Ó DHÚCHAS: Cois na tine fadó ní bhíodh aon ábhar eile cainte acu ach cleamhnaistí

Agus an cleamhnas déanta théadh an t-ógánach agus triúr nó ceathrar dá mhuintir go tigh an chailín agus bhíodh féasta beag acu. ‘Ag ithe an ghandail’ a bhídís a deirtí

Ó DHÚCHAS: Cois na tine fadó ní bhíodh aon ábhar eile cainte acu ach cleamhnaistí

An Domhnach tar éis na Nollag Beag a thosnaíonn an Inid, ‘Domhnach féach suas’ a tugtaí ar an nDomhnach san fadó. Aon chailín a bíodh chun pósadh fadó bhíodh culaith nua uirthi an Domhnach san agus tar éis Aifrinn bhíodh sí ag siúl tríd an phobal agus a máthair na diaidh aniar agus ‘Aibí’ aici á rá. Dá dteipfeadh uirthi cleamhnas a dhéanamh an bhliain sin is í an phaidir a beadh ag a máthair an bhliain ina dhiaidh sin ná ‘Críon-Aibí’.

Ní thógadh sé i bhfad cleamhnas a dhéanamh an uair sin. Is minic a thosnaíodh cleamhnas inniu agus gur pósadh an lánúin amárach, go háirithe dá mba Máirt Inide an lá amárach. Ní bíodh aon mhargaí á scríobh an uair sin agus is minic a caitheadh lánúin go raibh an feirm fágtha acu amach cúpla bliain ina dhiaidh sin toisc nár réitigh an bhean óg agus muintir a céile.

Stoc – beithígh dhortha – an spré a bíodh acu an uair sin agus is minic a chaithfí fanúint trí nó ceathair de bhlianta le cuid den spré go dtí go mbéarfaí agus go gcríonófaí na gamhna. An chéad airgead a tugadh mar spré i mBaile Mhúirne, ó deas go hUíbh Laoghaire a chuaigh sé. Céad punt a bí ann agus ba é caint na bparóistí é ar feadh i bhfad – an t-ualach mór airgid a fuair iníon Dhonnchadh Shíghle.

Cois na tine fadó ní bhíodh aon ábhar eile cainte acu ach cleamhnaistí. Bhíodh gach aoinne ag brath ar ‘oíche’ nó breis is ‘oíche’. Dá mbeadh sé de dhonas ar dhuine dearmad a dhéanamh is gan cuireadh chuig pósadh a thabhairt do dhuine gur cheart dó a iarraidh bheadh pus ar an duine sin chuige agus ní labhraíodh sé leis go ceann i bhfad. Seo cúpla véarsa a dhein fear a bí ag brath ar chuireadh agus ná fuair.

I
“A chomharsain chroí an trua libh mé?
An cuireadh seo bhí is ná fuaras-sa
Mo bhosca bhí líonta de thobac is de snaois
Agus airgead píobairí mórchuid ann
Agus a chomharsain chroí an trua libh mé?”
II
“Dá mbeadh agam caoirigh nó mórchuid stoic
Nó capaill chun daoine a d’fhuadach liom
Do gheobhainn dul ar an gcuibhreann cuideachtain grinn
Agus a chomharsain chroí an trua libh mé?”
Is baolach gurbh iad na daoine bochta is mó go ndúntaí súile orthu fadó.

Basadaeir [basadóir] a thugtaí ar an té a bhíodh ag déanamh an chleamhnais agus bhíodh mórán acu ann an uair sin gurbh é a ngnó bheith ag déanamh cleamhnas. Daoine ab ea iad go raibh dúil san ól acu agus é a fháil gan pioc. Nuair a bhíodh an cleamhnas déanta théadh an t-ógánach agus triúr nó ceathrar dá mhuintir go tigh an chailín óig oíche agus bhíodh féasta beag acu ann go dtí a deich a chlog nó mar sin. “Ag ithe an ghandail” a bhídís a deirtí.

Amhlaoibh Ó Loingsigh a bhí ag teagasc i Réidh na nDoirí, Maigh Chromtha, Contae Chorcaí a scríobh.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cois na tine fadó ní bhíodh aon ábhar eile cainte acu ach cleamhnaistí'