Ó DHÚCHAS: Bhí bodach Gallda ina chónaí i nGleann Cholm Cille…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Ní go maith a chuaigh an tsaint don bhodach in Árainn Mhór

Ó DHÚCHAS: Bhí bodach Gallda ina chónaí i nGleann Cholm Cille…

Chuir muintir Áranna Móire teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill, a bhí ina chónaí ar an Ghlaisigh a theacht ar cuairt ‘un oileáin chucu. Tháinig sé agus chaith sé coicís ann ina measc agus nuair a bhí sé ag gabháil go tír-mór ar ais chuir siad lasta báid de bhronntanais leis agus éadach ornáidithe faoina chosa sa bhád.

Bhí bodach Gallda ina chónaí i nGleann Cholm Cille arbh ainm dó an Captaen Muireachtaigh agus nuair a chuala sé an rath a bhí ar an Dálach smaointigh sé go bhféachadh sé fhéin a lámh fríd Árainn.
Chuaigh sé go hÁrainn agus d’fhan sé ann dhá oíche agus ar an tríú maidin d’iarr sé orthu bádóir a fháil a d’fhágfadh amuigh ar tír-mór é.

Chuimil an teach ósta go crua de ná bhí luach a mhuiníl le díol aige ar son an dá oíche a bhí sé ann.
Nuair a tháinig sé amach go hAilt an Chorráin an tríú lá labhair sé leis an bhádóir:

“An bhfuil cuimhne mhaith chinn agat?” arsa an bodach.
“Scread mhaidine, dhath contráilte le mo chuimhne,” arsa an bádóir.

“Bheir scéala uaim go hÁrainn annsoir Chlainn tSuibhne
Agus annsoir na hIarlaigh an mhórchuimhne.
Dá bhfaighinn amuigh ar tír mór iad
Go loiscfinn le fraoch iad go dtí an Bhrocaigh.”

“An bhfuil cuimhne mhaith chinn agat fhéin?” ars’ an bádóir.
“Scoth,” ars’ an bodach.
“Bhal,” ars’ an bádóir,
“Fásfaidh preátaí in Árainn agus eorna lom,

Ach ní gnách leo ’gcur i málaí gan chluas, gan cheann,
‘Mhac marlaigh tháinig aniar as gleann, Scéal cráite ort is gránna mar chuaigh tú i ngleann.”

Caitlín Ní Dhomhnaill ar Scoil Rann na Feirsde a thóg an seanchas seo óna seanathair Niall Ó Dónaill (82), Doire na Mainséar.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí bodach Gallda ina chónaí i nGleann Cholm Cille…'