an rince agus an ceol agus an féasta a bhíodh acu tar éis an phósta. Nuair a bhíodh an lánúin ag fágaint an tséipéil chaitheadh na daoine seanbhróg na ndiaidh. Annsan théidís go tigh tábhairne agus tar éis san théidís go tigh an bhuachalla. Chaithidís an oíche ann ag ithe is ag ól, ag rince agus ag déanamh spóirt. Nuair a bhíodh an lánúin ag teacht abhaile tar éis an ‘honeymoon’ [mí na meala] bhíodh oíche eile ag na daoine i dtigh an chailín. ‘Breith abhaile’ nó an ‘Drag Home’ a thugtaí air.
Fadó chaitheadh an cailín rud aosta agus rud nua, rud ar iasacht agus rud gorm. Níor chóir don bhfear siúl suas an séipéal leis an gcailín ach is ceart dóibh dul abhaile lena chéile.
An tSiúr Antóin, Clochar na Trócaire, Tobar Mhaigh Dor, Trá Lí
Oíche na Sceilge a thugtaí ar Mháirt Inide. Bhailíodh seisear nó seachtar buachaillí le chéile agus aon chailíní nach riabh pósta an lá sin thugtaí go dtí an Sceilig iad. Is éard a bhí sna ‘Sceiligs’ iad a cheangal le téad don phumpa nó caidéal ba ghaire dóibh agus uisce a scairdeadh orthu. Thugtaí oíche na bpancóg uirthi chomh maith agus bhíodh féasta pancógaí ag daoine roimh an gCarghas.
Mairéad Ní Shúilleabháin, Cill Uird, Contae Chorcaí
Deirtear nár chuaigh dlí na heaglaise riamh chomh fada siar leis an Sceilg [Sceilig Mhichíl] toisc í a bheith ana-iargúlta. Mar sin bheadh cead pósta sa Sceilg i rith an Charghais chomh maith le haon am eile. Sin é an fáth go mbíonn daoine óga á bhfágaint “chun na Sceilge” tráthnóna Máirt Inide. Is mó dán seoigh a chumtar anso dóibh – iad ag imeacht i mbáid mar dhea.
Máire Nic Gearailt, an Blascaod Mór, Co Chiarraí
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Liosta na Sceilge is dánta seoigh faoi mhná díomhaoine'