Ó Dhúchas: Lá Mhic Dara

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó Dhúchas: Lá Mhic Dara

Céadta bliain ó shin do chónaigh Naomh i gCarna darbh ainm Mac Dara. Ar oileán beag trí mhíle amach ón gcósta a bhí cónaí air. Bhí séipéal beag aige a raibh ceann cloch air agus deirtear gur thóg na haingil dhó é in aon oíche amháin. Tá fothraigh an teampaill sin ina seasamh fós agus tá tobar beannaithe an Naoimh san oileán freisin.
Mhair sé ina aonar san oileán sin agus ní bhíodh de bhia aige ach arbhar a mheileadh sé féin le dhá chloch agus braon uisce. Anois is aríst bhíodh iasc úr aige agus nuair a ghabhfadh aon duine isteach san oileán thabharfadh sé braon bainne chuige.
’Sé an nós atá ag na daoine riamh ná na seolta a ísliú ag dul thar Oileán Mhic Dara in onóir don Naomh. Uair amháin rinne mairnéalach eicínt faillí ar an nós sin agus bádh é cúpla céad slat ón oileán. Tugtar Mac Dara fós mar ainm ar go leor páistí sa bparóiste mar gheall ar an Naomh.
Titeann lá Fhéile Mhac Dara ar an 16ú d’Iúil. Téann lear mór daoine go hOileán Mhic Dara an lá sin chuile bhliain ar oilithreacht. Na daoine nach dtéann chuig an bPátrún, bíonn siad ag obair sa mbaile. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán.

Áine Ní Charthaigh (10 mbl)
Carna
Conamara

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas: Lá Mhic Dara'