Ó DHÚCHAS: Is mairg a tharraingeodh rí na gcat air féin

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá scéal againn as Maíros faoi rí na gcat

Ó DHÚCHAS: Is mairg a tharraingeodh rí na gcat air féin

Bhí cailín beag i dteach uair amháin ina raibh cat mór. Oíche amháin fuair an cat bainne agus d’fhág sé braon ina dhiaidh agus d’ól an cailín an bainne agus bhí ribe ann agus sheas sé ina croí agus níorbh fhéidir le haon dochtúir leigheas a fháil di. Oíche ina dhiaidh sin bhí beirt bhuachaillí ag imirt cártaí agus d’imir siad an dá shúil as a chéile – an duine a bhuaigh an cluiche phioc sé na súile as an duine eile. Bhí an duine a chaill na súile ag imeacht leis go ndeachaigh sé isteach i mballa agus bhí scata mór cat ag inseacht scéalta agus dúirt rí na gcat “Inis scéal a Shadhbh, inis scéal a Mheadhbh.”

“Inis scéal thú féin,” a deir Meadhbh.

Do thosaigh rí na gcat ar a scéal agus dúirt: “Tá bláthanna deasa ag fás in áit áirid agus an duine a tharraingeos ceann acu éiríonn uisce aníos agus bíonn leigheas ann.”

Chuaigh an fear go dtí an áit agus tharraing sé bláth agus d’éirigh uisce aníos agus chuimil sé cuid den uisce dá shúile agus ar an bpointe sin fuair sé amharc arís.

Fuair sé buidéal agus líon sé leis an uisce an buidéal agus chuaigh sé go dtí teach an chailín a raibh an ribe ina croí. Chuir sé iallach uirthi braon den uisce a ól agus go mbeadh sí go maith ar an bpointe. D’ól sí go raibh lán an bhuidéil ólta aici. Agus leigheasadh í. Ansin phós sí féin agus an fear a thug an t-uisce aici.

Lá amháin casadh dó an fear a phioc na súile as. “Ó,” a deir sé, “shíl mé gur phioc mé na súile asatsa?”

“Phioc,” a deir an fear, “ach ba mhaith an lá dhom é mar tá mé pósta anois le iníon rí agus tá an oiread airgid agam is nach bhfuil fhios agam cé air a bhreathnós mé.”

“Pioc na súile asamsa anois,” a deir an fear eile “agus gabhfaidh mé isteach sa mballa agus beidh a fhios agam an bhfaighidh mé leigheas.”

Phioc sé na súile as agus nuair a d’fhág seisean an fear eile chuaigh sé isteach sa mballa agus chuaigh sé i bhfolach. Nuair a tháinig na cait isteach, dúirt siad: “Inis scéal a Shadhbh, inis scéal a Mheadhbh, inis scéal thú féin a rí na gcat.”

Dúirt rí na gcat: “Ní mór dhúinn an teach a chuartú go bhfeicfidh muid an bhfuil aon duine istigh.”

Thosaíodar ag cuartú agus fuair siad an fear agus stróic siad ó chéile é.

“Anois,” a dúirt siad, “ní thiocfaidh tú níos mó ag tabhairt scéalta uainne.”

Nuair a chuala an fear a chaill na súile roimhe sin an scéal chuir sé paidir chun Dé a shábháil é agus bí na daoine ag fiafraí de cén fáth ar phioc sé na súile as agus dúirt sé gurb é féin ba chiontach.

Maighréad Ní Chonfhaile, a fuair an scéal seo ó Phádraic Ó Conghaile, Loch Conaortha, Maíros, Conamara, an 25 Samhain 1935.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is mairg a tharraingeodh rí na gcat air féin'