Ó DHÚCHAS… Bhíodh go leor piseoga faoi Lá Bealtaine…

Gach seachtain i gcomhar le Dúchas.ie bíonn ábhar againn ó Bhailiúchán na Scol. Inniu Lá Bealtaine, is é an chéad lá den samhradh atá faoi chaibidil againn, lá mór i bhféilire na nGael

Ó DHÚCHAS… Bhíodh go leor piseoga faoi Lá Bealtaine…

Bhí go leor pisreoga ann faoi Lá Bealtaine. Ní chuirtí amach aon bhainne chor ar bith an lá sin, dá gcuirtí ní bheadh an t-ádh ar na beithígh ar feadh na bliana aríst.

Oíche Bhealtaine chuirtí ruainne caorthainn os cionn an dorais ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga na daoine nó na beithígh leo. Chuirtí gad (féithleoige) ar láimh an cheaintín a mbíodh an leamhnacht ann Lá Bealtaine ar fhaitíos go dtabharfadh na sióga an bainne leo.
Bhíodh seanbhean ag gabháil thart fadó ag cruinniú ime Lá Bealtaine agus mura bhfaigheadh sí é, deireadh sí go dtabharfadh sí léi an t-im ar fad.

– Siobhán Ní Churraoin,
An Chloich Mhóir,
Conamara.
Óna hathair Maitiú (70bl) a fuair sí an t-eolas


Dá n-éireofá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dhá dtéifeá amach ar an tsráid agus breathnú i do thimpeall ní fheicfeá deatach as aon teach. Chuimhneofá ort féin go mbíonn pisreoga ag daoine inniu gan tine a chur síos go bhfeicfidh siad deatach as teach éigin eile mar dá mba thusa an chéad duine a chuirfeadh síos tine agus deatach a bheith as do shimléar ar an gcéad shimléar ar maidin, déarfadh na seandaoine nach mbeadh an t-ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach aon luaith an lá sin ach an oiread.

– Áine Ní Fhágharta,
Baile na hAbhann,
Conamara.
Ó Learaí Ó Biath a fuair sí an t-eolas

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… Bhíodh go leor piseoga faoi Lá Bealtaine…'