Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie agus Dúchas.ie comhthogra nua a fhógairt. Uair sa tseachtain as seo amach foilseofar mír amháin ó Bhailiúchán na Scol (1937-1939). Foilseofar íomhá den mhír féin in éindí le leagan caighdeánaithe den téacs ionas go mbeidh teacht ag ár léitheoirí ar fad ar na cuntais a scríobhadh

Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie

Cros Bhríde

Bhíos ag léamh mar gheall ar an mbrídeog, agus mar gheall ar Chros Bhríde.

Chonac na buachaillí go minic ag dul timpeall na háite, an oíche roimh Lá Fhéile Bríde leis an mbrídeog ach ag bailiú airgid a bhíodar chun oíche rince a bheith acu. Chonac na buachaillí gléasta suas chun nach n-aithneodh aoinne iad. Bhíodh an bhrídeog ag an gcaptaen agus thagaidís go léir isteach sa chistin agus dhéanaidís dreas rince. Ansin thógadh an captaen an t-airgead agus théidís go léir go dtí an chéad teach eile.

Bhíos ag ceistiú na mbuachaillí anseo, agus fuaireas an méid eolais seo thíos mar gheall ar an tslí go ndéantar an obair i Maol Lios.

Cúpla oíche roimh Lá Fhéile Bríde, bailíonn na buachaillí agus na cailíní i dteach feirmeora éigin agus déanann siad an bhrídeog agus Cros Bhríde leis. Bíonn an bhrídeog cosúil le babaí an-mhór. De thuí agus píosaí bioraigh (luachra) a dhéantar an chros. Oíche roimh Lá Fhéile Bríde, bailíonn siad sa teach céanna arís agus tógann ceann de na buachaillí an bhrídeog agus an Chros ceangailte uirthi in airde ar a ghualainn chlé agus amach an doras leo go léir agus téann siad timpeall an ghleanna ó theach go teach agus bíonn fáilte rompu i ngach teach.

Bíonn ceol agus rince acu i ngach aon teach agus ólann siad tae ag cuid de na tithe. Nuair a bhíonn an turas sin déanta acu téann siad ar ais go dtí an chéad teach agus fanann siad ansin ag rince go breacadh an lae. Ní bhailíonn siad aon airgead agus nuair a bhíonn deireadh leis an rince cuireann siad an Chros Bhríde in airde faoi dhíon an tí sa chistin agus coimeádtar ansin é. Coimeádtar crosanna Bríde i gcúpla teach sa ghleann agus ní thabharfaidís ceann acu d’aoinne mar bíonn meas mór acu orthu mar deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros. Fuaireas cros agus tá sí sa scoil agam anseo.

Bailitheoir: Dáithí Ó Léain, Lios Leadhbháin, Co. Chiarraí

Faisnéiseoir: Diarmaid Ó Léain, Lios Leadhbháin, Co. Chiarraí

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie'