Ó DHÚCHAS: Leigheas Nádúrtha i Luibheanna

Gach seachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear píosa seanchais. Cúrsaí leighis ó Mháirtín Ó Cadhain atá againn inniu agus imleabhar nua dá chuid seolta ag duchas.ie

Ó DHÚCHAS: Leigheas Nádúrtha i Luibheanna

Gach seachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear píosa seanchais. Cúrsaí leighis ó Mháirtín Ó Cadhain atá againn inniu agus imleabhar nua dá chuid seolta ag duchas.ie

Le faithniúchaí [faithní] agus corns [fadharcáin] a leigheas, faigh tornapa bán agus cuir poll ann agus líon le salann san oíche é agus leag suas é. Beidh sé ina uisce ar maidin. An t-uisce sin a chur ar na faithní. Faoi dhó a chuirfeas tú é sin air agus beidh sé leigheasta. Bhí carr faithní  ormsa agus níor fhág sé a dhath orm. Chonaic mé á chruthú é.

Leigheas eile ar fhaithní – dá gcasfadh leac leat a mbeidh uisce a’ cónú [cónaí] ann – ach gan a bheith á chuartú – chneasódh sé thú. ‘Uisce tobair gan iarraidh’ a thugtar air.

Dá mbeadh pian bhoilg ort trí ionga gairleoige a shlogadh agus ní fhágfadh sé aon cheo ort ach má ghoideann tú í níl aon mhaith inti. Má chaitheann duine í a ghoid abair: “ní do do ghoid atá mé, a ghairleoig ach do do tharlú liom”. Beidh sí ceart ansin.

Is ionann ionga gairleoige agus seamaide nó briongláinín amháin di. [Tá an leagan sin ‘ní do do ghoid atá mé srl’ mar leathfhocal ag an daoine nuair a bhíos duine ag déanamh éagóra agus nach maith leis a dhéanamh amach os comhair chuile dhuine ach go ndéanann sé ar chaoi rúnmhar. Ach ní bhaineann sin an ghoimh as an éagóir.]

Tá leigheas freisin i sú gairleoige ar an triuch. Bruitear í agus tugtar an sú le n-ól don té a mbeadh an triuch air.

Tá luibh eile ann ar a dtugtar luibh an mhún fola. Le haghaidh beithígh. Baintear í, bruitear í agus tugtar le n-ól do na beithígh í leis an mún fola a stopadh. Is cosúil le fraoch mín an luibh agus bíonn sí ag fás i dtailte garbha. Leigheas eile a bhí ar an mún fola frog beo a scaoileadh siar ina bolg.

Tá luibh eile ann don dó a dtugtar inchinn sléibhe uirthi agus tá sí an-sleamhain agus an-bhealaithe ar nós síol froganna. Bíonn sí ar thuláin agus ní bhfaighfeá í aimsir thirim chor ar bith. Ní bhíonn sí ag fás chor ar bith ach í caite ar an sliabh mar a bheadh cairt [coirt] ann. Leagtar isteach ar an dó í agus glanann sí é. Cuirtear air í i gcáca agus baineann sí ramallae an dó amach.

Capall a mbeadh péiste léi, tá sú ruilleoige [railleog] go maith. Bruiter í i bpota agus shílfeá gur tae an sú nuair a bheidh sé bruite. Tugtar an sú le n-ól don chapall. Fásann an ruilleog i dtalamh garbh. Dhéantaí scuaibíní di roimhe seo.

Leigheasann flith [fliodh] at. Baineann sí an t-at as rud a bheadh ataithe ach í a chur leis an at. Caitear síos ar an tine í i dtosach, tógtar aníos ar an toirt í agus buailtear isteach ar an at í, as a teas nó chomh te agus a bheifeá in ann fulaingt léi. Cuirtear ar na tine í lena lagan.

Dá mbeadh lot ar do chos nó ar do lámh, cuirtear cúpla bileog eibheann [eidheann] ar an tine agus buailtear isteach leis an lot iad.

Tá meacan an chompair go maith le haghaidh rud a shnamadh (shnaidhmeadh ) – rud a bheadh gortaithe. Sin é an meacan an liúin (meacan an leonta]. Déan é a mhionú agus cuir leis an lot é. Ní fheicfeá úsáid ar bith á dhéanamh anois de ach bhítí á chur le capaill agus beithígh  fadó freisin.

D’itheadh daoine a mbíodh plúchadh nó giorra anála orthu biolar – an féar a fhásann ar chlascanna [claiseanna] garbha.

Deirtear go bhfuil leigheas scoilteacha sa bhfeamainn bhoilgíneach agus an caisíneach a bhíonn i mbarr cladaigh – í féin agus an sáile tríd ina chéile.

Nathair talún: Dá mbeifeá ag gabháil ar aonach nó go Gaillimh nó áit ar bith agus faigheadh tú an nathair talún ar an mbóthar, d’éireodh an lá sin leat. Sórt féar í . Tá aithne ag chuile dhuine uirthi agus dá gcuirteá i do chléibhín í nó i do bhosca móna í agus tú ag gabháil Gaillimh bheadh tús díol agat ar gach is a mbeadh ann.  Bhíodh daoine á tabhairt leo ina bpócaí nó ina gcléibhíní fadó ag gabháil Gaillimh le pisreogaí.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Leigheas Nádúrtha i Luibheanna'