Págánach ab ea Crom Dubh agus chualamar gur thall i nGleann na hUamha a mhair sé. Nuair a bhí an séipéal beag atá thiar sa reilig á thógaint bhí sé an-mhór leis an sagart a bhí ag cur an tséipéil suas. Thug sé tarbh mór don sagart agus mórán málaí cruithneachta chun iad a mheilt agus arán a dhéanamh do na fir a bhí ag tógaint an tséipéil.
Ansin bhuail éad leis an sagart é, agus d’ordaigh sé don sagart é a dhíol as an tarbh a thug sé dó agus as a chuid arbhair. Dúirt an sagart leis teacht go ndíolfadh sé é agus mheas Crom Dubh go bhfaigheadh sé mórán airgid ach ní raibh aon airgead ag an sagart bocht le tabhairt dó. Fuair an sagart meá mhór agus scríobh sé an tÁibhé Máire ar bhlúire beag páipéir.
Chuir sé an páipéar isteach sa mheá mhór, agus Crom Dubh ag féachaint air agus bhuail sé an tarbh isteach ina dhiaidh agus bhuail sé na málaí arbhair in éineacht leis an tarbh agus níor chorraigh an mheá.
Nuair a chonaic Crom Dubh an sampla chaith sé é féin anuas ar an dá ghlúin agus d’umhlaigh sé go dtí an talamh agus lorg sé pardún ar Dhia agus ar an sagart agus ‘Domhnach Chrom Dubh’ an Domhnach deireanach d’Iúil ó shin, agus sin é an chiall gur glaodh Domhnach Chrom Dubh air.
Tugtar turas an teampaill. Deir siad ‘Creidim i nDia’ agus trí ‘Áibhé Máire’. Imíonn siad timpeall na reilige agus fad a bhíonn siad ag imeacht timpeall deir siad Coróin Mhuire agus déanann siad é sin trí huairibh agus ansin téann siad isteach sa seanséipéal agus deir siad Coróin Mhuire eile a bhaineann leis na mairbh.
Brighid Ní Loinsigh, Baile Uí Dhuinn, Co Chiarraí.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘…gus sin é an chiall gur glaodh Domhnach Chrom Dubh air’'